Éigse na Bruiséile le reáchtáil den chéad uair riamh

Léireofar ag an gcéad Éigse na Bruiséile radharc ó dhráma nuascríofa i ndilchuimhne ar Éabha Rosenstock a bhásaigh le déanaí

Éigse na Bruiséile le reáchtáil den chéad uair riamh

Den chéad uair riamh, beidh Éigse na Bruiséile, féile lán-Ghaeilge, ar siúl sa mBruiséil an deireadh seachtaine beag seo.

Deir lucht eagraithe na féile gur féile phobail í Éigse na Bruiséile a cuireadh ar bun chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus “ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge i bpríomhchathair ilteangach na Beilge”.

“Is mian linn cur le cultúr na teanga cois Zenne agus léargas a thabhairt do mhuintir na hEorpa ar bheocht phobal na Gaeilge anseo agus in Éirinn,” ar siad.

Seo an chéad bhliain ag an Éigse agus tá sí á reáchtáil gan aon mhaoiniú a fháil.

Cuirfear tús leis an bhféile ar an Aoine le léacht oscailte na hÉigse in Ambasáid na hÉireann, léacht a thabharfaidh an tOllamh Emeritus Mícheál Mac Craith. Is é Tomaí Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe na féile, a bheidh mar Fhear an Tí ar an oíche.

Leanfaidh seisiún na hAoine an léacht sin le ceol agus amhráin ó Claire Nic Ruairí, Ciarán Ó Ceallaigh agus Seán Ó Gallchobhair.

Tosóidh imeachtaí an tSathairn ag a 11 ar maidin le cuairt ar an mbailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú Céad, i Leabharlann Ríoga na Beilge.

Tráthnóna Dé Sathairn reáchtálfar ócáid liteartha le Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson, agus iad ag plé Fontenoy, ón gcath féin go dtí úrscéal Mhic Cóil faoin teideal céanna.

Léireofar radharc ó dhráma nuascríofa le Rua Breathnach ina dhiaidh sin, i ndilchuimhne ar Éabha Rosenstock a bhásaigh le déanaí.

Beidh ceolchoirm ar siúl oíche Dé Sathairn leis na ceoltóirí agus amhránaithe Doimnic Mac Giolla Bhríde, Frances Morton, Raphael De Cock agus Liam Ó Ceallaigh.

Beidh seoladh leabhair na hÉigse ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh. An leabhar nua ón Dr Pádraig Ó Laighin, Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht a sheolfar ag an ócáid. Cuirfear críoch leis an Éigse níos deireanaí sa lá le seisiún ceoil le ceoltóirí áitiúla na Bruiséile.

Deir Tomaí Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe Éigse na Bruiséile agus aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach, go mbíonn imeachtaí Gaeilge ar siúl sa chathair ó am go chéile.

“Bhí ócáid liteartha agus oíche amhránaíochta ann le linn Sheachtain na Féile Pádraig mar shampla – ach tá an domhan i ndiaidh oscailt arís i ndiaidh an choróinvíris, tá blas an tsamhraidh san aer agus shíl muid go raibh sé thar am féile bheag a chur ar bun i bpríomhchathair ilteangach na Beilge,” ar sé.

“Bhí muid rófhada cuachta sna tithe agus sna hárasáin, mar sin leis an Éigse beidh deis ag daoine teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge sa Bhruiséil. Cuirfidh na himeachtaí éagsúla le cultúr na teanga ‘cois Zenne’ agus tabharfaidh siad léargas do mhuintir na hEorpa ar bheocht phobal na Gaeilge anseo agus sa bhaile.”

Deir Tomaí Ó Conghaile go bhfuil méadú nach beag i ndiaidh teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil le dornán blianta anuas.

“Tá isteach is amach le 200 duine ag obair trí mheán na teanga anseo anois agus ar ndóigh tá daoine eile ann a bhfuil an teanga acu nó a chuireann spéis mhór inti,” ar sé. “Is iomaí duine cruthaitheach inár measc – scríbhneoirí, ceoltóirí, dearthóirí, amhránaithe, drámadóirí – agus beidh go leor acusan páirteach san Éigse.”

Deir sé go bhfuil suim ar leith á cur sa dearadh atá curtha le chéile le haghaidh na hÉigse – meascán tarraingteach d’art nouveau agus ealaín Cheilteach.

“Is duine eile de phobal Gaeilge na Bruiséile agus bean a mbeidh aithne mhór ag lucht Twitter uirthi, an t-ealaíontóir Selkies, a dhear é go speisialta don ócáid,” a deir Tomaí Ó Conghaile.

“Tá muid uilig ag tnúth go mór leis an Éigse agus tá súil againn gur tús traidisiúin nua i saol Gaeilge na Bruiséile a bheidh ann,” ar sé.

Costas €30 atá ar thicéid na hÉigse agus tabharfaidh an ticéad sin cead isteach duit chuig imeachtaí uile na hÉigse. Tá an chuairt ar an Leabharlann Ríoga Dé Sathairn lán anois. Tá gach imeacht eile oscailte do chách.Tá gach eolas faoin Éigse ar fáil ar www.eigse.be

Fág freagra ar 'Éigse na Bruiséile le reáchtáil den chéad uair riamh'