Éileamh déanta nach rachfaí ar aghaidh le hardú táillí a chruthódh ‘teorainn airgeadais’ do mhúinteoirí Gaeilge

Tá ‘an-bhuaireamh go deo’ ar choiste náisiúnta An Gréasán faoin tionchar a bheadh ag ardú ar tháillí ar mhúinteoirí a bheadh ag iarraidh bogadh ón gcóras ó dheas chuig an gcóras ó thuaidh

Éileamh déanta nach rachfaí ar aghaidh le hardú táillí a chruthódh ‘teorainn airgeadais’ do mhúinteoirí Gaeilge

Tá imní léirithe ag eagraíocht do mhúinteoirí iarbhunscoile Gaeilge go gcuirfidh ardú “áiféiseach” atá le cur ar tháillí cláraithe bac ar earcú múinteoirí Gaeilge agus Gaelscoile. Tá iarrtha ag an An Gréasán nach rachfaí ar aghaidh leis an gcinneadh.

Dúradh go raibh “an-bhuaireamh go deo” ar choiste náisiúnta An Gréasán faoin tionchar a bheadh ag an ardú atá beartaithe ar na táillí a bhíonn le híoc ag múinteoirí ar mhian leo bogadh ón gcóras oideachais ó dheas chuig an gcóras ó thuaidh.

Tá sé tagtha chun solais go bhféadfadh ardú 1,000% a bheidh i gceist ar an táille atá le híoc ag múinteoirí a cháiligh taobh amuigh den Ríocht Aontaithe chun clárú le Comhairle Múinteoireachta Thuaisceart Éireann. Tá sé riachtanach clárú leis an gComhairle ionas go mbeadh cead teagaisc ag duine.

Meastar go n-ardófar an táille bhliantúil dóibh siúd a cháiligh sa ‘chuid eile den domhan’, múinteoirí a cháiligh ó dheas ina measc.

Ardú ó £44 in aghaidh na bliana go dtí £440 in aghaidh na bliana a d’fhéadfadh a bheith i gceist, dar le fianaise a tugadh ag cruinniú de Choiste Oideachais an Tionóil in Stormont le déanaí.

Deir An Gréasán gur chuig Gaelscoileanna agus sruthanna Gaeilge i scoileanna Béarla is mó a bheadh na múinteoirí seo ag bogadh aneas.

Mheas gach duine ar choiste náisiúnta na heagraíochta go gcruthódh an t-ardú “as cuimse” seo deacrachtaí airgeadais do mhúinteoirí agus go gcuirfeadh sé bac ar earcú múinteoirí Gaeilge, i nGaelscoileanna go áirithe.

Deir An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas, go bhfuil teagmháil déanta acu leis an gComhairle Múinteoireachta ó thuaidh agus a n-imní agus a míshástacht curtha in iúl go láidir acu. Tá sé iarrtha ag An Gréasán ar na húdaráis “an cinneadh díobhálach seo” a chur ar ceal láithreach.

Cinneadh an t-ardú seo ar an táille á chur i bhfeidhm mar nach mbeidh teacht ag an Chomhairle Múinteoireachta ar bhunachar sonraí slánchumhdaithe an Aontais Eorpaigh níos mó. Baineann an bunachar sin le baill an Aontais Eorpaigh amháin. Nuair a tháinig an Breatimeacht i bhfeidhm tugadh síneadh ama do Chomhairle Múinteoireachta an Tuaiscirt chun teacht ar réiteach ach tá deireadh ag teacht leis an tréimhse sin go luath.

“‘Is cuma ann nó as don Bhreatimeacht,’ a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Stiúrthóir Oideachais Gael Linn agus ball de choiste náisiúnta An Gréasán, “níl sé ceart ná cóir difear chomh suntasach a bheith sna táillí ar dhá chuid d’oileán chomh beag seo.”

“Is geall le teorainn airgeadais do mhúinteoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge, go áirithe, an t-ardú seo má chuirtear i bhfeidhm é.”

Dúirt Dessie Tennyson, múinteoir sinsearach i bhfeighil ar aonad in earnáil na Gaelscolaíochta i gcontae Thír Eoghain: “Tá sé deacair go leor múinteoirí a earcú in earnáil na Gaelscolaíochta agus níor chóir d’aon eagraíocht fás na Gaelscolaíochta a dhéanamh níos deacra le táillí míréasúnta.”

Fág freagra ar 'Éileamh déanta nach rachfaí ar aghaidh le hardú táillí a chruthódh ‘teorainn airgeadais’ do mhúinteoirí Gaeilge'