Aerfort Gaeltachta roghnaithe mar an t-aerfort is áille ar domhan

Bhuaigh Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill an duais don tríú bhliain as a chéile

Aerfort Gaeltachta roghnaithe mar an t-aerfort is áille ar domhan

Tá aerfort i gceartlár na Gaeltachta roghnaithe mar an t-aerfort is áille ar domhan.

Bhuaigh Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill an duais don tríú bliain as a chéile. An comhlacht PrivateFly a bhronn an duais ar an aerfort tar éis dóibh vótaí a fháil ó na mílte taistealaí as na ceithre hairde.

Bhí Aerfort Dhún na nGall chun cinn ar aerfoirt sa Tansáin, sa Ghréig, in Albain agus i dtíortha eile.

“Is ann atá an radharc tíre is galánta ar domhain,” an moladh a bhí ag duine amháin a thug vóta d’Aerfort Dhún na nGall.

“Tá tú in ann na hoileáin agus na tránna galánta uile a fheiceáil ar do bhealach isteach. An Earagail agus na Rosa. Slí an Atlantaigh Fhiáin ar gach bealach!” a dúirt duine eile faoin aerfort.

Roghnaíodh Aerfort Dhún na nGall mar an t-aerfort is áille ar domhan in 2019 agus in 2018 chomh maith. Sa tríú háit a bhí sé sa vótáil in 2017.

Bhain an t-aerfort tuilleadh clú amach le mí anuas nuair a bhí sé le feiceáil sa chluiche ríomhaireachta Microsoft Flight Simulator 2020.

Tá an t-aerfort Gaeltachta ar cheann de 30 aerfort ar fud na cruinne a bhfuil samhail chruinn déanta díobh sa chluiche sin.

Bhain Microsoft úsáid as íomhánna satailíte chun na haerfoirt a chruthú agus meastar gur roghnaíodh Aerfort Dhún na nGall mar gheall ar áilleacht an cheantair mórthimpeall air.

Seoladh Microsoft Flight Simulator 2020 an mhí seo caite ar Windows.

Aerfort Dhún na nGall i ‘Microsoft Flight Simulator 2020’

Fág freagra ar 'Aerfort Gaeltachta roghnaithe mar an t-aerfort is áille ar domhan'