Dhá shraith nua le craoladh ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de sceideal an fhómhair

Beidh sraith nua sean-nóis le Caitlín Ní Chualáin agus sraith taistil leis an fhile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta an fómhar seo

Dhá shraith nua le craoladh ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de sceideal an fhómhair

Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Pictiúr: Clare Keogh

Beidh sraith nua sean-nóis ag an amhránaí iomráiteach Caitlín Ní Chualáin agus clár taistil leis an fhile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh á gcraoladh mar chuid de sceideal nua Raidió na Gaeltachta don fhómhar.

Gach Déardaoin ag a 8.30pm a chraolfar Seoda Foinn, ina mbeidh Caitlín Ní Chualáin, amhránaí as Conamara agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada, ag cur a rogha amhrán i láthair ó fhonnadóirí na linne.

Sraith taistil í Ómós Áite, ina mbeidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag tabhairt cuairte ar scríbhneoirí Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na hÉireann le fáil amach faoin cheangal atá acu lena gceantar dúchais. Sraith deich gclár atá i gceist a bheas ag craoladh gach Céadaoin ag 2.05pm. I measc na scríbhneoirí a bheas páirteach sa tsraith, beidh Dairena Ní Chinnnéide, Jackie Mac Donncha, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Dinny Wren.

Dé Luain seo chugainn, an 11 Meán Fómhair, a chuirfear tús le sceideal an fhómhair ar Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Dhá shraith nua le craoladh ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de sceideal an fhómhair'