Deir Aire na Gaeltachta go bhfuil sé ag iarraidh labhairt le bainistíocht Údarás na Gaeltachta le fáil amach cén drogall atá ar an eagraíocht na cumhachtaí atá aici maidir le cúrsaí tithíochta a úsáid.
Dúirt an tAire Dara Calleary go raibh “cumhachtaí láidre” ag an Údarás “le beagnach 50 bliain” chun tabhairt faoi chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach nach léir dó go raibh úsáid á baint astu.
“Tá mé ag iarraidh fáil amach cén fhadhb atá ag an Údarás? Cén drogall atá ar an Údarás,” a dúirt an tAire. Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh aon locht a chur ar an Údarás ach go raibh sé ag iarraidh a fháil amach an easpa airgid, easpa taithí nó a leithéid a bhí ag cur as don eagraíocht.
Bhí an tAire Calleary ag labhairt le linn plé sa Dáil ar An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, reachtaíocht mholta ina bhfuiltear ag iarraidh cumhachtaí breise tithíochta a thabhairt don Údarás.
Deirtear sa mbille go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa nGaeltacht.
Tá an freasúra ag iarraidh go rachfaí níos faide ná sin agus go dtabharfaí cumhachtaí breise anuas air sin don eagraíocht ach níor ghéill an tAire Calleary dóibh maidir le haon cheann dá chuid leasuithe.
Dúirt Calleary go raibh sé ag iarraidh bualadh leis an Údarás chun tuairim a fháil maidir le céard a dhéanfadh an tÚdarás leis na cumhachtaí breise atá molta.
“Tá mé ag iarraidh cruinniú leis an Údarás chun tuiscint [a fháil] díreach ó bhainistíocht an Údaráis céard a thuigeann siad [faoi] na cumhachtaí atá acu ag an bpointe seo agus na cumhachtaí breise a bheidh acu as an mbille seo agus céard a bheidh siad in ann a dhéanamh leis na cumhachtaí breise sin,” a dúirt Calleary.
“Tá mé ag iarraidh a thuiscint cén fáth nach bhfuil siad ag baint úsáid as na cumhachtaí atá acu. Tá na cumhachtaí acu. Tá cumhachtaí láidre acu,” a dúirt sé.
Níor aontaigh an tAire le moladh de chuid Shinn Féin go ndéanfaí comhlacht ceadaithe tithíochta (AHB) den Údarás chun dul i ngleic le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach dúirt sé go bhféadfaí go mbeadh AHB Gaeltachta mar chuid den réiteach ar an scéal amach anseo.
Dúirt an tAire nach raibh an taithí ná na hacmhainní ag an Údarás chun cuid de na cumhachtaí a bhí molta ag an bhfreasúra a chur i bhfeidhm.
Idir an dá linn, dúirt an tAire Calleary go raibh sé tar éis scríobh chuig an Aire Tithíochta chun cruinniú a shocrú maidir leis na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht. Gealladh na treoirlínte ar dtús in 2021 ach tá gach sprioc atá leagtha síos ó shin maidir le cén uair a fhoilseofar iad caillte. Dúirt an tAire Calleary go raibh sé ag iarraidh freagra ar cén uair a fhoilseofar na treoirlínte.
Dúirt an tAire nach mbeadh an bille áirithe seo, arb í a phríomhsprioc toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, in ann gach fadhb maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a leigheas ach go raibh sé ag iarraidh struchtúr a chur i bhfeidhm go mbeifí in ann tógáil air.
Chomh maith leis na cruinnithe sin leis an Aire Tithíochta agus Údarás na Gaeltachta, dúirt an tAire go raibh sé sásta bualadh le grúpaí eile chun ceist na tithíochta a phlé ach nach gcuirfí moill ar achtú an bhille.
“Tá mé chun am a thógáil ach níl mé chun mórán ama a thógáil…tá mé ag iarraidh dul ar aghaidh leis seo,” a dúirt sé.
Maidir leis na leasuithe eile a pléadh sa Dáil aréir, níor ghlac an tAire le moladh go gcuirfí dualgas ar an Údarás, i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit eile, straitéisí maidir le cúrsaí tithíochta agus bonneagair a réiteach.
Dúirt an tAire go raibh imní air go gceapfadh na húdaráis áitiúla nach raibh dualgais orthu i leith na gceantar Gaeltachta agus nach raibh sé “féaráilte” gur faoin Údarás a bheadh sé gach fadhb sa nGaeltacht a réiteach.
Dhiúltaigh sé chomh maith do mholadh go reáchtálfaí cruinnithe míosúla bhord Údarás na Gaeltachta go poiblí. Dúirt sé go mbeadh “cúrsaí fiontair, cúrsaí trádála, cúrsaí an-phríobháideacha” i gceist agus nach bhféadfaí iad a phlé os comhair an phobail ná os comhair na meán.
Dúirt Conor D. McGuinness ó Shinn Féin nach raibh sé in ann cuimhneamh ar aon údarás eile sa tír nó ar domhan nach mbeadh cead ag daoine ionadaithe tofa poiblí a fheiceáil i mbun a gcuid oibre.
Dúirt an Teachta Dála do Phort Láirge gur mheas sé gur “rud dainséarach” a bhí ann go leagfaí síos córas ina gcaithfeadh duine vóta i dtoghchán ach nach mbeadh cead aige ansin léargas a fháil ar obair na mball tofa nó éisteacht lena mbeadh á rá acu.
Tarraingíodh anuas ceist na tithíochta arís i bplé ar leasú a mhol go mbeadh cead ag daoine nach bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht seasamh i dtoghchán an Údaráis.
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go raibh sé “íorónta” go raibh daoine le Gaeilge líofa á lorg chun seasamh sna toghcháin ach gur fhág an easpa tithíochta go raibh daoine óga “á gcoinneáil amach”
Dúirt Teachtaí Dála Shinn Féin, a mhol an leasú, gur fhág an riachtanas Gaeilge nach bhfaighfí iarrthóirí nach raibh aon suim acu sa teanga ach go mbeadh daoine maithe curtha as an áireamh toisc nach raibh siad in ann teach a fháil sa nGaeltacht.
Agus é ag diúltú don leasú, dúirt an tAire gur thuig sé go raibh sé deacair ag daoine teach a fháil sa nGaeltacht ach go mbeadh imní air dá dtabharfaí cead d’aon duine seasamh.
“Cén saghas ceangail a bheidh ag teastáil leis an nGaeltacht nó leis an nGaeilge?” a d’iarr sé. Dúirt sé go bhféadfaí iarrthóirí maithe nach raibh cónaí orthu sa nGaeltacht a cheapadh ar an mbord.
Léirigh Teachtaí Dála Shinn Féin míshástacht chomh maith nár ghlac an tAire leis na leasuithe a moladh sa seisiún deireanach sa Dáil. Moladh an uair sin gur bord iomlán tofa a bheadh i gceann an Údaráis.
Dúirt Pa Daly leis an Aire go raibh an baol ann go mbeadh an bord “truaillithe le do chuid cronies”.
Donncha O hEallaithe
Mar dhuine atá ag plé leis an gceist seo faoi láthar, ba bhreá liom a fháil amach ón Aire céard iad na cumhachtaí tithíochta atá ag Údarás na Gaeltachta, ‘le beagnach 50 bliain’ nach bhfuil á usáid ag an eagraíocht. Do réir mar a thuigim, nuair a bhí Éamon Ó Cuív ina Aire Gaeltachta, rialaigh an tArd Aighne sa bhliain 2002 NACH bhféadfadh an tÚdarás faoin reachtaíocht mar a bhí talamh atá ag an Údarás a usáid ar mhaithe le forbairt tithíochta. Agus sin é an bunchúis a theastódh Alt i mBille nua an Údaráis, le soiléiriú a thabhairt faoi chead a bheith ar Bhord an Údaráis dul ag plé le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht agus deireadh a chur leis an éiginnteacht seo atá ann ó 2002.
Níl a fhios agam ar labhair Dara Calleary faoin cumhacht reáchtúil atá aige mar Aire na Gaeltachta, faoi Alt 9(a) de Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú) 2001 ‘scéimeanna a dhéanamh chun deontais nó cúnamh airgeadais eile a sholáthar do dhuine faoi chomhair an chostais a ghabhann le teach cónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú….’.
Do réir mo eolais, níor baineadh aon usáid as an chumhacht reáchtúil tuas ó 2009, nuair a cuireadh na scéimeanna a bhí ann ó 1929 ar cheal, de bharr an géarchéim airgeadais.
Má tá an tAire Dara Calleary le ceist a chur ar an Údarás cén fáth nach bhfuil siad ag baint usáid as na cumhachtaí tithíochta a shamhlaítear dhó a bheith ag an Údarás, agus níor mhiste sin, ní mba dochar ar bith dhó ceist a chur ar na Ardfheidhmeannaigh ina Roinn féin, cén fáth nach bhfuil aon scéimeanna tithíochta faoi Acht na dTithe Gaeltachta á bhfeidhmiú faoi láthair le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, nuair atá scéimeanna deontais ceadaithe faoin reachtaíocht atá ann.
Dá mbeadh cead ag an Aire castáil le TINTEÁN nó BÁNÚ, d’fhéadfaí a mhíniú dhó go bhfuil a Roinn féin ag suí ar a lámha maidir leis na cumhachtaí tithíochta atá acu agus todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail á chur i mbaol, dá réir. Níor mhaith liom a cheapadh go bhfuil Dara Calleary, curtha cheana féin faoi smacht ag stáitsheirbhísigh, ar fearr leo gan obair breise a tharraingt sa mhullach ar an Roinn, in ainneoin na géarchéime!
Proinsias
Gach lá tá na céadta oibrithe ag taisteal ó chathair na Gaillimhe go Cois Fharraige. Níl Gaeilge ag furmhór na noibrithe seo in ainneoin iad do bheith ag obair i ngnólachtaí atá maoinithe ag deontais ó Údarás naGaeltachta.
Cén chaoi an mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann an Ghaeilge a chosaint in eastáit tithíochta nuair nach ndéanann siad é sin ag na h-ionaid oibre atá faoina scáth?
Seans maith go méadódh tionscadail tithíochta a bheadh á stiúrú ag UnaG ceannasacht an Bhéarla sna Gaeltachtaí.