Diúltaithe ag an Aire Oideachais an tréimhse Gaeltachta a mhaitheamh d’ábhair oidí atá líofa sa Ghaeilg

De ghnáth, bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht le go mbeidís aitheanta mar mhúinteoirí bunscoile ag an Chomhairle Mhúinteoireachta

Diúltaithe ag an Aire Oideachais an tréimhse Gaeltachta a mhaitheamh d’ábhair oidí atá líofa sa Ghaeilg

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais an tréimhse Gaeltachta a mhaitheamh d’ábhair oidí atá líofa sa Ghaeilge.

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Réada Cronin, a chuir an cheist ar an Aire Oideachais, Norma Foley, faoin tréimhse Gaeltachta, ar gné riachtanach den chúrsa í, a mhaitheamh do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge.

De ghnáth bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht le go mbeidís aitheanta mar mhúinteoirí bunscoile ag an Chomhairle Mhúinteoireachta.

I gceist scríofa Dála, dúirt Réada Cronin go bhféadfadh “na costais” a bhaineann leis an tréimhse Gaeltachta, a bheith ina mbac d’ábhair oidí atá líofa sa Ghaeilge.

Mar chuid den cheist, mhol an Teachta Réada Cronin don Aire Foley fad an chúrsa iarchéime d’ábhair oidí a phlé leis an Aire Ardoideachais Simon Harris féachaint an bhféadfaí é a laghdú go cúrsa bliana in áit cúrsa dhá bhliain.

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Oideachais go bhfaigheann gach ábhar oide, a thugann faoi chéim agus iarchéim san oideachas, €815 de dheontas chun an táille iomlán don tréimhse Gaeltachta a íoc.

Diúltaíodh chomh maith don mholadh go laghdófaí fad an chúrsa máistreachta san oideachas go cúrsa bliana.

Ag labhairt di le Tuairisc faoin mholadh dúirt an Teachta Réada Cronin gur tháinig an moladh ó dhuine ina dáilcheantar a bhí líofa sa Ghaeilge agus a bhí ag iarraidh a bheith ina múinteoir.

“Cainteoir líofa Gaeilge a raibh céim mháistreachta aici sa teanga, a tháinig chugam leis an cheist. Tá sí ag iarraidh a bheith ina múinteoir Gaeilge ach dúirt sí go raibh an tréimhse Gaeltachta, agus fad an chúrsa iarchéime, ag cur daoine ó dhoras.”

Dúirt Réada Cronin nach polasaí de chuid Shinn Féin a bhí ann go mbeadh an tréimhse sa Ghaeltacht á maitheamh do dhaoine atá líofa sa teanga ach go raibh sí chun an scéal a phlé le hurlabhraí oideachais Shinn Féin, Sorcha Nic Cormaic.

Dúirt Réada Cronin gur chóir breathnú ar bhealaí ina bhféadfaí na cúrsaí d’ábhar oidí a dhéanamh “níos tarraingtí, go háirithe i bhfianaise an ganntan múinteoirí Gaeilge atá ann.”

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Aire Oideachais an tréimhse Gaeltachta a mhaitheamh d’ábhair oidí atá líofa sa Ghaeilg'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Ceart ar fad ag an aire oideachais an t-éileamh seafóideach seo ó Reada Cronin TD a dhiúltiú

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní raghaidh an tréimhse sa Ghaeltacht i bhfaighid ar éinne, ciacu máistrí nó ollúna iad.

  • Seán Bán Bolg Scadán

    D’aontóinn leis an gcinneadh sin. Formhór acu sin a áitíonn go bhfuil líofacht acu, níl siad ag insint an fhírinne. Níl cainteoir in Éirinn nach bhféadfadh feabhas a chur ar a chumas teanga. Ba chóir caighdeán níos airde a éileamh ar chainteoirí líofa agus scrúduithe déine a chur orthu leis an gcumas a mhaíonn siad a bheith acu a mheas agus gradam agus aitheantas a bhronnadh orthu dá réir. Ní shin le rá go bhfuil aon mhaitheas sna tréimhsí Gaeltachta céanna.