Éamon Ó Cuív ina aire tuaithe agus Mairéad Farrell ina haire Gaeltachta?

An rachaidh Fianna Fáil i gcomhar arís le Fine Gael nó an mbeidh siad sásta go leor a bheith páirteach le Sinn Féin? 

Éamon Ó Cuív ina aire tuaithe agus Mairéad Farrell ina haire Gaeltachta?

An bhfuil Fianna Fáil ar an dé deiridh? An bhfuil siad ar an bhfaraor géar? An bhfuil siad i ndeireadh na preibe? An bhfuil a rás rite?

Tá cuid de na Tráchtairí Móra ag teacht ar an tuairim go bhfuil. Ní tuar é a thaitníonn leo. Déarfaidís go bhfuil contúirt ann don tseasmhacht pholaitíochta agus eacnamaíochta.

Ní insíonn siad dúinn gurb éard a chiallaíonn an tseasmhacht seo le fírinne an ceangal dlúth atá idir lucht an rachmais agus an stát. 

Ní mhíníonn siad gur ionann an tseasmhacht agus daoine óga a bheith sáinnithe sa mbaile in éineacht lena gcuid tuismitheoirí agus gan deis acu teach dá gcuid féin a cheannacht ná a thógáil. 

Ní thagraíonn siad don chóras míchothrom leighis.

Fiú amháin nuair a thosaigh daoine ag fáil na vacsaíne in aghaidh an víris roimh dhaoine eile ba cheannach leo a rá gur “ceist chasta” a bhí inti.

Bhí muinín ag na Tráchtairí Móra i gcónaí go gcoinneodh Fianna Fáil cúrsaí seasmhach. Ba mhó fós an dóchas a bhí acu as Fine Gael.

Bíodh is go raibh beagáinín amhrais ag cuid acu faoi Fhianna Fáil deiridís i gcónaí gur dream ábalta a bhí iontu a choinneodh an córas eacnamaíochta ar an mbóthar ceart.  Choinnigh siad ar an mbóthar a thaitin leis na Tráchtairí Móra é ach bóthar le fána aille a bhí ann nuair a scrios Fianna Fáil an eacnamaíocht sa mbliain 2011.

Má fhéachtar ar stair Fhianna Fáil caithfear a admháil go ndearna siad leas ar bhealaí go leor. Choinnigh De Valera as an Dara Cogadh Domhanda muid. 

Ach inniu tá Fianna Fáil patuar faoi neodracht na hÉireann. 

Níl locht ar bith acu ar lón cogaidh a bheith á thabhairt trí Aerfort na Sionainne le daoine a mharú ar fud an domhain. 

Thóg Fianna Fáil neart tithe sna tríochaidí. Inniu is iad na forbróirí móra agus na tiarnaí talún is mó is cás leo.

Ná déanadh muid dearmad go deo ar an leas a rinne Donncha Ó Máille nuair a thug sé an saoroideachas isteach. 

Fiú amháin Charlie Haughey má bhí cáil an lúbaire féin air rinne sé gníomhartha fónta lena linn. Mura ndéanfadh sé ach taisteal in aisce a thabhairt do na pinsinéirí ba mhór an ní é. 

Cén t-iontas go raibh pinsinéirí ar na sráideanna le linn a shochraide agus an pas taistil ina nglaic acu le hómós dó?

Tharlódh sé nach mórán suíochán Dála a bheadh ag Fianna Fáil tar éis an chéad olltoghcháin eile. Mar a dúirt Willie O’Dea le gairid, d’fhéadfadh sé nach mbeadh iontu ach pludgharda do pháirtí eile.

Sín é an t-am a dtosóidh an gleadhradh i gceart faoin gcinneadh a dhéanfaidís ansin. An rachaidh siad i gcomhar aríst le Fine Gael nó an mbeidh siad sásta go leor a bheith páirteach le Sinn Féin an iarraidh seo? 

D’fhéadfadh sé go mbeadh a dhá oiread Teachtaí Dála ag Sinn Féin ag an am. 

Mary Lou Mc Donald ina Taoiseach agus óglaigh Fhianna Fáil á coinneáil i gcumhacht! Socrú a bheadh ann a chuirfeadh cantal an domhain ar dhaoine áirithe i bhFianna Fáil.

Ní bheadh Éamon Ó Cuív ar dhuine acu; níl consaeit ar bith aigesean le Sinn Féin. Is fadó ráite aige go dtiocfaidh an lá a mbeidh Fianna Fáil agus Sinn Féin i gcomhrialtas.

Má tharlaíonn sé beidh Éamon Ó Cuív ina Aire aríst. Beidh Micheál Martin curtha ar féarach buan go Corcaigh agus meon nua i bpáirtí De Valera. 

Éamon Ó Cuív ina aire tuaithe agus Mairéad Farrell ina haire Gaeltachta? Ní drochshocrú a bheadh ann.

Ach an seasfaidh Éamon Ó Cuív sa gcéad toghchán eile ar chor ar bith? Tá súil agam go seasfaidh. Fear é a oibríonn go crua agus tá an tsláinte go maith aige.

Cuimhnigh go raibh a sheanathair Dev 90 bliain d’aois nuair a d’éirigh sé as a bheith ina Uachtarán ar Éirinn. 

Fág freagra ar 'Éamon Ó Cuív ina aire tuaithe agus Mairéad Farrell ina haire Gaeltachta?'