Éileamh ar chúiteamh ag fear dóiteáin Gaeltachta as buille clogaid

Mhaígh fear dóiteáin i nGaoth Dobhair gur gortaíodh sa cheann é nuair a thit a chlogad amach as a thaisceadán

Éileamh ar chúiteamh ag fear dóiteáin Gaeltachta as buille clogaid

Rinne fear dóiteáin Gaeltachta éileamh ar chúiteamh ón gcomhairle contae mar gheall gur buaileadh sa cheann é nuair a thit a chlogad amach as a thaisceadán.

Mhaígh Cathal Mulligan, atá 60 bliain d’aois, gur gortaíodh sa cheann é nuair a thit an clogad amach as a thaisceadán i Stáisiún Dóiteáin Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.

Mhaígh Mulligan go mbíodh tinneas cinn ag cur isteach air i ndiaidh na heachtra ar an 6 Samhain 2013 agus nach bhféadfadh sé freastal ar chásanna éigeandála i ndiaidh na timpiste sin.

Bhí seantaithí ar obair mar fhear dóiteáin ag Mulligan ag an am agus breis is tríocha bliain caite aige mar fhear dóiteáin.

I stáisiún Ghaoth Dobhair amháin a d’oibrigh sé ó thosaigh sé amach mar fhear dóiteáin i 1987 agus d’fhreastail sé ar os cionn 360 glaoch éigeandála idir 2008 agus 2013.

I rith na mblianta fada a chaith sé leis an tseirbhís, ba í seo an t-aon timpiste a bhí aige lena chuid trealaimh.

Chomh maith leis an taithí go léir a bhí aige ar fhreastal ar ghlaonna éigeandála, bhíodh cúrsaí athoiliúna á ndéanamh aige gach coicís ina mbíodh a threalamh á úsáid aige.

Sa chás a thóg sé in aghaidh Chomhairle Chontae Dhún na nGall bhí cúiteamh €5,000 á lorg aige as ioncam a chailliúint agus as damáiste sláinte agus síceolaíochta de bharr an bhuille den chlogad.

Dúradh sa chúirt gur lean Mulligan lena chuid oibre an oíche ar bhuail a chlogad sa cheann é.

Mhaígh sé, áfach, go mbíodh tinneas cinn agus imní air i ndiaidh na timpiste agus gur ardaigh ráta a chroí.

Dúradh gur tharla rith fola ar a inchinn i ndiaidh eachtra eile roimhe sin nár bhain le heachtra an chlogaid agus gurbh amhlaidh go raibh faitíos air go dtarlódh a leithéid arís de bharr na timpiste.

D’fhill sé ar chuid oibre mar fhear dóiteáin ar feadh tamall gearr tar éis na timpiste.

Mhaígh sé, áfach, nár lig an imní agus an tinneas cinn dó filleadh ar a chuid oibre páirtaimseartha sa stáisiún ina dhiaidh sin.
Mhaígh sé i gCúirt Chuarda Shibhialta Leitir Ceannain go raibh Comhairle Chontae Dhún na nGall siléigeach ina gcuid socruithe sábháilteachta sa stáisiún dóiteáin i nGaoth Dobhair.

Shéan an Chomhairle, a ndearna an t-abhcóide James O’Donnell ionadaíocht orthu, an méid sin.

Mhaígh an Chomhairle gur faoin bhfear dóiteáin féin a bhí sé a éide agus a chlogad féin a stóráil agus a choinneáil i gceart.

I ndiaidh dó an cás a éisteacht chaith an Breitheamh Seán Ó Donnabháin amach an t-éileamh ar chúiteamh as díobháil phearsanta.

Fág freagra ar 'Éileamh ar chúiteamh ag fear dóiteáin Gaeltachta as buille clogaid'