Dylan ag tiomáint leis gan trócaire ach Young faoi bhláth

Bhí ceochoirm ar leith ar siúl i bPáirc Uí Nualláin i gCill Chainnigh an tseachtain seo caite...

Dylan ag tiomáint leis gan trócaire ach Young faoi bhláth

Thángadar, an tAthair, an Garmhac agus an Spiorad Naomh go Páirc Uí Nualláin i gCathair Chill Chainnigh Dé Domhnaigh seo caite. Dylan. Hansard. Young.

D’fhógair Hansard (49) lena thaispeántas siúd go raibh idir uaisleacht agus ardréim i ndán dó agus dhearbhaigh seit Young (73) go raibh sé féin i mbuaic a ardréime agus é fós in ann é a mharú. Ach threascair an t-ainrialaí Dylan (78) sciar ionadaíoch dá iarchatalóg i mbeart féinscriosach a d’fhág an slua iarrachtín sa dorchadas formhór an ama agus ‘caidé an ceann sin?’ ag dó na geirbe againn.

Thiomáin Dylan leis, gan trócaire, miongháire diabhlaí ar a bheola. Ba chóngaraí é don saghas scigaithris a dhéanfadh Harpo Marx ar iarchatalóg Bob Dylan. Fuair seanleaid ar comhaois liom as Coill an Chollaigh an Chabháin iomlán ceart dó féin é ar an mbealach amach as an bpáirc ar ball…

‘Neither words nor tunes could I catch from Dylan. Don’t matter the shite. He was here, and so was I!’

Ach níorbh í seo an chéad uair don Tríonóid Ró-Naofa colainn dhaonna a ghlacadh chucu féin ar an bhfaiche bheannaithe seo. Nach bhfacthas Jimmy Walsh, Lory Meagher agus Jim Langton i mbun báire anseo fadó – Athair, Mac agus Spiorad Naomh Chill Chainnigh i ré ársa an raidió?

Ar an mbán seo freisin, ar a nguaillí siúd a d’imigh rompu, sheas Eddie Keher, D.J. Carey agus Henry Shefflin, leagan eile den Diacht Thrí-Aonta. Agus nach raibh Ring, Lynch agus Quirke anseo? Agus na Trí Phearsain Eiseach San Aon Duine Amháin – Jimmy, Barry, agus Murphy.

Anois thíos fúm tá caidé bús ag ardú faoi theacht inár measc don triúr saortha amhrán a thabharfaidh seal i ndúichí an anama do lucht a n-adhartha i gclapsholas naofa thráthnóna an 14ú Iúil 2019.   

An Garmhac: Glen Hansard.

Siúd isteach Glen Hansard, enfant terrible amhránaithe is scríbhneoirí na hÉireann ar a léim lúith chun fogha a thabhairt faoi ‘Bird of Sorrow’ – a stíl féin á leagan aige ar gach corda agus meafar mothálach ann.

‘You’ve squandered more than you could borrow 

You’ve bet your joys on all tomorrows…’

Táimid away anois ar an ‘carriage of music’ sin a luaigh John Spillane fadó, away sna dúichí anama agus Hansard ag guí ‘may your winning streak, may it never end.’ Leanann cumhachtchordaí creathánacha ‘When Your Mind’s Made Up’ agus dúshlán chlagairt leithéid Black Sabbath á thabhairt aige.

Anois tá sé an-chrosta le Fianna Fáil agus le Fine Gael faoin ngéarchéim dídine. Ciú ‘Shelter’…

Vultures are circling, murder in their eyes…                                                                                                                      

Bankers, accountants, welching on their deals                                                                                                            

Knives are out, they’re coming for us                                                                            

No thought for how it feels…’

Bhí Hansard anois ‘Way Back In the Way Back Then’ agus ansin away leis an Garmhac, é treisithe as cuimse ag an dlisteanú agus údarás a thugann imprimatur an Athar Mhóir agus beannacht an tslua do dhuine.

‘Next time I’m in this field, I’ll be the fucking headline’, ar seisean. I bhfianaise an taispeántais seo ní chuirfinn thairis é.

An Spiorad Naomh: Neil Young.

Fórsa de chuid an nádúir é Neil Young. N’fheadar an bhfuil aon bhaint ag a bhrídeog úr Daryl Hannah leis an teaspach cruthaitheach a bhí ar Aonghineadóir an Cheoil Ghrúinse i gCathair na gCat, mar ar roinn sé an spotsholas le Bob Dylan den chéad uair ó 1992.

An clapsholas ag titim ar a gcomh-ghairmréimeanna, agus súil shantach á caitheamh ag an Droch-Rud ar an mbeirt acu, is díol trua é nár dheonaíodar ‘Not Dark Yet’ a thairiscint dúinn mar shaghas deoch an dorais.

Tá Young lánsásta priocadh agus cíoradh as an nua a dhéanamh ar chúig cinn déag dá stór amhrán ach murab ionann agus Dylan, fágann sé a shaothar inaitheanta agus inchanta. Siúd chun stáitse an Spiorad Naomh ag ocht neomat déag tar éis a sé agus thug fá shearmanas naofa an cheoil le flosc.

Slaidheadh mé leis an gcéad chorda ‘Like an Inca’, cuireadh siar ar na sála mé ag ‘Mansion on the Hill’, bhíos ar na rópaí cheana féin aige fán tríú babhta ag ‘Over and Over’ (‘Somewhere in the fire of love our dreams went up in smoke….’.)

Bheir Neil Young greim anama orm agus thóg ar oilithreacht mé chuig tobar nár ól mé as le fada. Níorbh fhada go raibh ‘Love to Burn’ agam féin freisin.

Tá sing-song ceart briste amach anois. Os cion 30,000 oilithreach ag longadán leo anonn is anall agus ag tabhairt welly ceart dó agus ‘Keep me searchin’ for a Heart of Gold’ á n-impí acu ar an nDiacht.

Róluath ar fad don tslua, is dom féin, géillim, bhíomar ar na cosa arís agus ‘My My, Hey Hey’ á ghabháil againn sula dtosaíomar ag ‘Rocáil in a Free World’. Ansin, i bhfaiteadh na súl, bhí Sé imithe uainn go ndeasgabhálfaí ar héileacaptar go Parthas Mount Juliette é, nó chuig pé óstán osnádúrtha as a dtáinig.

An tAthair: Bob Dylan.

‘Ballad of a Thin Man’, ‘It Ain’t Me Babe’ agus ‘Highway 61 Revisited’, na chéad trí amhrán ag Dylan i bPáirc Uí Nualláin. D’aithníos iad mar bhí seitliosta romham ón ngig in Hyde Park cúpla oíche roimhe. Murach sin bheinn i bponc. Leagas uaim mo pheann. Ardaím arís é chun litir oscailte a scríobh chuig an enigma ceoil ab ansa liom ón 19 Márta 1962, lá foilsithe Bob Dylan, céad fadcheirnín na Diachta.

‘Bob, a chara,

Thaispeánais dhá bhliain ó shin go rabhais in ann fanacht dílis do thiúin ‘Autumn Leaves’, nach leat é, agus rud iontach cruthaitheach a dhéanamh leis san am gcéanna. Nuair a thosaigh tú ag lúbadh ceol do chuid amhrán féin fada siar, bhí an tiúin fós inaitheanta agus na focail fós intuigthe. Ní fíor sin a thuilleadh. Cuireann sé isteach go mór orm gur chaill mé thú i bPáirc Uí Nualláin ar an Domhnach nuair nár ghá gur mar sin a bheadh eadrainn. Nuair nach féidir amhrán amháin leat féin a aithint ó amhrán eile ní féidir athchruthú ná tobchumadh a thabhairt air a thuilleadh. Is gaire don fhéinísliú an rud atá ar siúl agat anois agus goilleann sin go mór orm.

Fill, fill a Rún. Tá an jóc imithe thar fóir.

A Dhia bí ceansa agus éist liom. 

Fág freagra ar 'Dylan ag tiomáint leis gan trócaire ach Young faoi bhláth'

  • Cluain Sceach

    Léirmheas spéísiúil féaráilte. Is dócha ná feicfear Dylan in Éirinn arís … agus gur mar sin ba cheart.

  • Máire Uí Shíthigh

    Bhíos ann agus an ceart ar fad ag Pat Butler. An céad uair agam Dylan a chlos beo ar stáitse. Bhí díomá orm. Sin mar a bhíonn. Táim sásta go rabhas ann.
    Bhí Neil Young ana mhaith agus Glen Hansard ar fheabhas.