Dintiúirí na rialtas i leith na Gaeilge le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe i measc na gcainteoirí ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge atá ar siúl i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo

Dintiúirí na rialtas i leith na Gaeilge le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Tiomantas nó easpa tiomantais na rialtas in Éirinn don Ghaeilge a bheidh faoi chaibidil ag seiminéar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge atá ar siúl i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo.

Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, a bheidh ina cathaoirleach ar sheimineár na hArd-Fheise anocht agus is iad ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, an tAire Stáit Seán Kyne, an Teachta Dála Bríd Smith, Pobal Roimh Bhrabús,  agus  an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, Sinn Féin, a bheidh i mbun díospóireachta   faoi dhearcadh agus chur chuige rialtas na tíre seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bunaíodh Conradh na Gaeilge 125 bliain ó shin.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go rabhthas ag “súil go mór” le seimineár na hArd-Fheise agus. 

“Beidh sé spéisiúil dearcaidh na bpáirtithe éagsúla a chloisteáil agus iad ag teacht le chéile le plé a dhéanamh trí Ghaeilge ar an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag rialtais na hÉireann don teanga agus don Ghaeltacht le 125 bliain anuas.  Is iontach an deis í seo tuairimí bhaill an Chonartha a chloisteáil agus a chur os comhair na bpáirtithe éagsúla chomh maith.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go dtabharfaidh an Ard-Fheis “deis” do bhaill an Chonartha a n-éilimh agus a rúin a chur chun tosaigh. Thug de Spáinn suntas do rúin áirithe a bheidh á bplé le linn an deireadh seachtaine, ina measc rún maidir le ról na heagraíochta i dtaobh an éilimh ar acht Gaeilge ó thuaidh agus rún maidir le maoiniú breise a lorg do choistí pleanála teanga na Gaeltachta.

Cuirfear rún eile i láthair na hArd-Fheise ag éileamh go mbeadh oideachas trí Ghaeilge ar fáil ag gach leibhéal do gach duine sa tír atá á lorg agus molfar chomh maith  go mbunófaí ‘Oifig na Gaeilge’ sna húdaráis áitiúla ar fad, thuaidh agus theas.

Cuirfear tús tráthnóna le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán an Meadowlands i dTrá Lí. Leanfaidh imeachtaí na hArd-Fheise amárach nó go gcuirfear clabhsúr ar an deireadh seachtaine oíche amárach le Dinnéar na hArd-Fheise, siamsaíocht agus bronnadh Ghradaim Chonradh na Gaeilge.

Toghfar chomh maith le linn an deireadh seachtaine Uachtarán Chonradh na Gaeilge  agus baill de Choiste Gnó na heagraíochta.

Beidh cead vótála ag craobhacha agus baill aonair sna toghcháin, agus deirtear go mbeidh fáilte roimh chách ag ócáid teaghlaigh Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl amárach i mbaile Thrá Lí féin.

Fág freagra ar 'Dintiúirí na rialtas i leith na Gaeilge le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'