Diúltaithe ag Bercow d’iarratas Boris Johnson ar vóta faoina mhargadh Breatimeachta

Bhí súil ag Johnson go gcaithfí vóta sa pharlaimint Dé Sathairn seo caite faoina mhargadh leis an AE ach cuireadh dá mbuille é nuair a glacadh le leasú chun an cinneadh a chur siar

Diúltaithe ag Bercow d’iarratas Boris Johnson ar vóta faoina mhargadh Breatimeachta

Tá diúltaithe ag spéicéir Westminster John Bercow d’iarratas Boris Johnson go gceadófaí i bparlaimint Westminster tráthnóna vóta ‘sea nó ní hea’ maidir lena mhargadh Breatimeachta.

Bhí súil ag Johnson go gcaithfí vóta sa pharlaimint Dé Sathairn seo caite faoina mhargadh leis an AE ach cuireadh dá mbuille é nuair a glacadh le leasú chun an cinneadh a chur siar.

Agus é ag diúltú glacadh leis an rún is déanaí, dúirt Bercow gur mar a chéile rún an lae inniu agus an rún Dé Sathairn agus nach mbeadh sé ag cloí le nósanna imeachta na Parlaiminte dá réir. Dúirt sé chomh maith nár tharla aon “athrú suntasach” sa scéal lasmuigh den Parlaimint a thabharfadh air vóta eile a cheadú.

Toisc gur glacadh leis an leasú Dé Sathairn bhí ar Johnson litir a sheoladh chuig an AE chun síneadh ama ar an mBreatimeacht a lorg, rud a dúirt sé cheana nach ndéanfadh sé ba chuma cad a tharlódh.

Níor shínigh Johnson an litir a seoladh chuig an AE agus tá scagadh ó thaobh an dlí á dhéanamh ar a chuir chuige ina leith.

De réir na reachtaíochta céanna a chuir iachall ar Johson an litir a sheoladh, chaithfeadh sé chomh maith glacadh le síneadh ama má thairgíonn an tAE a leithéid.

Caithfear vótáil in Westminster chomh maith faoin reachtaíocht atá ag teastáil chun an Breatimeacht a chur i gcrích.

Molfaidh Páirtí an Lucht Oibre leasuithe ar an reachtaíocht sin. Beidh siad ag éileamh go mbeidh reifreann ann sula n-aontófaí aon mhargadh Breatimeachta.

Molfaidh siad rún eile go bhfanfadh an Bhreatain i gcomhaontú custaim nua laistigh den Aontas Eorpach. D’fhág leasú an tSathairn, ar bhuille mór é do Johnson, go raibh ar an bpríomh-aire litir a chur go dtí an tAontas Eorpach inar lorgaíodh síneadh ama trí mhí ar Alt 50 agus ar an mBreatimeacht.

Tá seanráite ag Johnson go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain, is cuma cad a tharlóidh agus nach lorgódh sé síneadh ama ar chúis ar bith.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Bercow d’iarratas Boris Johnson ar vóta faoina mhargadh Breatimeachta'