Díomá faoi ‘easpa aitheantais’ don Ghaeilge i bhfeachtas margaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall

Mheas Comhairleoir Contae amháin má bhí iarracht á déanamh sa phlean uathúlacht Dhún na nGall a léiriú gur cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach ann

Díomá faoi ‘easpa aitheantais’ don Ghaeilge i bhfeachtas margaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall

Tá díomá léirithe ag comhairleoirí contae i nDún na nGall faoina laghad aitheantais a tugadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i bhfeachtas nua margaíochta a eagraíodh chun daoine a mhealladh chun an chontae.

Tá roinnt comhairleoirí ag gearán go bhfuil neamhaird déanta ar an nGaeilge san fheachtas a seoladh an mhí seo caite.

Dúirt an Comhairleoir Marie Therese Gallagher, cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, go raibh díomá uirthi nár cuireadh béim níos mó ar an nGaeilge sa phlean margaíochta.

Mheas sí go raibh iarracht déanta sa phlean uathúlacht Dhún na nGall a léiriú agus má bhí gur cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach ansin.

Dúirt Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil Noreen McGarvey gur cheart go mbeadh cuireadh tugtha do Dhónall Mac Ruairí, a cheap Comhairle Contae Dhún na nGall mar ambasadóir teanga, páirt a ghlacadh i seoladh an phlean nua. Dúirt sí gur ceart stádas ar leith a thabhairt don Ghaeilge ag ócáidí mar seo.

Chreid an Comhairleoir McGarvey go raibh dearmad déanta sa phlean ar chuid de na háiteanna is áille sa chontae, ar láithreacha Gaeltachta i ndeisceart agus in iarthar an chontae cuid díobh.

Luaigh McGarvey an Earagail, Sliabh Liag agus Aerfort Dhún na nGall mar thrí áit nach raibh luaite i bplean na Comhairle Contae. Roghnaíodh Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn mar an t-aerfort is áille ar domhan in 2020, an tríú bliain as a chéile ar bronnadh an gradam sin air.

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall an feachtas margaíochta chun turasóirí, oibrithe agus infheistíocht a mhealladh chuig an chontae ach dúirt an Comhairleoir McGarvey gur dearmad eile a bhí ann nár luadh ionaid Gteic Údarás na Gaeltachta ná Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt Barney McLoughlin, Ceannasaí Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bpléifeadh sé gach ar luadh ag an gcruinniú leis na dreamanna lenar bhain an cúram. 

Seoladh suíomh idirlín nua, Donegal.ie, mar chuid den phlean margaíochta.

Fág freagra ar 'Díomá faoi ‘easpa aitheantais’ don Ghaeilge i bhfeachtas margaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall'