Doug Beattie éirithe as mar cheannaire an UUP

‘Deacrachtaí doréitithe’ ba chúis lena chinneadh éirí as ceannaireacht an pháirtí, a dúirt Doug Beattie, atá ina cheannaire ó 2021

Doug Beattie éirithe as mar cheannaire an UUP

Tá Doug Beattie éirithe as mar cheannaire an UUP mar gheall ar “dheacrachtaí doréitithe”.

Bhí Beattie, atá ina bhall tionóil don Bhanna Uachtarach, ina cheannaire ar an UUP ó 2021 agus samhlaítear é mar dhuine atá ar an eite liobrálach den aontachtas.

Tuairiscítear go raibh aighneas sa pháirtí le roinnt seachtainí anuas, go háirithe faoi roghnú Colin Crawford mar bhall tionóil nua an mhí seo caite.

Ní go rómhaith a d’éirigh leis an UUP i roinnt toghchán le déanaí ach bhuaigh siad ar ais suíochán i bParlaimint Westminster in olltoghchán na Breataine i mí Iúil.

Robin Swann a bhuaigh an suíochán sin agus Crawford a roghnaíodh chun a áit i dTionól Stormont a thógáil.

Dúirt Beattie gur “onóir mhór” a bhí ann a bheith ina cheannaire ar an UPP cé gur obair “dheacair” agus “uaigneach” a bhí inti uaireanta.

“Tá taithí mhaith agam ar bheith I do cheannaire agus mar sin a bhraitheann sé go minic agus fágann sé a rian ar do chorp agus ar d’intinn. Cuireann brú chomh maith ar chairdeas agus ar chaidrimh pholaitiúla..

“Is léir anois go gcreideann daoine áirithe nach féidir gur uaimse a thiocfaidh an borradh atá ag teastáil chun go leanfadh an UUP ar aghaidh sa treo ceart.

“Mar go bhfuil deacrachtaí dosháraithe idir mé féin agus oifigigh sa pháirtí agus toisc nach bhfuil ar mo chumas feasta mo lorg a fhágáil ar an bpáirtí agus é a mhúnlú, ní féidir liom fanacht mar cheannaire páirtí.

“Mar sin, tá mé ag éirí as mar cheannaire an pháirtí le deis a thabhairt don pháirtí tús a chur láithreach leis an bpróiseas chun ceannaire nua a roghnú a mbeidh muinín ag an bpáirtí as agus a leanfaidh leis an dul chun cinn ar chuir mise tús leis.”

Ghabh sé buíochas leis na baill sa pháirtí a bhí dílis dó agus a thacaigh leis.

“Tá sé tábhachtach chomh maith glacadh leis nár aontaigh roinnt daoine leis an treo agus an cosán a leag mise síos don pháirtí, ná leis an bhfís a chuir mé chun cinn.

“Tá súil agam go dtuigeann siad nach féidir todhchaí ár bpáirtí a  chinntiú mura mbeidh an UUP ina pháirtí ionchuimsitheach san fhadtéarma agus teachtaireacht dhearfach aige.

“Tá súil agam go dtabharfar an tsaoirse don cheannaire nua gníomh a dhéanamh.”

 

Fág freagra ar 'Doug Beattie éirithe as mar cheannaire an UUP'

  • Paul Laughlin

    Nach cuma ?

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím leis nach féidir todhchaí an UUP a chinntiú mura mbeidh siad ina pháirtí ionchuimsitheach agus teachtaireacht dhearfach aige. Is léir nach n-aithníonn baill eile den pháirtí an bhunfhírinne sin agus is mór an trua gurb amhlaidh atá sé.