Éigeandáil, eipidéim – céard le déanamh faoi mharú ban?

Tá tálach ar an gcolúnaí seo ag scríobh faoin scrios a dhéanann fuath ban

Éigeandáil, eipidéim – céard le déanamh faoi mharú ban?

Bhí Sarah Montgomery 27 bliain d’aois, beirt pháistí aici agus í ag súil leis an tríú duine i mí Lúnasa. Marú dúbailte a thug cuid de na comharsana ar a bás ina hárasán ar shráid chiúin i nDomhnach Daoi, Contae an Dúin .

Frítheadh í gortaithe, gan aithne gan urlabhra sa bhaile Dé Sathairn. Ní raibh na seirbhísí éigeandála in ann í a tharrtháil. D’fhógair an PSNI fiosrú dúnmharaithe faoin eachtra a bhain croitheadh as muintir an bhaile agus pobal an Tuaiscirt fré chéile. Bhí aithne ag Sarah Montgomery ar an té a ghabh na póilíní.

Bhí aithne mhór ar an mháthair óg a tógadh i nDomhnach Daoi mar a bhfuil go leor dá muintir ina gcónaí, teaghlach a bhfuil ardmheas orthu. Bhí sí gníomhach i measc phobal na bunscoile a bhfuil a páistí ag freastal uirthi. Bhailíodh sí airgead don bhád tarrthála agus bhí focal aici do chuile dhuine a dúradh. Ar an drochuair tá seantaithí ar mharú ban i dTuaisceart Éireann. Ba í Sarah Montgomery an 27ú bean a maraíodh le cúig bliana anuas, a bhformhór mór ina dteach féin mar a tharla sa gcás seo.

Ní féidir sonraí na heachtra a phlé de bharr cúrsaí dlí ach músclaíodh saincheisteanna arís eile faoi bhealaí chun deireadh a chur le foréigean frithfheimineach atá rábach abhus. Áirítear gurb é Tuaisceart Éireann an darna háit is contúirtí san Eoraip do mhná agus cailíní. Eipidéim a thug an Chéad-Aire, Michelle O’Neill ar fheimeamharú is an Tionól in Stormont ag cur comhbhrón na dTeachtaí in iúl do theaghlach Sarah. Bhí na páirtithe go léir ar aon intinn, iad meáite de go bhfuil práinn le leigheas ar chancar an fhoréigin in aghaidh na mban agus chailíní.

Fadhb ollmhór sa tsochaí is ea é. Tá tálach ar an gcolúnaí seo ag scríobh faoin scrios a dhéanann fuath ban. Ní raibh oiread cainte ariamh faoin bplá is a bhí le bliain nó dhó, straitéis ina aghaidh ag Stormont, ag an PSNI, ag eagraíochtaí spóirt, carthanachtaí agus ceardchumainn. Tá dlíthe chun déileáil leis neartaithe freisin. Mar sin féin leanann an t-imeaglú, bulaíocht, smachtú comhéigneach, batráil agus sna cásanna is measa -marú.

Céard is féidir a dhéanamh chun a dhul i ngleic leis an uafás? Is maith ann na straitéisí agus ní mór gach iarracht a dhéanamh chun iad a fheidhmiú agus a leathnú. Éilíonn go leor go ndeinfí comhordú níos fearr ar straitéisí ar dhá thaobh na teorann. Tá 61 bean maraithe ar an oileán le cúig bliana; líon i bhfad ró-ard ar chaon taobh den teorainn.

Faigheann an PSNI tuairisc gach 16 nóiméad faoi íde sa bhaile, na Gardaí mar a chéile. Maíonn feachtasóirí gur chabhair mhór a bheadh ann dá bhféadfadh mná agus páistí atá ag fulaingt foréigin tacaíocht oifigiúil a fháil ar an taobh eile den teorainn. Is féidir é a dhéanamh leis an bpas saorthaistil d’aosaigh; ba cheart gurbh fhéidir é a dhéanamh do dhaoine i gcontúirt – sin éigeandáil. Is minic nach mbíonn an dara rogha ag daoine ach fanacht san áit a bhfuil cos ar bolg á déanamh orthu d’uireasa tearmainn.

Cor nua sa scéal is ea an éifeacht scanrúil a bhíonn ag roinnt “tionchairí” le bréagtheagasc ar líne faoi cad is fearúlacht ann. D’uireasa smachtú na dtionchairí sin nó na meáin shóisialta agus a n-úinéirí beidh sé fíordheacair daoine goilliúnacha a iompú uathu. Dúshlán idirnáisiúnta do rialtaisí an nimh a bhaint as na meáin sin.

Baineann na straitéisí leis an réimse poiblí den chuid is mó ach tá obair mhór le déanamh sa teaghlach. Tá a fhios ó eagraíochtaí ar nós Women’s Aid a labhraíonn le daoine óga i scoileanna gur minic é rómhall mura dtarlaíonn an comhrá go dtí an mheánscoil – aois a 12. Tá a fhios freisin go n-iompraítear an drochnós chomh maith leis an dea-nós ó ghlúin go glúin de ghnáth. Conas a bhrisfear an fáinne fí? Oideachas, oideachas, oideachas mar a dúirt an té a dúirt ach ní ribín réidh é.

Fág freagra ar 'Éigeandáil, eipidéim – céard le déanamh faoi mharú ban?'