Ealaíona béil na Gaeilge ró-scoite amach agus bunaithe rómhór ar chomórtais – tuarascáil

Déantar cur síos i dtuarascáil taighde nua ar chuid de na laigí atá in ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge amhail an amhránaíocht, an scéalaíocht, na lúibíní agus na hagallaimh bheirte

Ealaíona béil na Gaeilge ró-scoite amach agus bunaithe rómhór ar chomórtais – tuarascáil

Tá “deiseanna á gcailliúint” ag na healaíona ó bhéal i nGaeilge mar gheall ar easpa struchtúir agus straitéise agus mar gheall ar iad a bheith róscoite amach agus bunaithe rómhór ar chomórtais, a deirtear i dtuarascáil taighde nuafhoilsithe.

Déantar cur síos sa tuarascáil, ar chuid de na laigí a bhaineann le healaíona teangabhunaithe na Gaeilge, amhail an drámaíocht, an amhránaíocht, an scéalaíocht, na lúibíní agus na hagallaimh bheirte.

Deirtear sa tuarascáil, atá ina bunús le straitéis náisiúnta nua atá le seoladh go luath, go bhfuil “easpa pleanála straitéise i gceist le tromlach na n-eagras a bhfuil feidhm ar leith acu maidir le healaíona teangabhunaithe na Gaeilge”.

Deirtear gur minic go dtagann “aidhmeanna, cleachtas agus físeanna” na n-eagraíochtaí sin salach “ar thosaíochtaí chláir agus bheartais náisiúnta an Rialtais”.

Sampla de sin, a deirtear, ná nach bhfuil aon pholasaí straitéiseach ag Foras na Gaeilge do na healaíona cruthaitheacha agus teangabhunaithe.

Maítear freisin go mbíonn rócheangal idir na healaíona ó bhéal agus comórtais phríomhfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna.

Fágann sin nach mbíonn an bhéim chéanna in ealaíona na Gaeilge is a bhíonn i réimse an Bhéarla “ar bhuntábhacht na n-ealaíon maidir le rannpháirtíocht, folláine, ionchuimsiú pobail agus nua-phobal”.

Tarraingítear aird sa tuarascáil, a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta agus a rinne meitheal taighde as Coláiste Mhuire gan Smál agus Ollscoil Luimnigh, ar fhadhbanna struchtúrtha agus cumarsáide, a mhaítear atá ag cur as d’fhorbairt na n-ealaíon Gaeilge.

“Faoi láthair tá deiseanna á gcailliúint agus níltear ag roinnt eolais faoi dheiseanna agus dea-chleachtas mar gheall ar nádúr scaipthe na hearnála trí chéile,” a deir údair na tuarascála.

Deir siad go bhfuil “géarghá” ag na heagrais atá ag plé leis na healaíona teangabhunaithe le “saineolas earnálach”.

“Ba ghá pleanáil straitéiseach agus fhadtréimhseach a chinntiú in eagrais ealaíona, tacaíochta agus eagrais Ghaeilge ag gach leibhéal, rud nach bhfuil ar siúl sna heagrais ar fad faoi láthair.”

Maítear go bhfuil gá freisin le “soiléiriú” maidir leis na freagrachtaí i leith na n-ealaíon atá ar eagrais Ghaeilge agus go bhfuil an baol ann go mbíonn “fís theoranta” sa treis a fhágann nach ndéantar freastal ach ar cheantair Ghaeltachta, Gaelscoileanna agus líonraí Gaeilge.

Deirtear chomh maith go bhfágann “conairí maoinithe agus cumarsáide” áirithe go mbíonn eagrais Ghaeilge agus lucht na n-ealaíon féin “scoite amach ó shaineolas earnálach”.

B’fhiú, a mholtar, “comhpháirtíocht agus cumarsáid níos leanúnaí a chothú idir na heagraíochtaí ealaíne, oideachais, traenála agus tacaíochta go léir a mbíonn feidhm acu sna healaíona teangabhunaithe Gaeilge”.

Deirtear chomh maith gur gá níos mó deiseanna oiliúna a chur ar fáil do lucht na n-ealaíon teangabhunaithe.

Deir údair na tuarascála taighde go bhfuilborradh” faoin amhránaíocht “a lucht éisteachta ag fás agus fiú fearainn nua á mbaint amach ag amhránaíocht na Gaeilge go hidirnáisiúnta, agus ar na hardáin dhigiteacha”.

Deirtear, áfach, go bhfágann an bhéim ar chomórtais an Oireachtais nach ndéantar forbairt mar is cóir ar réimsí áirithe den amhránaíocht amhail na hamhráin oibre agus suantraithe.

Maidir leis an scéalaíocht, deirtear go bhfuil borradh fúithi sa Bhéarla in Éirinn ach nach ionann cás na scéalaíochta Gaeilge “a mhaireann den chuid is mó i bhfearann an chomórtais”.

“Tá féidearthachtaí agus deiseanna iomadúla ann fís agus cleachtais a leathnú amach le go gcomhlíonfaidh an scéalaíocht feidhmeanna níos leithne sa tsochaí, an ionchuimsitheacht shóisialta agus saibhriú réimeanna teanga san áireamh,” a deirtear.

Deir údair na tuarascála go bhfuil traidisiún na lúibíní agus na n-agallamh beirte láidir go fóill i gceantair áirithe Gaeltachta. Ach deirtear go mbíonn an bhéim sna healaíona seo “ar dhaoine óga a ullmhú d’fhéile an Oireachtais” agus gur leis na comórtais ardáin ag Féile an Oireachtais “is mó a shamhlaítear” na hagallaimh bheirte agus na lúibíní.

De réir na tuarascála tá roinnt dúshlán roimh an fhilíocht ó bhéal sa Ghaeilge.

Trí Bhéarla “go príomha” atá “an t-infreastruchtúr” a thacaíonn leis an bhfilíocht ó bhéal in Éirinn, a deirtear.

Deirtear nach bhfuil aon chomórtas don bhfilíocht labhartha chomhaimseartha ná don rap i nGaeilge ag Oireachtas na Samhna agus nach dtugtar dóthain airde uirthi sna scéimeanna a bhíonn ag eagrais Ghaeilge.

Deir údair na tuarascála, an Dr Shane Grant, an Dr Róisín Ní Ghairbhí agus an Dr Éamonn Costelloe, gur léir bhfuil “tacaíocht ar leith agus plean struchtúrtha ilréimseach ar leith” ag teastáil leis an scéalaíocht, na lúibíní agus na hagallaimh beirte a chur chun cinn.

Tá sé i gceist go bhfoilseoidh Roinn na Gaeltachta Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge go luath, straitéis a bheidh bunaithe ar an tuarascáil taighde.

Moltar sa tuarascáil go mbeadh maoiniú luaite leis na beartais a bheidh sa straitéis agus go leagfaí síos “spriocanna sainiúla maidir le gach réimse cleachtais ar leith”.

Moltar freisin go ndéanfadh an straitéis cur síos ar an gcomhordú agus na hathruithe struchtúrtha is gá a chur i bhfeidhm maidir le riaradh agus forbairt na hearnála trí chéile.

Fág freagra ar 'Ealaíona béil na Gaeilge ró-scoite amach agus bunaithe rómhór ar chomórtais – tuarascáil'

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Tá comórtais an mhínádúrtha agus is iomaí duine nacn mbíonn ar a gcompord ar ardán ar bith ach bheadh siad go breá cois teallaigh agus iad ag canadh.
    Bhí Seán ‘ac Dhonncha an tamhránaí clúiteach as an Aird Thoir i gCarna go mór in amhras faoin na comórtais don amhránaíocht ar an sean nóis agus dúirt sé é sin go poiblí cúpla uair.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An-chuid céille ag baint leis an tuarascáil seo. Chuala mé go minic ó scoláirí móra gur ‘ealaíon cois tine’ a bhí san amhránaíocht sean-nóis. Ach is fada an lá geamaireacht stáitse raidio agus anois teilibhíse déanta de Chorn Uí Riada gan trácht ach ar aon chomórtas amháin. Go mion agus go minic baintear an deannach de na ‘hamhráin mhóra’ seanchaite le haghaidh an chomórtais seo. Bhí sé de mhisnaeach ag fear amháin amhrán nua a chasadh cúpla bliain ó shin ag an gcomórtas ach is follas nár fheil sé sin don chomórtas. In ainm an diabhail, faigheadh muid réidh leis na comórtais seo!