Tá dóchas ann i measc mhná tí na Gaeltachta go bhféadfadh ardú teacht i mbliana ar an deontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh Gaeilge.
Tugadh le fios an mhí seo caite i gcomhfhreagras ó Roinn na Gaeltachta, nach mbeadh aon airgead breise ar fáil chun cur leis an deontas a íoctar leis na mná tí, ach deir an Roinn anois nach bhfuil aon chinneadh deiridh déanta maidir leis na híocaíochtaí.
D’iarr CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh ar Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite an raibh an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh a choinníonn scoláirí le hardú i mbliana. I gcumarsáid atá feicthe ag Tuairisc, dúirt urlabhraí na Roinne le CONCOS nach raibh sé i gceist an deontas reatha a ardú i mbliana “ós rud é go bhfuil méadú 30% tagtha ar an deontas le blianta beaga anuas”.
Tuigtear go ndeachaigh CONCOS agus roinnt mná tí i dteagmháil le hAire na Gaeltachta Dara Calleary ag éileamh air athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus tháinig scéal ón Roinn laistigh de chúpla lá ag rá nach raibh cinneadh deiridh déanta go fóill.
“Díreach ar fhaitíos na míthuisceana, is mian leis an Roinn a shoiléiriú nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir le hardú do na mná tí i mbliana,” a dúradh agus iarradh go gcuirfí an scéal sin chuig na coláistí samhraidh.
In 2022 ardaíodh an deontas laethúil do mhná agus fir tí ó €10 go dtí €12 agus fógraíodh anuraidh go raibh euro breise le cur leis, rud a fhágann gur €13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a fhaigheann teaghlaigh.
Tá an t-ioncam seo faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge díolmhaithe ó cháin ioncaim agus sa mbreis ar an íocaíocht a fhaigheann teaghlaigh ó na coláistí féin.
Idir an dá linn, tá Sinn Féin ag moladh go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta a thugadh an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh sular cuireadh deireadh leis in 2008. Deontas €52 in aghaidh an scoláire a bhí i gceist.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee go gcosnódh sé thart ar €1.43 milliún an deontas a thabhairt ar ais ag an leibhéal céanna. Thart ar 27,500 scoláire a d’fhreastail ar choláistí samhraidh na Gaeltachta in 2024.
Tá sé ráite go minic le blianta beaga anuas go dteastaíonn níos mó airgid a chur ar fáil do mhná agus fir tí chun teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil do scoláirí. Tá titim mhór tagtha ar líon na dteaghlach Gaeltachta a choinníonn scoláirí le roinnt blianta anuas agus imní léirithe faoi thodhchaí na gcoláistí dá bharr.
An tseachtain seo a cuireadh tús le coláistí samhraidh Gaeilge ar fud na Gaeltachta agus súil ann go mbeidh na mílte scoláirí ag freastal orthu.
Róisín
Pingineacha atá á íoc chun lóistín a chur ar fáil….ach ár ndóigh ná dearmadaítear is í an Ghaeilge atá i gceist agus ar an mbonn sin, tá pingineacha dóthanach dar leis an Roinn seo agus an Roinn siúd.