Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaeltacht Chonamara

Don dara bliain as a chéile ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal duais na hÉireann i gcomórtas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh

Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaeltacht Chonamara

Bhí cúis cheiliúrtha ag iarbhunscoil Ghaeltachta i gConamara don dara bliain as a chéile an bua faighte ag dalta ón scoil i gcomórtas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh.

D’fhógair an Coimisiún Eorpach gurb é Fionnán Ó Coisdealbha, ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, a bhuaigh duais na hÉireann sa chomórtas ‘Juvenes Translatores’, comórtas aistriúcháin d’iarbhunscoileanna an Aontais.

Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a rinne Fionnán.

Is í seo an dara bliain as a chéile a ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire duais na hÉireann – ba í Maitilde Warsop ón scoil chéanna buaiteoir na hÉireann in 2022.

Daltaí ó scoileanna i nGaillimh a fuair sé cinn de na seacht ‘moladh speisialta’ a thug na moltóirí d’iarratasóirí na hÉireann ar chomórtas na bliana seo.

Tugadh moladh speisialta do na haistriúcháin idir Bhéarla agus Ghaeilge a rinne Róisín Ní Churraoin ó Choláiste Chroí Mhuire agus do Rebecca Breathnach, Róisín Ní Lionaird, Katie Ní Lochlainn agus Seán Ó Laoghaire ó Choláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe.

Fuair Renato Brule, ó Choláiste Éinde i mBóthar an Trá i nGaillimh, moladh speisialta as an aistriúchán a rinne sé ó Spáinnis go Béarla.

Bronnadh moladh speisialta eile ar Zuzanna Lacka, ó Choláiste Fhlannáin Naofa in Inis, Co. an Chláir, as aistriúchán ó Pholainnis go Béarla.

Ghlac 58 ndalta ó 13 meánscoil in Éirinn páirt sa chomórtas tras-Eorpach seo i mbliana. Ba é téama na bliana seo ‘a bheith de mhisneach agat difríocht a dhéanamh’.

Ghlac breis is 3,000 dalta ar fud na hEorpa páirt i gcomórtas na bliana seo.

Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin ó gach tír san Aontas, chomh maith leis an 247 dalta a fuair moladh speisialta as an aistriúchán sármhaith a rinne siad.

An 21 Márta 2024 sa Bhruiséil a reáchtálfar an searmanas bronnta.

Thréaslaigh Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, leis na daltaí.

“Sa lá atá inniu ann, tá sé níos tábhachtaí ná riamh tuiscint níos fearr a fháil ar chultúir agus ar dhearcthaí a chéile.

“Le scileanna teanga, is féidir ciall agus brí a bhaint as an saol agus cabhrú le daoine an bhearna eatarthu a líonadh. Go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, is mian leis an Aontas go mbeidh guth láidir ag daoine óga agus go dtabharfar éisteacht dóibh.”

Fág freagra ar 'Duais i gcomórtas aistritheoirí óga an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta as Gaeltacht Chonamara'

  • jpmorley0@gmail.com

    Gach rath oraibh a bhuaiteoirí! Is iontach go deo an ‘dara arm aigne’ a bheith líofa, lainneach agat. Tugann sé buntáiste mór duit agus osclóidh sé fuinneog eile ar an saol mar a bhfeicfidh tú radharcanna a shaibhreoidh d’aigne agus do shamhlaíocht, agus mar a dtiocfaidh tú i dtír ar d’oidhreacht agus ar do chultúr féin. Tugaimís moladh chomh maith don oide nó do na hoidí Gaeilge atá acu go léir óir go gcaithfidh go bhfuil sé /sí/siad dúthrachtach, díograiseach, inniúil ar mhúineadh na Gaeilge do na daltaí gach uile lá beo. Maith sibh!

  • PádraigÓC

    Wow, éacht eile déanta agaibh sa Spidéal! Craobh na hÉireann sa díospóireacht buaite agaibh agus anois an duais idirnáisiúnta seo. Léiriú ar an tionchar a bhíonn ag múinteoirí maithe Gaeilge agus Bainistíocht tiomanta don Ghaeilge ina scoil.
    #HupAnBaileBeag #S’Againne

  • GráinneNíNéill

    Comhghairdeachas libh ar fad. Tá todhchaí mhaith i ndán don Ghaeilge leis an nglúin óg, le teagascóirí maithe agus cultúr scoile gaelach. Coimeád suas an obair mhaith. Do rinne sibh éacht.

  • Deirdre

    Éacht eile bainte amach agaibh CCM! Coinnigí oraibh ag brú chun cinn. Maith sibh as ucht an méid atá sibh ag déanamh sa scoil don Ghaeilge, cultúr & traidisiún. Tá sibh thar barr. 💚 An difríocht a dhéanann foireann maith múinteoirí, tuismitheoirí atá tiomanta d’oideachas d’ardchaighdeán as Gaeilge. Tá muid chomh bródúil as an obair atá ar siúl agaibh. Tá CCM ar an scoil Ghaeltachta is láidre sa tír agus táimid buíoch daoibh as ucht an aire a thugann sibh d’ár ngasúr.

  • Máirín

    An dara teanga ná Béarla sa gcás seo!!

  • Mairéad

    Céard é do phointe Mháirín? Is í ceird an aistritheora aistriú ó cibé teanga is dual dóibh. Is sa Bhéarla a bhíonn formhór na gcáipéisí a bhíonn le n-aistriú! Iontach an t-éacht atá bainte amach ag CCM dhá bhliain as a chéile. An t-aon scoil sa tír a bhuaigh an comórtas dhá bhliain as a chéile.

  • Pádraig O'hEipicín

    Maith Sibh uilig.