Duine as gach deichniúr in Éirinn a labhraíonn Gaeilge gach lá

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar na daonáirimh is déanaí ó thuaidh agus ó dheas, tá beagnach 670,000 duine in Éirinn a deir go labhraíonn siad Gaeilge gach lá, bíodh sin sa chóras oideachais nó lasmuigh de

Duine as gach deichniúr in Éirinn a labhraíonn Gaeilge gach lá

Deir duine as gach deichniúr in Éirinn, idir thuaidh agus theas, go labhraíonn siad an Ghaeilge chuile lá.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar Dhaonáireamh 2022 ó dheas agus Dhaonáireamh 2021 ó thuaidh, tá beagnach 670,000 duine in Éirinn a deir go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil, bíodh sin sa chóras oideachais nó lasmuigh de.

Is ionann sin agus 10% den 6.8 milliún duine trí bliana d’aois agus os a cionn a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, de réir an dá dhaonáireamh.

Ó dheas, thug 625,933, nó 13%, den bheagnach 5 milliún duine trí bliana agus os a cionn sa stát gur labhair siad an Ghaeilge gach lá. 43,550 duine ó thuaidh a dúirt an rud céanna, 2% den 1.8 milliún duine inchomhairthe ansin.

Cé gur slat tomhais níos fearr ar staid na teanga é líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, ní fhiosraítear sa daonáireamh ó thuaidh cá labhraíonn daoine an teanga. Tá an anailís seo bunaithe dá bharr ar chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais chomh maith le daoine a labhraíonn í go laethúil laistigh den chóras oideachais amháin.

Mar sin féin, is féidir léargas a fháil ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge níos láidre. Idir thuaidh agus theas, tá 3,882 toghroinn (ó dheas) agus toghbharda (ó thuaidh) in Éirinn agus, mar a cheapfá, ceantair Ghaeltachta iad formhór na gceantar ina bhfuil na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge.

Mar a bhí san anailís atá déanta ag Tuairisc ar chainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, tá Leitir Móir i nGaillimh ar bharr an liosta ar fad agus 79% den phobal trí bliana agus os a cionn ansin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Ceantair Ghaeltachta iad an 50 ceantar is láidre ó thaobh na teanga de ach tagann roinnt ceantar lasmuigh den Ghaeltacht chun cinn ina dhiaidh sin agus tá scór ceantar lasmuigh den Ghaeltacht ar fad áirithe i measc an 100 ceantar ina bhfuil na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla.

Is é Baile Sceanach in Uíbh Fhailí, ar an teorainn le Tiobraid Árann, an ceann is airde díobh siúd. De réir Dhaonáireamh 2022, labhair 29% den 652 duine trí bliana agus os a cionn a raibh cónaí orthu sa cheantar sin an Ghaeilge chuile lá, rud a d’fhág an ceantar sa 58ú áit as an mbeagnach 4,000 toghroinn in Éirinn ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Níl Gaelscoil i mBaile Sceanach ach tá ceann thart ar leathuair an chloig uaidh i mBiorra, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na figiúirí.

Thug 28% de phobal Leacan i gcontae na hIarmhí le fios gur labhair siad an Ghaeilge chuile lá. Arís, níl Gaelscoil sa cheantar ach tá Leacain thart ar cheathrú uaire ón Muileann gCearr, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil.

Bhí toghranna eile i gCill Chainnigh, Laois, an Clár, Gaillimh, Port Láirge, Tiobraid Árann, Corcaigh, Cill Dara agus Luimneach atá lasmuigh den Ghaeltacht i measc an 100 ceantar is airde ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge chomh maith.

Ba é Baile Andarsan in iarthar Bhéal Feirste an toghbharda ó thuaidh ina raibh an céatadán is mó de chainteoirí laethúla Gaeilge. De réir Dhaonáireamh 2021, bhí 558 duine sa cheantar a labhair an Ghaeilge chuile lá, 12% den 4,497 duine a bhí trí bliana agus os a cionn a raibh cónaí orthu ann. D’fhág sin go raibh sé sa 1,972ú áit as an 3,882 ceantar ar fad, díreach lasmuigh den 50% is airde.

Bhí 12% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge freisin i dtoghbhardaí Bhóthar na bhFál agus Lóiste na Móna in iarthar Bhéal Feirste, mar a bhí ar an Tearmann i dTír Eoghain.

Aon toghbharda dhéag i dTuaisceart Éireann a raibh breis is 10% den phobal iontu ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Ba iad toghbhardaí Gheata na Páirce, Bhaile Riobaird agus Victoria in Aontroim an t-aon trí cheantar as an mbeagnach 4,000 in Éirinn nach raibh oiread agus duine amháin a labhair an Ghaeilge go laethúil iontu.

De réir Dhaonáireamh 2021, dúirt 228,617 duine i dTuaisceart Éireann, 12% den phobal, go raibh cumas éigin acu sa Ghaeilge, ardú 16% ó Dhaonáireamh 2011.

Ó dheas, thug 1,873,997 duine le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu. B’ionann sin agus 40% den daonra trí bliana d’aois agus os a cionn, mar a bhí de réir Dhaonáireamh 2016.

Fág freagra ar 'Duine as gach deichniúr in Éirinn a labhraíonn Gaeilge gach lá'

  • Sibéal

    Tá na ceisteannat faoin teanga sa Daonáireamh an-chúng. Is labhairt amháin ata i gceist.
    Céard faoi Úsaid na Gaeilge sa gciall is leithne?

    Má bhíonn duine ag léamh ábhar i nGaeilge, ag scríobh ríomhphoist srl i nGaeilge, ag éisteacht le cláracha RnaG, Raidió Failte srl, ag breathnú ar cláracha i nGaeilge ar TG4, BBC Alba agus a bhíonn ag ple le Gieilge ar an idirlín ar bhealai eile nach bhfuil siad ag úsáid na Gaeilge?
    Céard faoin duine nach bhfuil aon duine timpeall ina chónái in aice leo urthu chun do bheith ag labhairt i nGaeilge go laethúil l?

    Teastaionn Cúpla ceist ar nós-
    An núsáideann tú an Ghaeilge go laethúil ar bealach ar bith
    A. ag éisteacht nó a breathnú ar cláracha teilifíse nó físeáin i nGaeilge go laethúil?
    B. ag leammh ábhar i nGaeilge go laethúil?
    C. ag ple le Gaielge ar an idirlín?
    srl.