Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin

Díol spéise na trí thoghcheantar i gContae an Dúin in olltoghchán Westminster

Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin

Chris Hazzard

Tá ceisteanna faoi chinniúint gach duine den triúr a bhí ina bhfeisirí sna trí thoghcheantar seo. San Dún Thuaidh tá dhá pháirtí aontachtacha ag tacú le hiarrthóir neamhspleách in aghaidh Stephen Farry, Páirtí na Comhghuaillíochta, a bhain an suíochán cúig bliana ó shin. I Loch Cuan tá Jim Shannon, seanfhondúir an DUP faoi ionsaí ag an TUV agus sa Dún Theas, mar a bhfuil Chris Hazzard Shinn Féin ina fheisire ó 2017, tá SDLP ag maíomh go bhfuil seans acu.

An Dún Thuaidh

Ar bhruach theas Loch Lao síneann an toghcheantar soir ó imeall Bhéal Feirste, thar Ard Mhic Nasca agus Beannchar go Domhnach Daoi agus Oileán an Mhuilinn i leithinis na hArda. Tá cuid de na comharsanachtaí is saibhre i dTuaisceart Éireann ann, ‘an cósta órga’, maille le ceantair bhochta. Ceantar aontachtach is ea é a thogh ionadaithe neamh-pháirtí de chúlra aontachtach go minic.

Ba é Stephen Farry an chéad fheisire a toghadh ansin nach raibh lipéad aontachtach d’aon chineál air – diúltaíonn Alliance/Páirtí na Comhghuaillíochta seasamh a nochtadh faoin gceist bhunreachtúil. Bhí móramh 2,600 vóta aige ar Alex Easton a bhí san DUP ag an am ach atá neamhspleách anois.

Tá difríocht mhór idir an iomaíocht in 2019 agus 2024. Sheas na páirtithe eile a bhí in aghaidh an Bhreatimeachta – an Comhaontas Glas, Sinn Féin agus an SDLP i leataobh chun deis a thabhairt do Farry in aghaidh an DUP. Bhí an vóta aontachtach scoilte DUP, UUP agus iarrthóir Caomhach san iomaíocht. A mhalairt ata fíor an uair seo.

Tá seisear san iomaíocht, Alex Easton ag seasamh mar aontachtach neamhspleách a bhfuil tacaíocht aige ón TUV agus ón DUP, a sheas i leataobh anseo le súil go mbainfí an suíochán ar ais. Sheas Sinn Féin i leataobh i bhfabhar Farry ach tá iarrthóirí ag Comhaontas Glas, Barry McKee agus ag SDLP, Deirdre Vaughan an geábh seo, chomh maith le neamhspleách Chris Carter. Ina theannta sin tá an UUP san iomaíocht – ‘réalta mhíleata’ an t-iarchoirnéal iomráiteach Tim Collins tugtha isteach. Bhí suas le 5,000 vóta ag an UUP in 2019 – an méadóidh Collins é? An dtógfaidh sé vótaí ó Easton nó Farry? Níor éirigh le feisire ó Alliance suíochán Parlaiminte a chosaint go dtí seo. An mbeidh Farry in ann é a dhéanamh? Ní ribín réidh a bheidh ann.

Loch Cuan

Coimhlint níos géire á tuar do Jim Shannon ná a bhí ann ó toghadh ina fheisire é in 2010 i gcomharbacht ar Iris Robinson. Tá athrú suntasach déanta ar theorainneacha an toghcheantair ar an taobh thoir agus ina íochtar. Áiríonn saineolaithe go mbeadh cuóta náisiúnach ann den chéad uair i dtoghchán Tionóil. Faoi láthair tá beirt Teachtaí Tionóil ag DUP, beirt ag Alliance agus duine ag an UUP, tá farasbarr an DUP ar Alliance laghdaithe go mór. Tháinig titim 15% ar vóta an fheisire Shannon ó 2017 go 2019.

Tá deichniúr san iomaíocht don vóta ar an 4 Iúil, dúshlán láidir ón TUV-No Sea Border atá ag feachtasaíocht in aghaidh an DUP toisc gur ghlac siad le Creat Windsor agus gur fhill siad ar Stormont. Sé Ron McDowell leascheannaire an TUV a n-iarrthóir, é ag iarraidh cur leis an 12.8% a fuair a pháirtí i Loch Cuan in 2022. Ní léir go fóill an faoiseamh do Shannon a bhéas ann gur iarrthóir nua atá ag Alliance, Michelle Guy, comhairleoir seachas Teachta Tionóil. Is cinnte go mbeifear ag baint greim as vótaí an DUP ar dhá thaobh ach deir an páirtí go dtiocfaidh Jim Shannon slán. Seans gur fíor más ar éigean féin é.

Siad seo leanas na hiarrthóirí eile:

Alexandra Braidner, an Comhaontas Glas; Gareth Burns, neamhspleách; Garreth Falls, neamhspleách; Barry Hetherington, Caomhach; Will Polland, SDLP; Noel Sands, Sinn Féin; agus Richard Smart, UUP.

An Dún Theas

Comórtas idir náisiúnaithe. Is é seo an leath theas de chontae an Dúin, ó Dhún Pádraig go dtí na Beanna Boirche agus soir go Droichead na Banna. Anseo a bhí an dara rás ba chóngaraí in 2019 agus farasbarr 1,600 vóta ag Chris Hazzard Sinn Féin ar an SDLP tráth a raibh laghdú ar vótaí an dá pháirtí. Bhain Aontú vótaí uathu agus bhain Alliance plaic astu. Théarnaigh Sinn Féin ón titim sin i dtoghchán an Tionóil in 2022 agus a sciar méadaithe ón 40% a fuair Hazzard nuair a toghadh den chéad uair é in 2017. Tá an SDLP cíocrach chun an toghcheantar seo a bhaint ar ais, dianfheachtasaíocht ar siúl acu agus iad ag maíomh go bhfuil seans ag an Teachta Tionóil Colin McGrath.

Chaill an SDLP suíochán Tionóil anseo in 2022 nuair a bhain Sinn Féin péire. Bheadh McGrath ag brath ar vótáil theaicticiúil ó aontachtaithe chun an ceann is fearr a fháil ar Hazzard. Níl aon chosúlacht go bhfuil fonn ar pháirtí na comhghuaillíochta vótáil go seiftiúil don SDLP cé go gceaptar go mbeidh laghdú ar vóta an pháirtí sin [Alliance] i ngeall ar dheacrachtaí inmheánacha. D’éirigh a dTeachta Tionóil as Stormont i mí Aibreáin go tobann agus sé Andrew McMurray a comhthoghadh ina áit an t-iarrthóir atá acu san olltoghchán. Naonúr ar fad atá san iomaíocht.

Ar an taobh aontachtach is í Diane Forsythe, Teachta Tionóil, iarrthóir an DUP, is aici atá an t-aon suíochán Tionóil aontachtach sa cheantar. Bíonn idir 20-22% de na vótaí ag aontachtaithe in iomláine. Tá seoladh i Sasana ag iarrthóir an UUP, Michael O’Loan, agus is í an cheannlíne ná go bhfuil iar-aire an DUP, Jim Wells, ag seasamh don TUV-No Sea Border. Ina dteannta sin tá Rosemary McGlone, Aontú; Declan Walsh, an Comhaontas Glas, agus Hannah Westropp, Caomhach, duine eile a bhfuil a seoladh i Sasana.

Mura dtitfeadh an tóin ar fad as vóta Shinn Féin coinneoidh Chris Hazzard an suíochán.

Fág freagra ar 'Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin'