DÍOSPÓIREACHT na gCEANNAIRÍ: Cluichí cleamhnais á n-imirt i ndíospóireacht chiotach fhuinniúil

Ní raibh na ceannairí i ndíospóireacht na gceannairí anocht cinnte i gcónaí faoi cé leis go díreach ar cheart dóibh slais a chaitheamh agus cé leis ar cheart dóibh súil a chaochadh

DÍOSPÓIREACHT na gCEANNAIRÍ: Cluichí cleamhnais á n-imirt i ndíospóireacht chiotach fhuinniúil

Bhain seó bóthair an olltoghcháin Cathair na Gaillimhe amach oíche Dé Luain agus díospóireacht na gceannairí le Claire Byrne (Claire Byrne Live: Leaders Debate, RTÉ1) ar siúil i Halla Bailey Allen ar thailte na hOllscoile cois abhann.

Murab ionann agus an tseachtain seo caite nuair a thug ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael aghaidh ar a chéile bhí cead aighnis ag seachtar ceannairí ar an Luan. Dá bharr ba dhíospóireacht chiotach, ghlórach, fhuinniúil a bhí againn. Bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar Chlaire bhocht is í ag impí agus ag fógairt ar na cainteoirí gan a bheith ag sárú caint a chéile. Dhein sí leibhéal ar chainteoirí nuair ba ghá agus d’éirigh léi srian a chur orthu gan í féin a shá isteach sa chúram an iomad mar a dhéanann Pat Kenny. Í ag tabhairt fúthu faoi “auction politics” agus an claonadh atá ann aimsir thoghchán breabaireacht a dhéanamh orainn lenár gcuid airgid féin.

Tá a fhios ag madraí an bhaile nach mbeidh móramh ag aon pháirtí, nó aon dá pháirtí (FF agus FG as an áireamh), tar éis an olltoghcháin. Dá bhrí sin taibhsíodh dom nach raibh na ceannairí cinnte i gcónaí faoi cé leis go díreach ar cheart dóibh slais a chaitheamh agus cé leis ar cheart dóibh súil a chaochadh.

Bhí an cheist chéanna ag dó na geirbe ag an gcathaoirleach Claire Byrne. Dá bharr chuir sí an carr roimh an gcapall agus cleamhnais iarthoghcháin á tharraingt anuas aici mar an chéad ábhar cainte. Níl Fianna Fáil sásta labhairt le Sinn Féin nó Fine Gael, níl Fine Gael sásta luí le Sinn Féin ach táid sásta dul ag suirí le Fianna Fáil agus tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh comhghuaillíocht de chuid na heite clé a chur le chéile. Scread mhaidine oraibh ar fad ba ea an port a bhí ag Richard Boyd Barrett agus chuir Mary Lou McDonald an mhallacht chéanna ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael. Bhí míobhán im cheann agus gan aon cheist faoi pholasaithe caite chucu go fóill.

Chuaigh rudaí ar bóiléagar ábhairín di nuair a tosaíodh ag caint ar bhaill Shinn Féin a bheith faoi bhos chait Ard-Chomhairle na heagraíochta, ach thug sí na cosa léi.

Bhí cleatráil mhaith daoine bailithe isteach sa halla agus cuireadh in iúl dúinn ag tús an chláir gurbh iad an comhlacht Red C a bhí i bhfeighil an tslua.  An eagla a bhíonn orm leis an iomarca ionchuir ón lucht féachana ná go bhfuil an baol nach mbeidh aon oidhre air ach leagan beo beathaíoch d’íochtar an idirlín.  I ndeireadh na dála níor tháinig ón slua ach cúpla ceist fhánach.

Caitheadh cúpla slais le dealramh. Leo á chasadh le Mary Lou go bhfuil a páirtí “soft on crime and high on taxes” agus Mary Lou ag baisteadh “tweedledum is tweedledee” ar Martin agus Varadkar. Dar léi gur chuir Fianna Fáil an geilleagar go tóin poill agus go bhfuil an t-ospidéal is costasaí riamh á thógaint ag Fine Gael.

Casadh le Leo é gur bhaist duine dá chomhghleacaithe ‘nutters’ ar bhaill áirithe de Chomhaontas Glas. Bhain sé gáire as an lucht féachana nuair a d’fhógair sé go seanbhlastúil go bhfuil ‘nutters’ i ngach páirtí, a cheann féin san áireamh.

Mar is dual do Richard Boyd Barrett tháinig riastradh deisbhéalach air cúpla babhta agus d’éirigh leis bualadh bos a fháil dos na spallaí a chaith sé faoi cháin chorparáideach agus camastaíl na mbanc.

I ndeireadh an lae b’fhacthas dom gur comórtas a bhí ann idir Leo, Micheál agus Mary Lou. Ba chuma ann nó as Róisín Shortall, bhí Boyd Barrett ann le cúpla spalla a chaitheamh agus ní fhéadfaí aon leibhéal a dhéanamh ar Eamon Ryan nó Brendan Howlin mar go mbeidh duine acu, nó an bheirt acu ag teastáil le dul i mbun cleamhnais.

 

Fág freagra ar 'DÍOSPÓIREACHT na gCEANNAIRÍ: Cluichí cleamhnais á n-imirt i ndíospóireacht chiotach fhuinniúil'

  • Beartla de Búrca

    Nach spéisiúil an rud é nach raibh Aontú ann.