Dream mífhreagrach, mímhacánta, caolaigeanta atá i gceannas i Londain

Rinne rialtas Boris Johnson feall faoi dhó agus an fhírinne á séanadh go mínáireach acu 

Dream mífhreagrach, mímhacánta, caolaigeanta atá i gceannas i Londain

Dúirt Charles de Gaulle fadó nach gcloítear go buan i Sasana riamh le comhghuaillíocht ná le conradh, agus nach mbíonn meas ag Sasanaigh ar an bhfírinne.

Bhí sé ag cur síos ar an bhfáth gur chuir sé bac mar uachtarán na Fraince ar iarratas na Ríochta Aontaithe ar bhallraíocht sa Chomhphobal Eorpach (mar a tugadh i dtosach ar an Aontas Eorpach) i 1963. Chuir a dhiúltú bac éifeachtach chomh maith ar iarratas ballraíochta na hÉireann.

Chuir an cinneadh a d’fhógair rialtas na Breataine Dé Céadaoin go sáródh an Bhreatain forálacha Phrótacal Thuaisceart Éireann caint de Gaulle i gcuimhne do mhórán. 

D’fhógair Boris Johnson go mínáireach in Westminster go raibh forálacha i gconradh a cuireadh i bhfeidhm 62 lá roimhe sin á gcur i leataobh aige d’fhonn na tréimhsí cairde a cheadaigh an Prótacal (sula mbeadh sé i bhfeidhm go hiomlán) a shíneadh.

 Ba léir faoi cheann cúpla uair an chloig an dochar a dhéanfadh an cinneadh do chaidreamh na tíre sin leis an Aontas Eorpach agus le rialtas na hÉireann. 

Ainneoin leigheas ar na deacrachtaí a chuir isteach ar iompar earraí ón mBreatain go dtí an Tuaisceart a bheith pléite leis an AE sular labhair an Príomhaire Johnson, d’fhógair sé an síneadh gan é a phlé in aon chor leo.

Dáiríre rinne rialtas Johnson feall faoi dhó agus an fhírinne á séanadh go mínáireach acu. Tar éis dóibh sárú an Phrótacail a fhógairt shéan siad go raibh sárú ar bith i gceist. Is fiú breathnú mar sin ar an téacs agus ionracas nó mí-ionracas rialtas na Breataine á mheá. 

   Sonraítear in aguisín a seacht den Phrótacal go bhfuil dualgas ar an AE agus ar an Ríocht Aontaithe a chur in iúl dá chéile go bhfuil gníomh aontaobhach á bhreithniú acu a chuirfeadh bac ar a chur i bhfeidhm.

  Ní foláir dóibh ina dhiaidh sin dul i gcomhairle lena chéile féachaint an féidir teacht ar réiteach.

Ina dhiaidh sin arís, foráiltear sa Phrótacal go gcaithfear fógra míosa a thabhairt sula gcuirtear beartas aontaobhach i bhfeidhm, ach amháin i gcás eisceachtúil.

 Is léir ó na forálacha sin go léir, mar a deir an saineolaí dlí David Allen Green i bhfíseán atá ar shuíomh gréasáin an Financial Times, nach ionann iad agus uirlisí troda. 

Cuireadh sa Phrótacal iad, dar leis, ní ar mhaithe lena threascairt a éascú ach d’fhonn é a chosaint.

   Is léir mar sin go bhfuil an fhírinne séanta go hiomlán ag Boris Johnson agus ag Brandon Lewis agus sárú ar an bPrótacal á shéanadh acu.

Níl an Fhrainc ná tír ar bith eile gan locht, ach is léir freisin go n-oireann caint ghéar Charles de Gaulle fadó mar chur síos fós ar mhí-ionracas Shasana (tabhair faoi deara nár lochtaigh sé an Bhreatain ná an Ríocht Aontaithe).

An bhfuil leigheas ar an droch-cháil a thuilleann caime an rialtais i Londain?  Tá gan dabht. Ní gá dóibh ach cloí le dhá phrionsabal simplí.

1. Beart a dhéanamh de réir a mbriathair.

2. Inseacht bréag a sheachaint, go háirithe más léir don saol an bhréag.

Idir an dá linn faraor, beidh Éire agus go leor tíortha eile, á gcrá arís agus arís eile ag an dream mífhreagrach, mímhacánta, caolaigeanta atá i gceannas i Londain.

Fág freagra ar 'Dream mífhreagrach, mímhacánta, caolaigeanta atá i gceannas i Londain'

  • Fearn

    Dream mífhreagrach, mímhacánta, caolaigeanta atá i gceannas i Londain! Gan dabht! D’fhéadfá a rá! Deile?
    Ach níor choigil an Sasanach ceathrú an domhain chuige fhéin ar a sheal gan na tréithe riachtanacha seo. Agus tá a fhuíoll air, ainneoin athrach saoil a bheith ann. Tá tréith eile fóntach aige freisin. Sé sin ligint le fios don tsaol mhór gurb é buaic chothrom na Féinne, nuair a mbíonn a athrach ar a chroí. I nDomhnach, ghlac lucht Chonamara lena mhanadh : Féar plé.

    Agus “Rí an Domhain” úd, “Bozo ” Alexander Boris de Pfeffel Johnson (dáiríre) , thosaigh sé a réim gairme le tópar a fháil ó Times Londan as ucht éitheach a thabhairt in aois a 22 dó. Más tópar, ní dhearna dearcadh seo an éithigh dochar dona réim ghairme riamh ná a thuilleamh ná a stádas ná gnaoi an phobail air.

    Agus cad é an feallsúnacht atá aige i dtaobh Breatimeacht? Níor chuir sé fiacail ann riamh: An Craiceann agus a Luach a bheith aige. Nach bhfuil nath ag an Sasanach air cheana féin? “Cake-ism” ón leagan béarla den seanfhocal.

    Cad é mar is cóir plé leis an dream seo i gceannas i Londain? Diabhail tuairim agam, ach teacht roimh na mbréaga agus an éitheach agus an chamastíl agus an “athrach meoin” gan scor; más féidir. Má tháthar ag feitheamh go dtaga said “ar a gcéill”, beidh thiar an an duine sin.

    Bíodh Plean B ( agud C agus D) ag Rialtas na hÉireann!

  • Eoin Ó Murchú

    Píosa an-láidir – ó thoabh maslaithe dhe. Trua nach bhfuil aon anailís ag dul leis a leireódh bealach ar bith chun dul ar aghaidh a dhéanamh.

  • Paul Laughlin

    Cuireann sé i gcuimhne dom an seanfhocal Uladh- Chomh fealltach le Sasanach. Is cinnte gur fíor é sin.