Dúshlán na bpolaiteoirí agus lucht an fhoréigin araon tugtha ag sochraid Lyra McKee

Dúradh ag sochraid an iriseora óig Lyra McKee i mBéal Feirste inniu gur chóir go spreagfadh a marú ré nua ó thuaidh

Dúshlán na bpolaiteoirí agus lucht an fhoréigin araon tugtha ag sochraid Lyra McKee

Is é mian a gcroí ag an bpobal go spreagfadh marú Lyra McKee polaiteoirí chun réiteach a fháil ar an tsáinn pholaitiúil agus go gcuirfeadh dea-shampla an iriseora óig ar a súile do lucht an fhoréigin “gur treise an peann ná an claíomh”.

B’in a bhí le rá ag an Athair Martin Magill ag sochraid Lyra McKee i mBéal Feirste inniu.

Dúirt an sagart go raibh súil aige go gcuirfeadh marú McKee tús le “ré nua” ach cheistigh sé chomh maith easpa gnímh na bpolaiteoirí maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

“Molaim ár gceannairí polaitiúla as seasamh le chéile sa Chreagán Aoine an Chéasta. Mar sin féin tá freagra na ceiste seo fós uaim: Cén fáth in ainm Dé go gcaithfeadh bean óg 29 bliain d’aois bás a fháil chun go dtarlódh seo?”.

D’impigh Magill ar an dream a mharaigh Lyra McKee éirí as an bhforéigean. 

“Aon duine a raibh aon bhaint aige lena dúnmharú, molaim daoibh bhur machnamh a dhéanamh ar shampla cumhachtach Lyra McKee a léirigh gur treise an peann ná an claíomh. 

“Impím oraibh bóthar na síochána a thabhairt oraibh féin chun bhur n-aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.” 

D’achainigh an sagart ar an aos polaitiúil dul i mbun cainteanna ar mhaithe le teacht ar réiteach faoi athbhunú fheidhmeannas Stormont.

“Guím gurb é dúnmharú Lyra an spreagadh a theastaíonn ó na páirtithe tosú ag caint, leigheas a fháil ar a raibh díobhálach faoi na tionóil roimhe seo agus tús nua a dhéanamh.” 

Dúirt sé go raibh dóchas aige go mbeadh marú an iriseora “ina dhoras go dtí tús nua”. 

Bhraith sé, a dúirt sé, gurb é sin mian a gcroí ag an bpobal. 

Bhí beirt chléireach i mbun na seirbhíse in Ardeaglais Naomh Anna, atá lonnaithe gar do bhaile Lyra McKee i dtuaisceart Bhéal Feirste,  Stephen Forde, Déan na hEaglaise agus an tAthair Magill. 

Dúirt Stephen Forde ag tús na seirbhíse trasphobail gur duine Lyra McKee “a leag bacanna” agus shín lámh thar “teorainneacha”. 

“Ba é sin a cloch nirt sa saol seo agus a hoidhreacht ar a bás,” a dúirt sé. 

Dúirt Nichola Corner, deirfiúr Lyra McKee, gur léirigh an t-iriseoir agus scríbhneoir go bhféadfaí sochaí a chruthú nach mbeadh “brí ar bith le lipéid” inti.

Ina measc siúd a bhí i láthair ag an tseirbhís bhí Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUigínn, an Taoiseach Leo Varadkar, Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus ceannaire pháirtí Lucht Oibre na Breataine, Jeremy Corbyn.

Chaith go leor daoine a bhí i láthair feisteas ‘Harry Potter’ nó Marvel Comics mar gheall go raibh an-tóir ag Lyra McKee orthu.

Rinne baill an NUJ garda onóra dá gcomhghleacaí.

I gceann an tslua mhóir ag an tseirbhís bhí Sara Canning, páirtnéir Lyra McKee, máthair an iriseora, Joan McKee, agus a deartháireacha agus deirfiúracha Gary, David, Joan, Nichola agus Mary.

Fág freagra ar 'Dúshlán na bpolaiteoirí agus lucht an fhoréigin araon tugtha ag sochraid Lyra McKee'