Bhí a fhios againn ar fad taca an ama seo anuraidh go raibh bliain mhór toghchánaíochta romhainn – tá na toghcháin tagtha agus imithe anois agus is í an cheist, in Éirinn ar aon nós, céard atá athraithe. Tá an dá mhórpháirtí céanna ag fáil faoi réir le dul i rialtas le chéile agus daoine amhrasach an mbeidh siad in ann na fadhbanna córasacha atá againn a leigheas.
Má bhreathnaíonn muid ar an méid atá tarlaithe ar mhór-roinn na hEorpa agus sna Stát Aontaithe is féidir éiginnteacht agus corraíl a bhrath ach anseo againn féin roghnaigh an pobal an bhuanseasmhacht agus soiléire.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an daonlathas sa tír slán sábháilte. Tá sé le rá fúinn anois go bhfuil muid ar an gcúigiú tír déag is buaine ar domhan ó thaobh an daonlathais de. Tá an Ghearmáin agus an Fhrainc trína chéile agus beidh buanú a gcóras polaitiúil sa dá mhórchumhacht Eorpacha ina dhúshlán ag na tíortha sin sa mbliain seo romhainn agus freisin ag an Eoraip trí chéile. Nuair a bhíonn fadhbanna sa bhFrainc agus sa nGearmáin bíonn an Eoraip ar fad ar leathchois.
Caithfidh an Eoraip aghaidh a thabhairt freisin ar chúrsaí sa Rómáin, sa tSeoirsia, sa Mholdáiv agus san Úcráin. Ní léir go bhfuil an tAontas sa riocht gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar bhallraíocht an eagrais. Níl amhras ach go mbeadh conradh nua ag teastáil le socruithe praiticiúla vótála agus eagrúcháin a chur le chéile agus thógfadh a leithéid na blianta. Sin gan trácht ar chor ar bith ar atheagar a dhéanamh ar na hinstitiúidí, an Coimisiún agus an Pharlaimint, go háirithe.
Ní hin le rá nach mbeidh ceisteanna móra romhainn as seo go ceann bliana agus muid ag faire ar an tionchar a bheidh ag cúrsaí idirnáisiúnta orainn anseo sa mbaile. Insealbhófar Donald Trump le seal eile a chaitheamh sa Teach Bán ar an 20 Eanáir agus ina dhiaidh sin a gheobhaidh muid amach go cruinn cén plean atá aige do chúrsaí eacnamaíochta agus cánach agus an tionchar a bheidh aige sin ar fad orainne.
Tá scéal mór déanta de chomh folláin agus atá an eacnamaíocht anseo le seal anois – farasbarr sa státchiste, lánfhostaíocht agus deiseanna le hairgead a choigilt nó infheistíocht a dhéanamh sna háiteanna a bhfuil sí ag teastáil ar nós bóithre, seirbhísí uisce agus arís eile, tithíocht.
Faoi láthair, tá muid san idirthréimhse tar éis olltoghcháin ach is cinnte gurb iad an dá mhórpháirtí céanna a bheidh i bhfeighil an rialtais sna blianta seo romhainn. Bheadh súil agam go gcuirfidh an chorraíl idirnáisiúnta agus an éiginnteacht leis an deifir rialtas a bhunú agus guaim a bheith leis an gcaiteachas ar fad atá geallta. Ní theastaíonn uainn a bheith fágtha ag fanacht ar feadh ráithe nó níos mó mar a bhí cúig bliana ó shin.
Beidh muid ag iarraidh go mbeidh clár rialtais aontaithe go maith roimh Lá’l Pádraig don chuairt bhliantúil ar an Teach Bán. Beidh muid freisin ag iarraidh go mbeidh cás soiléir réitithe againn le cur in iúl do na húdaráis nua thall nár cheart eacnamaíocht na tíre seo a chur as a riocht lena gcuid polasaithe eacnamaíochta.
Ainneoin muid a bheith socair inár n-intinn go bhfuil neart pingineacha sa sparán, tá seirbhísí go leor a theastódh a fheabhsú sa tír seo. Má leanann an éiginnteacht pholaitiúil atá ar fud na hEorpa agus má fhógraítear rud éigin gan choinne i Meiriceá, beidh ar ár rialtas nua a bheith faoi réir le gníomhú gan mhoill beag beann ar aon teannas eatarthu féin ná aon bhrú ó chúlbhinseoirí le bród na bpáirtithe a dhearbhú.
Cuir san áireamh go mbeidh olltoghchán sa Ghearmáin san earrach agus go bhfuil fadhbanna móra sa bhFrainc, gan trácht ar rialtas nua an Lucht Oibre sa mBreatain a bheith ag snámh in aghaidh easa le gach polasaí a ndéanann siad iarracht a chur i bhfeidhm, is maith an seans go mbeidh an domhan ar fad corrach go maith in 2025.
Fág freagra ar 'Éiginnteacht pholaitiúil ar fud an domhain ach buanseasmhacht roghnaithe ag muintir na hÉireann'