Drochscéal don aeráid go maireann an meon Trumpach

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá an ruaig curtha ar Donald Trump as an Teach Bán ach is cinnte go bhfuil an meon a chuir ann é beo beathach. Drochscéal is ea é sin – agus ní hamháin don aeráid

Drochscéal don aeráid go maireann an meon Trumpach

Ach oiread le cuid mhór daoine ar fud an domhain lig an Saoithín Aeráide osna faoisimh Dé Sathairn seo a chuaigh thart nuair ba léir go raibh an bua faighte sa rás go dtí an Teach Bán ag Joe Biden.

Is mór an gar é don phláinéad ar fad nach mbeidh Donald Trump i mbun an Tí sin feasta.

Ach níor lig an Saoithín Aeráide scread áthais as. Tá go leor dochair déanta ó thaobh cúrsaí aeráide de ag Trump le linn na gceithre bliana go raibh sé i gcumhacht. Ní hamháin gur tharraing na Stáit Aontaithe amach as Conradh Pháras, ach cailleadh ceithre bliana luachmhara ina bhféadfaí polasaithe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian leis an aschur CO2 san eacnamaíocht is mó ar domhan.

Teastaíonn ón uachtaran tofa Joe Biden nach mbeidh aschur CO2 ar bith sna Stáit Aontaithe faoin mbliain 2050, tá sé ag iarraidh 2 thrilliún dollar a infheistiú i dtograí infreastruchtúrtha glasa agus tá sé ag iarraidh 1.5 milliún ‘tithe inmharthana’ a thógáil.

Pleananna iontacha, má bhíonn an deis aige iad a chur i bhfeidhm. Ach an chosúlacht atá ar chúrsaí agus an t-alt seo á scríobh, ní bheidh ach móramh beag bídeach ag na Daonlathaigh i dTeach na nIonadaithe agus is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh a fhios go dtí go reachtálfar toghchán réitigh in Georgia i mí Eanáir cé acu, na Daonlathaigh nó na Poblachtánaigh, a bheidh an móramh sa Seanad.

Lena chois sin, i ndiaidh don Trumpach Amy Coney Barrett a ainmniú mar bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach cúpla lá roimh an toghchán, tá an líon is mó breithiúna coimeádacha sa Chúirt sin ó bhí an bhliain 1950 ann.

I bhfocail eile, d’fhéadfadh sé dul crua ar Joe Biden réabhlóid a chur i gcrích ó thaobh polasaithe aeráide agus timpeallachta de go dtí toghchán lár téarma 2022 ar a laghad. Idir an dá linn, beidh an domhan ag téamh leis.

Dála an scéil, tá amhras mór ar an Saoithín Aeráide faoi phlean ‘glas’ eile de chuid an uachtaráin tofa Biden: 1 milliún post nua a chruthú i dtionscal na gcarranna leictreacha. Caithfear an litiam do chadhnraí na gcarranna sin a thochailt as áit éigin agus drochnuacht é sin don timpeallacht.

Ach anuas ar na fáthanna thuas, ba é an chúis ba mhó nár lig an Saoithín Aeráide scread áthais as Dé Sathairn seo a chuaigh thart ná chomh beag agus a bhí an bua a bhí ag Biden ar Trump, i ndiaidh chuile rud a tharla sna Stáit Aontaithe le ceithre bliana anuas.

Tá an Trumpach imithe as an Teach Bán (go ceann ceithre bliana, ar a laghad) ach is cinnte go bhfuil an meon a chuir ann é an chéad lá riamh beo beathach. Drochscéal is ea é sin – agus ní hamháin don aeráid.

Fág freagra ar 'Drochscéal don aeráid go maireann an meon Trumpach'

  • Charlie

    Bhí Trump ina uachtarán iontach