€10 breise in íocaíochtaí leasa shóisialaigh, athrú ar rátaí VAT, 50 cent ar bhosca toitíní – Buiséad 2026 fógartha

Deir an Rialtas go gcosnódh an buiséad an fhostaíocht agus seasmhacht an gheilleagair, ach deir an freasúra nach bhfuil faic ann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta ná costais mhaireachtála

€10 breise in íocaíochtaí leasa shóisialaigh, athrú ar rátaí VAT, 50 cent ar bhosca toitíní – Buiséad 2026 fógartha

D’fhógair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 2026 sa Dáil tráthnóna.

Pacáiste €9.4 billiún ar fad a fógraíodh don bhliain seo chugainn. €8.1 billiún a bheidh ar fáil le caitheamh agus beidh €1.3 billiún á chur ar fáil trí chiorruithe cánach.

Anuraidh agus olltoghchán ar na bacáin, caitheadh €2.2 billiún ar phacáiste costas maireachtála, ach fógraíodh deireadh leis na féiríní buiséid sin inniu.

Dúirt Paschal Donohoe go gcosnódh an buiséad an fhostaíocht agus seasmhacht an gheilleagair tráth go bhfuil dúshláin éagsúla idirnáisiúnta le sárú.

Dúirt sé go rabhthas ag súil go gcruthófaí 63,500 jab breise faoi dheireadh na bliana seo chugainn agus go mbeadh an lánfhostaíocht fós i réim. Mhaígh sé go rachadh an buiséad i ngleic leis an mboilsciú agus an costas ard maireachtála trí tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil.

Farasbarr €10.3 billiún a bheidh ann i mbliana agus €5.1 billiún a bheidh ann an bhliain seo chugainn, a dúirt sé.

Mhaígh Donohoe gur thuig an rialtas an baol a bhain le bheith ag brath rómhór ar theacht isteach ón gcáin chorparáide agus go mbeadh €24 billiún i gcistí lá na coise tinne an rialtais faoi dheireadh na bliana. €40 billiún a bheadh ann faoi dheireadh théarma an rialtais, a dúirt sé.

Ar na leasuithe a dhéanfar ar an gCáin Bhreisluacha [VAT], fógraíodh go laghdófar an ráta CBL ar árasáin nua go dtí 9% mar ugach do thionscal na tógála. Cuirfear síneadh leis an laghdú a rinneadh ar an gcáin bhreisluacha ar bhillí gáis agus leictreachais ar thithe cónaithe.

Coinneofar an creidmheas cánach ar chíos atá againn faoi láthair go dtí deireadh 2028. Bhí deireadh le teacht leis an creidmheas €1,000 ag deireadh na bliana seo.  Coinneofar chomh maith leis an Scéim Cabhair le Ceannach (CLC).

Leanfar le scéim aisíoctha an dleacht stampála ar forbairt chónaithe go dtí deireadh na bliana 2030.

In áit an Tobhach ar Láithreacha Tréigthe tá Cáin ar Mhaoin Thréigthe tugtha isteach.

Ní bheidh aon cháin chorparáide le híoc feasta ar aon bhrabús a dhéantar ar áitribh atá á ligean faoin Scéim Cíos de réir Costais.

Tá an laghdú ar an gcáin chorparáide feabhsaithe maidir le roinnt de na costais a bhaineann le forbairtí árasán a thógáil.

Leanfar leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil chun feabhsúcháin a dhéanamh ar thithíocht agus maoin trádála atá tógtha le fada i sé chathair – Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge agus beidh an tacaíocht sin ar fáil feasta d’fhoirgnimh a tógadh roimh 1975.

D’fhógair An tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers gur ardú €10 sa tseachtain atá á chur ar an bpinsean, ar an liúntas cuardaitheora poist agus ar an liúntas do dhaoine atá faoi mhíchumas agus dúblófar na liúntais sin faoi Nollaig ach amháin an liúntas leanaí.

Ardófar an tairseach ioncaim do dhaoine a fhaigheann liúntas do chúramóirí, €200 d’ardú i gcás duine singil agus €400 do lánúin, €1000 do dhuine singil nó €2000 do lánúin a bheidh i gceist anois. Ardú €20 atá á chur ar an liúntas cúraim baile, suas go €380 sa mhí.

Ardú €8 a bheidh ar an liúntas do leanaí faoi 12 bliain agus €16 do leanaí atá os cionn 12 bliain, ardú a fhágfas €58 sa tseachtain do leanaí faoi 12 bliain agus €78 do leanaí atá os cionn 12. Tá leasú déanta ar an liúntas a chuirtear ar fáil le bróga agus éadach a chur ar ghasúir agus iad ag filleadh ar an scoil sa bhfómhar i gcás teaghlaigh atá ina theideal sin mar is féidir é a iarraidh feasta do leanaí réamhscoile atá dó nó trí de bhlianta.

Tá €1318 d’ardú curtha ar an tsíleáil don ráta 2% den Mhuirear Sóisialta Uilíoch [USC], €28,700 den ioncam a bheidh i gceist leis feasta.

Ón gcéad lá den bhliain seo chugainn €14.15 an t-íosphá a bheidh i bhfeidhm sa stát seo.

Tá €50 d’ardú curtha ar an deontas caipitíochta do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta agus fágann sin €274 in aghaidh an dalta acu seachas an €224 atá acu faoi láthair. €20 d’ardú atá á thabhairt d’iarbhunscoileanna, ó €386 go €406 in aghaidh an dalta.

Dúirt an tAire Chambers go raibh €1.6 billiún á chur ar fáil sa mbuiséad seo do thograí caipitil na Roinne Oideachais agus go bhfágfadh an maoiniú go ndéanfaí dul chun cinn “ar bhreis is 300 togra tógála scoile agus súil ann go dtabharfaí an chuid is mó díobh seo chun críche in 2026 agus 2027”.

“Leis an maoiniú sin cuirfear an-bhéim ar thart ar 2,800 áit bhreise a chur ar fáil i scoileanna speisialta agus an chéad chuid de na tograí oibreacha faoi Scéim Gníomhaithe ar son na hAeráide an tsamhraidh,” a dúirt sé.

San iomlán beidh €13.1 billiún ar fáil don Roinn Oideachais agus Óige in 2026.

Leis an maoiniú sin beifear ábalta tabhairt faoi 1,717 Cúntóir Riachtanais Speisialta [SNA] breise a earcú, agus deir an Rialtas go bhfágfadh sin go mbeadh 24,900 SNA fostaithe sna scoileanna.

Ceadófar 1,042 post breise múinteoireachta agus 860 díobh sin ag obair i suíomhanna ina gcuirtear teagasc ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais oideachais sa mbreis acu, bíodh siad sna gnáthscoileanna, i ranganna speisialta nó in ionaid speisialta.

Laghdófar an ráta CBL in earnáil an fháilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Beidh an t-ísliú sin i gceist do bhialanna agus caiféanna seachas do sheomraí óstáin, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2026.

Ar ndóigh tá conspóid tarraingthe ag an gcinneadh sin mar gheall ar an gcostas mór a bhainfidh leis agus mar go rachaidh an laghdú chun tairbhe do chomhlachtaí móra ilnáisiúnta amhail McDonald’s agus Burger King freisin.

Ardófar an t-íosphá náisiúnta go dtí €14.15 san uair.

Laghdófar Tax on investments in funds will be reduced from 41pc to 38pc.

Cuirfear 50 cent breise de dhleacht mháil ar bhosca scór toitíní agus a mhacasamhail ar tháirgí tobac eile.

Tá an faoiseamh €5,000 le haghaidh feithiclí leictreacha ón gCáin Cláraithe Feithiclí le fágáil againn ar feadh bliana eile, go dtí an 31 Samhain 2026.

Méadófar an cháin charbóin ar bhreoslaí gluaisteán ón lá amárach agus gach cineál eile breosla ón gcéad lá Bealtaine 2026. Beidh €71 ar gach tona CO2 a astaítear.

€2 billiún atá á chur ar fáil do thogra iompair an MetroLink i mBaile Átha Cliath.

Tá sé i gceist €500 a ghearradh de na táillí tríú leibhéal, ó €3,000 to €2,500.

Cháin an freasúra an buiséad sa Dáil tráthnóna.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go mbraithfeadh duine “tréigthe” ag buiséad “atá scríofa ag FG”.

Dúirt sé go raibh oibrithe tréigthe ag an rialtas agus gan aon rud sa bhuiséad a chuideodh le daoine dul i ngleic leis an ardú costas maireachtála nó leis an ngéarchéim tithíochta. Léiriú a bhí ann, a dúirt sé, go raibh “gealltanais” an rialtais “scriosta agus caite sa bhruscar”.

An teachtaireacht a bhí sa bhuiséad ná go bhfuil “tú leat féin” agus nach bhfuil aon fhaoiseamh i ndán duit, a dúirt Doherty.

Fág freagra ar '€10 breise in íocaíochtaí leasa shóisialaigh, athrú ar rátaí VAT, 50 cent ar bhosca toitíní – Buiséad 2026 fógartha'