Éileamh déanta ar aire na Gaeltachta tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta

I litir atá scríofa chuig Aire na Gaeltachta Dara Calleary, deir BÁNÚ nach féidir a bheith ag brath ar na húdarás áitiúla chun fadhb na tithíochta sa nGaeltacht a leigheas

Éileamh déanta ar aire na Gaeltachta tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta

Deir an grúpa feachtais Bánú go gcaithfidh Aire na Gaeltachta gníomhú ar cheist na tithíochta má tá an Ghaeilge le tabhairt slán mar theanga phobail sna Gaeltachtaí.

I litir atá scríofa chuig Aire na Gaeltachta Dara Calleary, deir Bánú nach féidir a bheith ag brath ar na húdarás áitiúla chun fadhb na tithíochta sa nGaeltacht a leigheas agus go dteastaíonn gníomh díreach ón rialtas.

“Más ag brath ar an gComhairle Contae a bheas muid le teacht as an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, beidh muid ag fanacht,” a deirtear sa litir agus cruinniú leis an Aire á éileamh.

“Níl inmharthanacht na Gaeilge sna Gaeltachtaí mar thosaíocht ag na húdaráis áitiúla. Ach is é slánú na Gaeilge sa nGaeltacht an príomhdhualgas atá ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta, an dá eagras a thagann faoi do chúramsa agus, gan fiacail a chur ann, tá todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail á cur i mbaol sa bhfadtéarma, mura ndéanann Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta beartais a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.”

Deir Bánú go dtuigtear dóibh go bhfuil an tAire Calleary ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhb na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta ach gur “ceist pholaitiúil” atá ann an dtabharfar ról d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta, mar shampla.

Tá Bánú ag iarraidh go dtabharfaí cumhacht reachtúil don Údarás agus go gcuirfí dóthain acmhainní ar fáil le cur ar chumas an Údaráis gníomhú agus tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

Táthar freisin ag iarraidh go mbunódh Údarás na Gaeltachta fochomhlacht tithíochta a d’fhéadfadh aitheantas a fháil mar chomhlacht ceadaithe tithíochta.

Mar chuid den phlé ar Bhille Údarás na Gaeltachta le gairid, dhiúltaigh an tAire do mholadh go ndéanfaí comhlacht ceadaithe tithíochta den Údarás agus dúirt nach raibh an taithí ná na hacmhainní ag an Údarás chun cuid de na cumhachtaí a bhí molta ag an bhfreasúra a chur i bhfeidhm.

Dúirt Calleary an uair sin go raibh sé ag iarraidh casadh le bainistíocht an Údaráis chun fáil amach cén fáth nach bhfuil an eagraíocht ag baint úsáid as na cumhachtaí atá aici maidir le cúrsaí tithíochta.

Deir Bánú gur mhaith leo cruinniú a bheith acu leis an Aire chun moltaí atá acu maidir le cúrsaí tithíochta a phlé, ina measc go mbainfeadh an tAire féin úsáid as an gcumhacht atá aige scéimeanna a chur ar bun le cúnamh a thabhairt do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil nó a fheabhsú sa nGaeltacht.

Tá fiafraithe ag Tuairisc den Roinn an bhfuil sé i gceist ag an Aire bualadh le Bánú chun an scéal a phlé.

Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirfear 20% de na tithe i bhforbairt tithíochta sóisialta nua sa nGaeltacht ar fáil do chainteoirí Gaeilge.

Dheimhnigh Comhairle Chontae na Gaillimhe le gairid go raibh sé i gceist 40 teach a cheannach i bhforbairt nua i dTroscaigh Thiar i mBearna agus go gcuirfí na tithe ar fáil mar thithe sóisialta.

Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc, dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle go mbeidh coinníoll teanga i gceist le 20% de na tithe. Fágann sin gur ocht dteach a chuirfear ar leataobh do dhaoine a bhfuil “an cumas teanga cuí” sa nGaeilge acu.

Tá easpa tithíochta sóisialta agus inacmhainne ag cur leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, dar le mórán.

Dúirt an Chomhairle Contae cheana nach raibh ach roghanna teoranta aici maidir le forbairt tithíochta sóisialta i gConamara toisc nach raibh córais fuíolluisce a bheadh oiriúnach d’fhorbairtí móra ar fáil ach i mBearna, ar an Spidéal, i Maigh Cuilinn, in Uachtar Ard agus ar an gClochán.

Fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe tacaíocht ón Roinn Tithíochta chun an fhorbairt nua i mBearna a cheannach. Léirigh roinnt den phobal áitiúil míshástacht faoi phlean na Comhairle maidir leis an tithíocht shóisialta nua. Ag cruinniú poiblí an tseachtain seo caite, dúradh nach raibh an Chomhairle tar éis dul i dteagmháil le muintir na háite.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist suas le 20 teach eile a thógáil ar an suíomh ach níl sé sin deimhnithe ag an gComhairle.

Bhí conspóid ann anuraidh nuair a deimhnigh an Roinn Tithíochta do Tuairisc nach raibh aon tosaíocht le tabhairt do chainteoirí Gaeilge i scéim tithíochta eile i dTroscaigh Thiar i mBearna.

Dúradh go raibh airgead tugtha ag an aire tithíochta ag an am, Darragh O’Brien, don chéad fhorbairt tithíochta ar cíos de réir costais sa nGaeltacht riamh ach deimhníodh ansin nach mbeadh aon dualgas ann méid áirithe de na tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Dúirt an Roinn gur ar chrannchur a thugtar amach na tithe faoin scéim sin agus nach bhféadfaí tithe a chur ar leataobh do dhuine áirithe nó do ghrúpa áirithe.

€3 milliún de mhaoiniú a thug an Roinn don Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta, Tuath Housing, chun 14 teach ar cíos de réir costais a thógáil ar an suíomh sin.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ar aire na Gaeltachta tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta'