Díograis Luimnigh, seasmhacht na Gaillimhe agus greadadh do Chiarraí – a raibh le foghlaim ón deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí peile agus iomána ó na sraitheanna náisiúnta

Díograis Luimnigh, seasmhacht na Gaillimhe agus greadadh do Chiarraí – a raibh le foghlaim ón deireadh seachtaine

Díograis ar leith léirithe ag Luimneach

Cé nach raibh Gaillimh i mbarr a maitheasa inné agus go raibh roinnt imreoirí ar iarraidh orthu agus easpa fuinnimh fós ag cur as dóibh, tá moladh ar leith tuillte ag Luimneach as taispeántas den scoth a thabhairt.

Bhí Séamus Flanagan, Barry Murphy agus Aaron Gillane ar fheabhas i measc na dtosaithe ach bhí tionchar na gcosantóirí chomh tábhachtach céanna i Staid an Phiarsaigh.

Ní raibh cúl ar bith géillte ag Luimneach sa tsraith roimh an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe inné agus cé nár thóg sé ach cúpla nóiméad ar na Gaillimhigh cor a chur sa scéal sin, níor ghéill na Muimhnigh tuilleadh.

Cé go raibh cosantóirí Luimnigh i bhfad róscaoillte sa chéad leath agus fuílleach spáis á thabhairt do Chathal Mannion agus a leithéidí, neartaigh siad go mór sa dara leath.

Níor aimsigh na Gaillimhigh ach aon phointe amháin ón imirt sa dara leath sin agus ceithre cinn san iomlán a fuair siad. Bhí Seán Finn, Richie English agus a gcomhghleacaithe ar fheabhas i mbun na cosanta agus chuidigh sé leo go raibh Cian Lynch agus Paul Browne i gceannas i lár páirce.

Leitir Móir
Cosantóir na Gaillimhe, Seán Andy Ó Ceallaigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Muinín ag Kevin Walsh sna fir chéanna

Bhí toradh níos fearr i ndán do pheileadóirí na Gaillimhe i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh agus áit bainte amach acu anois i gcluiche ceannais na sraithe tar éis dóibh Muineachán a shárú.

Roimh an gcluiche seo i Staid an Phiarsaigh, bhí ceithre imreoir déag a thosaigh gach cluiche sraithe do Ghaillimh, Ruairí Lavelle, Declan Kyne, Seán Andy Ó Ceallaigh, Eoghan Kerin, Cathal Sweeney, Gareth Bradshaw, Johnny Heaney, Paul Conroy, Peter Cooke, Seán Kelly, Shane Walsh, Éamonn Brannigan, Patrick Sweeney agus Damien Comer.

Tar éis do bheirt Mhaigh Cuilinn, Peter Cooke agus Seán Kelly, cluiche an lae inné a thosú ar an mbinse, 12 imreoir atá fágtha a thosaigh gach uile chluiche do Ghaillimh go dtí seo agus mar sin níl sé deacair foireann Kevin Walsh a thuar.

Gach seans gur in aghaidh Bhaile Átha Cliath a bheidh Gaillimh i gcluiche ceannais na sraithe. Tiocfaidh foireann Jim Gavin chomh fada le Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo chugainn agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an gcloífidh Walsh leis na fir chéanna nó an gcuirfidh sé fir nua chun páirce in iarracht an dallamullóg a chur ar Gavin.

Is maith is eol do bhainisteoir na Gaillimhe, áfach, go bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí scrios ar Ghaillimh má dhéantar an iomarca athruithe,.

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Ní athraíonn greadadh Bhaile Átha Cliath ar Chiarraí mórán

Cinnte, ní dhéanfaidh greadadh dhá phointe dhéag aon mhaitheas do Chiarraí ach seans nach bhfuil bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice, ró-thrína chéile i ndiaidh chluiche an lae inné i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Chuir Ciarraí tús maith leis an gcluiche agus iad trí phointe chun cinn agus ocht nóiméad imeartha. Tar éis gur ghéill siad cúl sách bog agus gur chuir siad cúpla deis a bhí acu féin amú, ní raibh siad ach pointe amháin chun deiridh ag leath ama.

Buille mór a bhí a bhí ann nach raibh Paul Geaney ná Seán O’Shea in ann dul chun páirce don dara leath de bharr gortuithe agus ba uaidh sin ar aghaidh a ghlac Baile Átha Cliath ceannas ar an gcluiche.

Léiríodh go bhfuil Baile Átha Cliath roinnt mhaith chun cinn ar Chiarraí i gcónaí ach thuig muid an méid sin roimh an Domhnach. Má bhíonn gach duine ar fáil do Fitzmaurice don chraobh, beidh cuma iomlán difriúil ar a fhoireann i gcomparáid leis an gceann a bhí ann faoin am gur tháinig deireadh leis an imirt i bPáirc an Chrócaigh inné. Idir imreoirí atá le filleadh agus na himreoirí nua a bhfuil cruthaithe go maith acu sa tsraith, d’fhéadfadh Ciarraí an bhearna a laghdú fós. Sin a bheidh Fitzmaurice ag súil leis ar aon nós.

Kevin Foley Loch Garman ag iarraidh stop a chur le fear Chill Chainnigh, Richie Leahy. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níl deireadh le Cait Cody go fóill

Tar éis gur chuir Cill Chainnigh drochthús leis an tsraith agus gur chaill siad an chéad dá chluiche, tá áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais agus feabhsaithe go mór ó dheireadh mhí Eanáir.

Ní haon iontas é go raibh TJ Reid agus Cillian Buckley ar bheirt de na himreoirí a spreag Cill Chainnigh ach is ábhar dóchais é taispeántais an fhir óig, Richie Leahy chomh maith.

Bhí Leahy ar fheabhas i bPáirc Uí Nualláin inné. Trí phointe ón imirt a fuair sé ó lár páirce. D’aimsigh sé líon céanna cúilíní, an scór cinniúnach ina measc, sa bhabhta deireanach in aghaidh Thiobraid Árann.

Ní hé Leahy an t-aon ógánach a thabharfá suntas dó ach an oiread. Bhí Martin Keoghan ar fheabhas in aghaidh Phort Láirge agus tá a gcumas léirithe ag John Donnelly agus James Maher chomh maith.

Cinnte, níl an chuma dhochloíte chéanna ar fhir Brian Cody níos mó, ach tá mianach iontu go fóill.

Fág freagra ar 'Díograis Luimnigh, seasmhacht na Gaillimhe agus greadadh do Chiarraí – a raibh le foghlaim ón deireadh seachtaine'