Feidhm le tabhairt do reachtaíocht a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí stáit glacadh leis an síneadh fada

Tá clár oibre leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta maidir le feidhm a thabhairt don reachtaíocht teanga nua

Feidhm le tabhairt do reachtaíocht a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí stáit glacadh leis an síneadh fada

Beidh feidhm á tabhairt an fómhar seo do reachtaíocht nua a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a litriú i gceart. Tá an dualgas áirithe sin i measc na bhforálacha  atá luaite ag Roinn na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua.

Faoin mbille, leagfaí dualgas i leith ainmneacha agus seoltaí daoine ar chomhlachtaí poiblí trí fho-orduithe a dhéanamh amach anseo agus chun fo-ordú dá leithéid a dhéanamh, chaithfeadh Aire na Gaeltachta cead a fháil ón Aire ar a mbeadh freagracht an chomhlachta poiblí sin.

Ó ritheadh an reachtaíocht nua ag deireadh 2021, cuireadh roinnt de na forálacha atá inti i bhfeidhm – tá dualgas curtha ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla – ach tá formhór na bhforálacha nua san acht fós le feidhmiú.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, le Tuairisc an tseachtain seo caite go raibh sé ag iarraidh go mbeadh gach foráil sa bhille achtaithe roimh dheireadh na bliana agus tá spriocanna nua fógartha ag a Roinn do bheagnach na forálacha eile go léir.

Tá sé i gceist ag an Roinn feidhm a thabhairt do 13 den 16 Alt atá fós le cur i bhfeidhm roimh lár an tsamhraidh, ach is amach sa bhfómhar a fheicfear roinnt dualgas á gcur ar chomhlachtaí stáit maidir leis an bplé a bhíonn acu leis an phobal.

Faoin sceideal tosaithe atá fógartha ag an Roinn tá sé mar sprioc cumhacht a thabhairt ar an 31 Deireadh Fómhair don fhoráil san Acht a leagann amach go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada agus a chinntiú gur féidir leis an bpobal ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid i gceart.

Faoin bhforáil chéanna, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí foirmeacha a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach agus caithfidh lógónna comhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh ainm aon chomhlacht poiblí a bhunófar i ndiaidh an dáta seo i nGaeilge freisin.

Tabharfar feidhm an lá céanna d’fhoráil a deir go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge, cumarsáid ar na meáin shóisialta ina measc, agus go mbeidh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Is ar an 15 Márta a chuirfear tús le feidhmiú na bhforálacha eile, a deir Roinn na Gaeltachta. Tá sé mar sprioc scata leasuithe ar Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm an lá sin, forálacha a bhaineann le cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga ina measc.

Faoin reachtaíocht nua, beidh cumhacht ag an gCoimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge. Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh sé gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais chun go bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.

Tabharfar isteach an lá céanna na forálacha a bhaineann le córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chórais na scéimeanna teanga. Faoi chóras na gcaighdeán, leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Ag deireadh mhí Aibreáin, tabharfar feidhmiú d’fhorálacha a bhaineann le ceapachán oifigeach i gcomhlachtaí poiblí a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chomhlacht chomh maith le foráil eile a fhágfaidh go gcaithfidh na fógraí a eisítear chun duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir a bheith dátheangach.

Tá sé mar sprioc An Coiste Logainmneacha a bhunú ag deireadh mhí Bealtaine. Tabharfaidh an coiste comhairle don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh agus déanfaidh sé taighde, nó déanfaidh sé taighde a choimisiúnú, i ndáil le logainmneacha.

Foráil amháin sa reachtaíocht nua nach bhfuil spriocdháta luaite léi. Ach deir an Roinn nach féidir an ceann áirithe sin, a bhaineann le haisghairm a dhéanamh ar fhorálacha sa phríomh-acht, a fheidhmiú go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga aontaithe.

Anuas air sin uilig, tá beartaithe ag an Roinn feachtas feasachta mór a reáchtáil sa chéad leath den bhliain i mbliana ag díriú ar na deiseanna fostaíochta sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí do chainteoirí Gaeilge.

Is í príomhsprioc na reachtaíochta ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí roimh dheireadh 2030.

Tá i gceist go ndéanfar feachtas feasachta rialta, uair sa bhliain nó mar sin, a reáchtáil chun daoine a chur ar an eolas faoi na cearta teanga nua sa reachtaíocht.

Tá Roinn na Gaeltachta ag féachaint ar scéimeanna printíseachta agus intéirneachta a chur ar fáil chomh maith ar mhaithe leis an sprioc 20% a bhaint amach.

 

Fág freagra ar 'Feidhm le tabhairt do reachtaíocht a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí stáit glacadh leis an síneadh fada'