Digitiú déanta ar thart ar 60,000 mír as cartlann Chonradh na Gaeilge

Tá ábhair éagsúla sa bhailiúchán maidir le feachtais faoi chearta Gaeilge, faoin gcraoltóireacht agus faoi stádas na Gaeilge san Eoraip

Digitiú déanta ar thart ar 60,000 mír as cartlann Chonradh na Gaeilge

Taibhdhearc na Gaillimhe. "Scaipín na gCleas" ("Les Fourberies de Scapin") 1933

Tá na scórtha míle mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge curtha ar fáil ar líne a bhuíochas don chomhoibriú idir an eagraíocht teanga agus Ollscoil na Gaillimhe.

Thart ar 60,000 íomhá atá ar fáil i láthair na huaire agus obair ar bun chun digitiú a dhéanamh ar chartlann an Chonartha.

Cuireadh tús leis an tionscadal digitithe bliain go leith ó shin agus níl i gceist leis an 60,000 íomhá atá ann faoi láthair ach thart ar 10% den bhreis is 600,000 mír a chuir an Conradh faoi chúram Ollscoil na Gaillimhe in 2018.

Baineann an t-ábhar le gníomhaíochtaí, feachtasaíocht agus a bhfuil bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh í in 1893. Tá léargas le fáil sa chartlann ar mhóreachtraí i stair na hÉireann agus ar obair Chonradh na Gaeilge.

Seoladh an cnuasach digitithe d’íomhánna ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Chomh maith le sraitheanna iomlána de chláir Oireachtais agus Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge ó na 1890idí go dtí tús na 2000idí, tá ábhair éagsúla ann maidir le feachtais faoi chearta Gaeilge amhail na feachtais faoi chúrsaí craoltóireachta agus an feachtas do stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá ábhar sa chartlann chomh maith a bhaineann le próiseas síochána Thuaisceart Éireann.

Is í Cartlannaí an Tionscadail, Niamh Ní Charra, a roghnaigh an t-ábhar don chnuasach agus rinne an grianghrafadóir digiteach Maeve O’Neill an digitiú féin ar son Archives Ireland.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, go raibh lucht na hollscoile bródúil agus buíoch go bhfuil “ ceann de na hacmhainní rochtana oscailte Gaeilge is mó dá bhfuil ann” ar an gcampas. Tá bailiúcháin dhigiteacha san Ollscoil freisin amhail closábhar béaloidis an Ollaimh Tomás Ó Máille, na nuachtáin Ghaeilge, An Gaodhal agus An Stoc, agus grianghraif ó Thaibhdhearc na Gaillimhe.

Dúirt Monica Crump, Leabharlannaí Gníomhach na hOllscoile, go raibh lúcháir orthu go mbíonn an chartlann á húsáid i gcúrsaí taighde agus teagaisc ó rinneadh catalógú uirthi.

“De bhrí go bhfuil an bailiúchán digiteach seo á chur ar fáil go hoscailte againn, táimid ag cur ar chumas taighdeoirí, lucht taighde sa phobal agus aon duine ar spéis leo stair Chonradh na Gaeilge, an Ghaeilge nó stair na hÉireann go ginearálta, iad féin a thumadh i dtaifid na móreagraíochta náisiúnta seo.”

Ghabh Uachtarán an Chonartha, Paula Melvin, buíochas le Niamh Ní Charra as an obair atá déanta aici agus dúirt sí gur iontach an t-éacht é go bhfuil ábhar de chuid na heagraíochta seo le breis agus 100 bliain anuas curtha ar fáil don phobal.

Is féidir an bailiúchán seo, mar aon le cartlanna digitithe eile, a fheiceáil ar ardán Chartlann Dhigiteach Ollscoil na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Digitiú déanta ar thart ar 60,000 mír as cartlann Chonradh na Gaeilge'