Diúltaithe do rún go mbeadh Bliain na Gaeilge arís ann ach í sa phlean i gcónaí

Bhí an rún go mbeadh Bliain na Gaeilge 2023 ann i measc na rún ar diúltaíodh dóibh ag Ard-Fheis na heagraíochta i Muineachán

Diúltaithe do rún go mbeadh Bliain na Gaeilge arís ann ach í sa phlean i gcónaí

Pictiur: Sam Boal/Rollingnews.ie 

Cé gur diúltaíodh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge do rún go n-eagrófaí Bliain na Gaeilge arís in 2023, níl sé curtha as an áireamh ná baol air go mbeadh an fhéile arís ann.

Bhí an rún go mbeadh Bliain na Gaeilge 2023 ann i measc na rún ar diúltaíodh dóibh ag Ard-Fheis na heagraíochta i Muineachán.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht le Tuairisc.ie áfach nach ag fáil aon locht ar Bhliain na Gaeilge 2018 a bhí lucht diúltaithe an rúin ach ag moladh go mbeadh “gealltanais chinnte faoi acmhainní” faighte sula dtabharfaí faoina leithéid arís.

Táthar ag súil, a dúirt an t-urlabhraí, go mbeidh rún eile maidir le Bliain na Gaeilge á mholadh amach anseo nuair a bheidh gealltanais faighte maidir le maoiniú agus acmhainní di.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach raibh aon cheist ann ach “gur chóir” Bliain na Gaeilge a reáchtáil arís.

Ba é an “ceacht is mó” a bhí le foghlaim ag an eagraíocht ó Bhliain na Gaeilge 2018 ná nár cheart tabhairt faoina leithéid arís gan cinnteacht a bheith ann maidir le hacmhainní agus maoiniú i bhfad roimh ré agus gur cheart tréimhse ullmhúcháin i bhfad níos faide a bheith ann.

Thit ualach na hoibre a bhain le Bliain na Gaeilge 2018 ar oibrithe Chonradh na Gaeilge féin, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Diúltaithe do rún go mbeadh Bliain na Gaeilge arís ann ach í sa phlean i gcónaí'

  • Tuairisg

    Cén mhaith a rinne sé d’aon duine? Seafóid do bhoicíní. Déanaigí rud eicint ceart do fhíor lucht labhartha na Gaeilge.

  • Feardorcha

    Nach breá go bhfuilid ag foghlaim “ar an jab”.
    Féile ceoil, bliain cheiliúrtha, laethanta agóide. Beidh siad níos fearr an chéad uair eile, mair a chapaill!

  • Séamus

    Bhí Bliain na Gaeilge ábhairín seafóideach, déanta na fírinne. Níl a fhios agam an ndéanfadh a leithéid aon mhaitheas riamh do dhuine ar bith. Ach ar a laghad ba chóir níos mó ullmhúcháin a dhéanamh roimh ré. Is maith liom gur moladh sin ar aon nós. Bhí fógraí ar an teilifís leath an bhealaigh trí 2018, rud atá amaideach amach is amach. ‘Bliain na Gaeilge’ leathchaite cheana agus fógraí curtha ar an teilifís. Más buan mo chuimhne, an raibh Bliain na Gaeilge ann cheana, in 2013 b’fhéidir? Ba chóir dóibh na ceachtanna a fhoghlaim ansin i ndáiríre. Bliain an Bhéarla i mbliana ar aon nós, ba chóir dúinn luí isteach air sin;)