Dún na nGall v Doire, Baile Átha Cliath v Cill Dara agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo

Tá dhá cheann de na foirne is fearr sa tír, Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, ag imirt an deireadh seachtaine seo agus cluichí leathcheannais Uladh agus Laighean ar siúl

Niall Holly (Doire) agus Eamon McGee (Dún na nGall) i gcluiche ceathrú ceannais Uladh anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Niall Holly (Doire) agus Eamon McGee (Dún na nGall) i gcluiche ceathrú ceannais Uladh anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Sa 22 chluiche craoibhe atá imeartha idir Dún na nGall agus Doire go dtí seo, ní raibh oiread is ceann a chríochnaigh ar comhscór. Ní hamháin sin ach tá an ráta teipe roinnte go cothrom eatarthu le 11 bua an taobh.

Seans maith nach mbeidh comhscór ach an oireadh i gCluain Eois inniu ach níl an chuma ar an scéal gurb iad mhuintir Dhoire a bheidh ag fágáil le dosaen buanna san iomlán acu. Cé gur shroich Dún na nGall cluiche ceannais na hÉireann anuraidh, nuair a d’imigh Jim McGuinness sa gheimhreadh, ní raibh a fhios ag daoine cén freagra a bheadh acu.

Tar éis dóibh Tír Eoghain agus Ard Mhacha a shárú cheana  chraobh, dealraíonn sé go bhfuil aon cheist a cuireadh ar Dhún na nGall agus Rory Gallagher freagartha. Tharraing an scrios a rinne siad  i gcoinne Ard Mhacha aird an phobail orthu thar aon chluiche eile.

Bhí an cluiche i gcoinne fhir McGeeney thart taobh istigh de 20 nóiméad agus fiú  bhí cuid mhaith den mhilleán ar Ard Mhacha féin, bheifeá fós ag ceapadh go mbeadh Dún na nGall rómhaith do Dhoire. Tá ceithre chluiche imeartha idir na foirne ó 2009 agus gach ceann acu buaite ag Tír Chonall.

Bhí jab deacair ag Doire  i gcoinne an Dúin i gcluiche ceathrú ceannais Uladh ag tús na míosa, fiú nuair a bhí imreoir sa bhreis acu don dara leath uile. Is ar éigean a tháinig foireann Brian McIver slán as an gcoimhlint, iad buacach le haon phointe amháin, 0-12 i gcoinn 0-11, a bhuíochas do chic saor déanach ó Eoin Bradley.

dhearna deartháir Bradley, Paddy, aon mhaitheas do bhainisteoir an chondae ach an oiread nuair a dúirt sé i rith na seachtaine gurb é McIver an t-aon fáth nach raibh sé fós ag imirt d’fhoireann an chontae. Is é Paddy an príomhscórálaí i sraith peile Dhoire i mbliana agus níor chuir an méid a bhí le rá aige  tuilleadh brú ar McIver, go háirithe tar éis do Dhoire  ísliú céime a fháil sa tsraith , iad díbeartha  tar éis cailliúintí i gcoinne Dhún na nGall agus an Longfort.

raibh cúl idir na foirne seo anuraidh ach bheadh lucht tacaíochta Dhoiresásta leis an toradh céanna arís an uair seo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Paul Cribbin (Cill Dara) agus Jack McCaffrey (Baile Átha Cliath0 sa chluiche sraithe idir na foirne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Paul Cribbin (Cill Dara) agus Jack McCaffrey (Baile Átha Cliath) sa chluiche sraithe idir na foirne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

I rith na seachtaine, dúirt duine d’iarimreoirí Chiarraí, Eoin Liston, nár cheart do Jason Ryan fiú a le himreoirí Chill Dara gur féidir leo Baile Átha Cliath a bhualadh i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean amárach. Cé go bhfuil go leor daoine a d’aontódh le ‘Bomber’, seans go gcaithfidh Jason Ryan cuma an mhisnigh a chur air féin.

Nuair a bhreathnaíonn tú siar ar an gcúig thoradh is déanaí a bhí idir na foirne, níl sé chomh haontaobhach agus a bheifeá ag súil leis. Cé go bhfuil ceithre cinn de na cluichí buaite ag foireann na príomhchathrach, ní raibh ach scór eatarthu i dtrí cinn acu. Faraor, sin an t-aon ‘dea-scéal’ atá ann do Chill Dara. Tá 15 bliain ó bhuail siad Baile Átha Cliath agus sa chluiche craoibhe is déanaí a d’imir siad i gcoinne a chéile, cluiche leathcheannais 2013, chaill Cill Dara le 17 bpointe.

Lena gceart a thabhairt dóibh, ní fhéadfadh ullmhúchán níos fearr a bheith déanta ag Cill Dara leis na cluichí craoibhe a bhí acu i gcoinne Laoise. Is coimhlint chrua a bhí sa chéad cheann a chríochnaigh ar comhscór ach bhí bua cuimsitheach ag Cill Dara, 3-18 i gcoinne 1-11, san athimirt agus tabharfaidh sé sin misneach dóibh, fiú agus iad ag tabhairt aghaidh ar na ‘Dubs’.

Ina ainneoin sin, is deacair a shamhlú go bhfuil tada ach buille trom eile i ndán dóibh. Is é cluiche ceannais Laighean 2012, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar  an Mhí le haon chúl amháin, an uair dheireanach go raibh cluiche crua ag Baile Átha Cliath sa chúige.

B’fhéidir go mbuafar ar Bhaile Átha Cliath i Laighin am éigin, ach ní tharlóidh sé an deireadh seachtaine seo.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath


Dé Sathairn, 27 Meitheamh

Craobh Peile Uladh – Cluiche Leathcheannais

Doire v Dún na nGall, Cuain Eois, 7i.n.

Craobh Peile na hÉireann – Babhta 1B

Ard Mhacha v Cill Mhantáin, Páirc Lúthchleasaíochta, 2.30i.n.

Loch Garman v An Dún, Páirc Loch Garman, 6.30i.n.

An Lú v Liatroim, Páirc na nGael (Droichead Átha), 7i.n.

Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh

Craobh Peile na hÉireann – Babhta 1B

Tír Eoghain v Luimneach, Ómaigh, 4i.n.

Craobh Peile Laighean – Cluichí Leathcheannais

An Iarmhí v An Mhí, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Baile Átha Cliath v Cill Dara, 4i.n.

Craobh Iomána Uladh – Cluiche Leathcheannais

Doire v An Dún, An Abhainn Bheag, 3.45i.n.

Fág freagra ar 'Dún na nGall v Doire, Baile Átha Cliath v Cill Dara agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo'