€800 milliún do thograí trasteorann – capall na Traí?

Do dhaoine a bhíonn amhrasach go seasta go ndéanfar feall orthu is ionann an pacáiste tacaíochta nua do thograí trasteorann agus ceann caol na dinge nó Capall na Traí

€800 milliún do thograí trasteorann – capall na Traí?

€800 milliún. Maoiniú do thograí trasteorann á fhógairt i mBaile Átha Cliath. Dea-scéal sé bliana fichead tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí go leor sásta agus údar acu. D’ainneoin na dearfachta bhí easnamh mór follasach .

Féirín flaithiúil do Thuaisceart Éireann ó scéim an Oileáin Chomhroinnte abea an ciste a d’fhógair an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Iompair . Ach cá raibh na pairtneirí eile – Príomh Aire na Breataine agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann ? Tráth den saol bheadh ionadaithe ón dá rialtas ag seasamh i bhfochar a chéile ag leagan béim ar a gcomhoibriú, ag déanamh gaisce as fiú.

Ní hamhain nach raibh Rishi Sunak ná Chris Heaton-Harris i láthair ach bhí an t-aischothú ón Statrúnaí patfhuar. Slat tomhais é seo ar an droch bhail atá ar an gcaidreamh Angla-Éireannach faoi láthair, gaol a bhí corrach le ocht mbliana anuas i ngeall ar Bhreatimeacht agus atá nimhneach le míonna ó thóg rialtas na hÉireann cás chun na hEorpa in aghaidh reachtaíocht na Breataine i leith oidhreacht na dtrioblóidí. Maíonn Éire, íobartaigh agus gach páirtí polaitíochta thuaidh agus theas go sáraíonn an reachtaíocht sin cearta an duine toisc go gcuireann sé cosc ar fhiosruithe ar eachtraí a tharla le linn na dtrioblóidí agus stop le hionchoisní ‘s le cásanna sibhialta.

Údar imní is ea an teannas fiú más fíor gur gearr eile a bheidh na Tóraithe i gcumhacht. Cé gur áiféiseach an smaoineamh é ní féidir talamh slán a dhéanamh de faoi láthair nach ndéanfaidh Keir Starmer agus páirtí an Lucht Oibre tuaiplis amaideach a thabharfadh deis éalaithe do na Tóraithe.

Sa ngearrthéarma is é Páirc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste an togra is práinní de na cinn ar fógraíodh airgead aneas dóibh. Má tá seans ag an staid a bheith faoi réir don chomórtas sacair Euro 2028 ní mór tabhairt faoin obair faoi dheifir. Costas £77.5 milliún a bhí luaite leis an togra sular cuireadh moill na mblianta air.

Áirítear anois go gcosnóidh se a thrí oiread sin ar a laghad. D’íocfadh 50milliún Euro rialtas na hÉireann, £62milliún a gheall Stormont ag an tús chomh maith le £15milliun Chumann Lúthchleas Gael níos lú na leath an bhille atá a thuar anois. Anuraidh gheall an Státrúnaí Heaton-Harris ‘go bhfaighfí an t-airgead’ , é an-bhaúil leis an bplean do Euro 2028.

An seasfaidh se leis an ngeallúint agus é faoi bhrú ón DUP a deir nach méadóidh Stormont a infheistíocht? Tá aicme aontachtach naimhdeach do CLG agus iadsan in aghaidh airgead poiblí a chaitheamh ar an staid. Os páirtnéireacht Angla-Éireannach é Euro 2028 is é an trua é nár aontaigh an dá rialtas plean i gcomhar le Stormont agus CLG.

Cibé ceisteanna a bhaineann le Páirc Mhic Easmainn is léir go bhfuil práinn thar na bearta le bóthar an A5 an togra ar fógraíodh an tsuim ba mhó, €600 milliún ena aghaidh. Cailleadh na scórtha i dtimpistí ar an mbóthar aon-bhealaigh ó Achadh na Cloiche go Doire. Gealladh an infheistíocht sin cheana ach cuireadh ar ceal é nuair a thit an eacnamaíocht as a cheile. Chúir cásanna cúirte agus fiosruithe pleanála moill ar an scéim ach táthar ag súil go gcuirfear tús leis i mbliana, ar chostas €1.9 milliún.

Údar díomá é gur fuarfháilte a chuir roinnt aontachtaithe roimh an bhféirín ó Bhaile Átha Cliath. ‘Gnó do rialtas na Breataine é’ arsa urlabhraí ón TUV ar an raidió ‘agus thairis sin b’fhearr go mór an ceangal idir Uladh agus Albain a neartú’ ar sé. Mhaigh dornán eile nár cheart ligean do Bhaile Átha Cliath a ladar a chur i ngnothaí inmheánacha Thuaisceart Éireann.

D’admhaigh siad go gcuideodh bóthar feabhsuithe le daoine a bheidh ag taisteal ó chontae Dhún na nGall go Achadh na Cloiche (go BAC) agus vice versa agus dá bhrí sin gur ghnó dlisteanach do rialtas na hÉireann é freastal ar shaoránaigh. ‘Sé an scéal ceanna é maidir leis an infheistíocht i dtograí trasteorann eile ar nós an droichid ar Loch Cairlinne. Mar sin féin, tá imní orthu gur chleas é an caiteachas chun Éire aontaithe a chur chun cinn. Do dhaoine a bhíonn amhrasach go seasta go ndéanfar feall orthu ‘sé seo ceann caol na dinge nó Capall na Traí .

Fág freagra ar '€800 milliún do thograí trasteorann – capall na Traí?'

  • WTF

    Agus is doimhin é poll an amhrais.