Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’éileamh do scoil nua i nGaeltacht Chonamara

Thug Regina Doherty, le fios sa Seanad ar maidin gur beag seans atá ann go gcuirfear foirgneamh nua ar fáil do Scoil Náisiúnta Shéamais Naofa i mBearna

Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’éileamh do scoil nua i nGaeltacht Chonamara

Tá ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil sé i gceist acu foirgneamh níos mó a chur ar fáil do bhunscoil i nGaeltacht Chonamara.

Phléigh an Seanadóir Seán Kyne cás Scoil Náisiúnta Shéamais Naofa i mBearna sa Seanad ar maidin agus é ag iarraidh ar an Roinn ionad nua a chur ar fáil don scoil.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael go raibh foirgneamh nua ag teastáil de bharr áiseanna na scoile, a tógadh i 1980, a bheith as dáta, agus chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar dhaonra an cheantair.

“Níl [foirgneamh na scoile] suas chun dáta ó thaobh fuinnimh de, toirt na seomraí ranga, leagan amach an fhoirgnimh, srl,” a dúirt Kyne.

Deich seomra ranga atá i Scoil Náisiúnta Shéamais Naofa i láthair na huaire agus 259 dalta ag freastal uirthi.

Mhínigh an Seanadóir Kyne freisin gur chruthaigh gaireacht na scoile don phríomhbhóthar deacrachtaí.

“Tá an scoil suite ar an R336, bóthar an chósta, áit a bhfuil an trácht trom, cosáin chúnga agus gan aon áit sábháilte le dul trasna an bhóthair.”

Dúirt Kyne go raibh suíomh níos feiliúnaí don scoil ar bhóthar Mhaigh Cuilinn, ó thuaidh den bhaile, a bheadh níos sábháilte do dhaltaí agus a spreagfadh iad le siúl ar scoil nó dul ar rothair.

Dúirt an Seanadóir go raibh an scoil páirteach sa scéim aitheantais faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, go raibh an Ghaeilge “lárnach” sa phobal agus gur ceadaíodh plean teanga Bhearna faoin bpróiseas pleanála teanga le gairid.

Mar fhreagra ar iarratas Kyne, áfach, thug an tAire Stáit Josepha Madigan, le fios gur beag seans a bhí ann go gcuirfí foirgneamh nua ar fáil don scoil.

Dúirt Josepha Madigan go raibh líon na ndaltaí ar an rolla sa scoil tite 9% le cúig bliana anuas agus go raibh sé tuartha go raibh laghdú le teacht ar an éileamh d’áiteanna i mbunscoileanna sa cheantar sna blianta beaga amach romhainn.

Luaigh sí go raibh maoiniú “suntasach” faighte ag an scoil idir 2009 agus 2012 chun dhá sheomra ranga nua a thógáil agus gur dhiúltaigh an Roinn d’iarratas a rinneadh in 2016 foirgneamh nua ina mbeadh 16 seomra ranga a thógáil.

“Tuigim, a Sheanadóir, gur cuireadh in iúl d’údaráis na scoile nach léir don Roinn go bhfuil foirgneamh nua scoile ag teastáil mar go bhfuil cóiríocht chuí sa scoil le freastal ar a riachtanais sa bhfadtéarma agus ar riachtanais an cheantair pleanála scoile sin. Is é sin dearcadh na Roinne i gcónaí,” a dúirt sí.

Dúirt an Seanadóir Kyne go raibh díomá air le freagra an Aire, go háirithe maidir leis na deacrachtaí a chruthaigh an príomhbhóthar don suíomh atá ag an scoil faoi láthair. Dúirt sé nach raibh aon bhealach ann leis an mbóthar a leathnú ná carrchlós a chur ar fáil don scoil.

Mheas an Seanadóir Kyne gur ionad nua don scoil an t-aon leigheas a bhí ar an scéal agus d’iarr sé ar an Roinn Oideachais dul i dteagmháil leis an scoil agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe arís maidir leis an gcás.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’éileamh do scoil nua i nGaeltacht Chonamara'

  • Seán

    Aire Stáit Doherty ?

  • Eimear

    Sin anois do pholasaí don Oid. Gaeltachta!!