Dialann Ghaeilge ó aimsir Chogadh na Saoirse aimsithe i Luimneach

An tAthair Tomás de Bhál a bhreac an dialann agus tá digitiú déanta uirthi ag Cartlann Chathair agus Chontae Luimnigh

Dialann Ghaeilge ó aimsir Chogadh na Saoirse aimsithe i Luimneach

Tá dialann Ghaeilge aimsithe a bhaineann le ré Chogadh na Saoirse i Luimneach. An tAthair Tomás de Bhál a bhreac an dialann agus tá digitiú déanta uirthi ag Cartlann Chathair agus Chontae Luimnigh. Deartháir ab ea Tomás de Bhál le Seán Wall, Cathaoirleach Chontae Luimnigh a maraíodh céad bliain ó shin.

Bhí an tAthair Tomás de Bhál sáite i saol polaitíochta na linne agus i ngluaiseacht na teanga.  Tá ainm in airde ar an Athair Tomás de Bhál toisc go raibh sé ar dhuine den bheirt sagart – a chara An tAthair Ó hAodha an duine eile – ar dhein an tEaspag Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, cosaint orthu  nuair a d’iarr an Ginearál Maxwell air iad beirt a cheansú tar éis Éirí Amach 1916.

Bhí an dialann i seilbh an Athar Gearóid Wall, mac Sheáin Wall, ar feadh i bhfad. Bhí an dialann agus mórán cáipéisí eile i seilbh mhuintir Marks in Áth Dara ina dhiaidh sin agus rinne siadsan teagmháil le Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál.

I ndiaidh don Dr Róisín Ní Ghairbhí agus an Dr Shane Grant an dialann a scrúdú tugadh an dialann agus an mórbhailiúchán lena mbaineann sí ar láimh do Chartlann Chathair agus Chontae Luimnigh. Breacadh na cín lae ó Bhealtaine 1919 go deireadh Aibreáin 2020.

Dúirt an Dr Róisín Ní Ghairbhí gur “leabhrán beag” a bhfuil “tábhacht  ar leith” ag baint leis atá sa dialann.

“Rud annamh cín lae as Gaeilge, agus is léir gur thuig an tAthair de Bhál gur chóir dó fianaise a bhreacadh ar na himeachtaí drámatúla a bhí ag titim amach timpeall air. Duine é a raibh aithne aige ar mhórphearsaí na polaitíochta agus an chultúir.

“Braithimid fuinneamh agus sceon na ré trína shúile: cuardach ag ‘pílir’, ráflaí, cruinnithe iomadúla de chuid Chonradh na Gaeilge, léirithe drámaíochta, cainteanna ar chúrsaí staire. In iontráil amháin tráchtann an sagart óg ar litir a fháil ar maidin ó Mhéara Chorcaí Tomás Mac Curtáin ach faoi lár an lae tá scéala dhúnmharú an Mhéara tagtha chuige.”

Dúirt an Dr Ní Ghairbhí go gcuireann an cuntas “fuil agus feoil ar chnámha na staire”.

“Tuigimid a aduaine agus a bhí an saol, agus ansin arís, an tslí go ndeachaigh daoine i dtaithí ar imeachtaí na ré corraithe seo.”

Tá léargas ar an duine é féin le fáil sa dialann Ghaeilge chomh maith, arsa an Dr Shane Grant.

“Fear gnóthach é – is minic nach dtéann sé a chodladh go meán oíche nó ina dhiaidh sin. Bíonn sé ag obair ina ghairdín agus ag fiosrú eolais faoi lámhscríbhinní Gaeilge.

“Agus tá gluaisrothar aige, a chuireann ar a chumas taisteal mórthimpeall an chontae – idir é sin agus an córas traenach a bhí ann an uair úd.”

Dúirt Jacqui Hayes ó Chartlann Chathair agus Chontae Luimnigh go raibh “lúcháir” ar lucht na cartlainne go bhfuil an dialann agus an mórbhailiúchán lena mbaineann sé digitithe agus ar fáil do scoláirí agus don phobal.

Agus gan dabht, tá léargas cumhachtach iontu ar scéal dheartháir Tom, Seán Wall a bhí ina Chathaoirleach ar Chontae Luimnigh agus ar deineadh é a lámhach céad bliain ó shin.”  

Dúirt an Dr Róisín Ní Ghairbhí go gcuirfeadh na cáipéisí eile sa bhailiúchán go mór le tuiscint daoine ar an Athair de Bhál agus ar Athbheochan na Gaeilge i gContae Luimnigh.

In Ard Mhic Eocháin in aice leis an mBrú i gContae Luimnigh a rugadh Tomás de Bhál  agus chaith sé tréimhse i Má Nuad agus sa Róimh ag staidéar. Fuair sé bás i mBaile an Gharraí mar ar chaith sé an fiche bliain deiridh dá shaol. Bhí sé  ar an gcéad Uachtarán ar Chumann na Sagart, cumann Gaeilge na sagart Caitliceach.

Beidh sraith imeachtaí ceiliúrtha ar siúl mar chomóradh ar bhás Sheán Wall agus athaimsiú na dialainne go luath.

Fág freagra ar 'Dialann Ghaeilge ó aimsir Chogadh na Saoirse aimsithe i Luimneach'

  • Saorlaith Ni Nuallain

    A chara,

    Tá súil agam go bhfuil tú go maith.

    An mbeadh Jacqui Hayes nó Shane Grant (nó an bheirt acu), sásta labhairt ar an gclár Fios Feasa ar Raidió na Life faoi seo? Sílim go mbeadh sé an-suimiúil.

    bheinn buíoch díot ach teacht ar ais chugam faoi 12.00pm Dé Luain 10 Bealtaine 2021.

    Go raibh míle maith agat.