Easpa Gardaí le Gaeilge líofa sa Ghaeltacht le bheith mar ábhar tuairisce do Thithe an Oireachtais – An Coimisinéir Teanga

Tá níos mó ná leath na nGardaí nua a earcaíodh agus Gaeilge líofa acu curtha ar dualgas lasmuigh den Ghaeltacht

Easpa Gardaí le Gaeilge líofa sa Ghaeltacht le bheith mar ábhar tuairisce do Thithe an Oireachtais – An Coimisinéir Teanga

Tá leid láidir tugtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur beag rogha eile atá aige ach tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena rá go bhfuil sárú á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Níl Gaeilge líofa ach ag leath na nGardaí, 51 duine as 99, atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta de réir an eolais is deireanaí atá curtha ar fáil i dTuarascáil Faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2019 a foilsíodh inniu.

Bhí geallta ag údaráis an Gharda Síochána go rachfaí i ngleic le heaspa líofachta Gaeilge na nGardaí sa Ghaeltacht naoi mbliana ó shin agus deir Rónán Ó Domhnaill gur “bocht an scéal” toradh na hiarrachta sin.

Sa bhliain 2011 fuair an Coimisinéir Teanga gearán faoina laghad Gardaí le Gaeilge líofa a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus chinn se go raibh an dlí á shárú ag bainistíocht an Gharda Síochána.

Faoi fho-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht “a mhéad is atá sin indéanta”.

Socraíodh ag an am sin córas nua earcaíochta a bhunú lena chinntiú go mbeidh Gardaí le cumas maith teanga ar fáil do cheantair Ghaeltachta na tíre.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie gur earcaíodh 58 Garda nua le Gaeilge líofa ó shin faoin gcóras nua ach tá níos mó ná leath na nGardaí nua sin curtha i mbun oibre lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 23 de na hearcaigh nua lonnaithe sa Ghaeltacht nó i gceantair atá ag freastal ar an Ghaeltacht ach is i gceantair lasmuigh de sin atá 35 de na Gardaí nua a bhfuil Gaeilge líofa acu lonnaithe.

Aontaíodh nuair a bunaíodh an córas nua earcaíochta do Ghardaí le Gaeilge go dteastódh “achar réasúnta ama” le dul i ngleic leis an fhadhb a bhí ann. Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur “dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite” ó rinneadh moltaí faoin ábhar sa bhliain 2011.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “cosúil go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheidh ar an easpa dul chun cinn seo ná tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais”.

Fág freagra ar 'Easpa Gardaí le Gaeilge líofa sa Ghaeltacht le bheith mar ábhar tuairisce do Thithe an Oireachtais – An Coimisinéir Teanga'