Dlús á chur leis na fiosrúcháin faoi laethanta deireanacha Trump sa Teach Bán

Comhartha atá i ruathar an FBI ar theach saoire Donald Trump go bhfuiltear ag géarú ar na fiosrúcháin éagsúla maidir lena iompar ag deireadh a thréimhse as Teach Bán

Dlús á chur leis na fiosrúcháin faoi laethanta deireanacha Trump sa Teach Bán

Thug an FBI cáipéisí as teach saoire an iarUachtaráin Donald Trump in Palm Beach, Florida nuair a rinne siad ruathar air.

Ní raibh an t-iar-uachtarán in Mar-a-Lago nuair a tharla an ruathar agus ag a ghalfchúrsa in Bedminster, New Jersey, a deirtear a bhí sé. Bhí an cuardach thart agus an FBI bailithe leo ón teach faoin am ar chuir Trump a ráiteas amach faoin scéal.

Is cuid é an ruathar seo den fhiosrúchán atá ar siúl faoi líomhaintí gur thug Donald Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán, beart a bheadh in aghaidh an dlí.

Comhartha atá sa ruathar seo ar an teach saoire go bhfuiltear ag géarú ar na fiosrúcháin éagsúla maidir lena laethanta deireanacha sa Teach Bán.

“Tá mo theach cónaithe álainn, Mar-A-Lago in Palm Beach, Florida, faoi léigear faoi láthair. Rinne díorma mór gníomhairí de chuid an FBI ruathar ar an teach agus ghlac siad smacht air. Bhriseadar isteach i mo thaisceadán féin,” a dúirt Trump.

Choinnigh an t-iarUachtarán 15 bosca d’ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais. Cuireadh an cás sin faoi bhráid na Roinne Cirt i dtús na bliana seo.

Rinneadh an ruathar seo ar theach Trump agus é faoi amhras nár chloígh sé mar is ceart leis na rialacha maidir le cáipéisí rúnaicmithe. Ní taobh leis an gcás seo atá cúrsaí dlí ag bagairt ar Trump faoi láthair.

Tá an Roinn Cirt ag cur dlús lena fiosrú féin faoi na hiarrachtaí a rinne Trump fanacht in oifig nuair a chaill sé an toghchán in 2020. Tá fiosrúchán coiriúil ar bun faoi in Georgia agus cásanna sibhialta ina choinne á dtabhairt Nua-Eabhrac.

Is fada é ina phort ag Trump gur uirlis atá san FBI ag na Daonlathaigh agus iad ag iarraidh é féin a chrochadh.

Ní haon scéal nua an t-amhras agus an chaint faoi cheist seo na gcáipéisí agus na n-ábhar rúnda agus an chaoi ar chaith Trump leo agus é sa Teach Bán.

Fiosraíodh cheana é faoin sárú a rinne sé ar Acht Thaifid an Uachtaráin 1978, acht a ordaíonn go gcaomhnaítear cáipéisí an Tí Bháin.

Is féidir fíneáil nó príosún a chur ar dhuine a sháraíonn an reachtaíocht sin trí thaifid uachtaráin a scrios nó a thabhairt chun bealaigh d’aon turas nó go mídhleathach agus is féidir é a dhícháiliú ó aon oifig phoiblí anois ná go deo.

Sa ráiteas a d’eisigh Donald Trump rinne sé comparáid idir an ruathar seo agus ‘Watergate’ agus é ag cur an mhilleáin ar na ‘Daonlathaigh Radacach ar an eite chlé’. Chuir Trump ina leith go raibh siad “ar a mine ghéire ag iarraidh nach seasfadh mé don Uachtaránacht in 2024 agus déanfaidh siad rud ar bith le Poblachtánaigh agus Caomhaigh a stopadh sna toghcháin lár téarma atá romhainn”.

Fág freagra ar 'Dlús á chur leis na fiosrúcháin faoi laethanta deireanacha Trump sa Teach Bán'

  • Antóin

    Tá gach cuma air go bhfuil eagla a gcraiceann ar na Daonlathaigh.