Dhá dhuais litríochta buaite ag leabhair de chuid Futa Fata

Duaiseanna Ná Gabh ar Scoil, le Máire Zepf agus Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin

Dhá dhuais litríochta buaite ag leabhair de chuid Futa Fata

Tá dhá dhuais litríochta buaite ag leabhair a d’fhoilsigh Futa Fata. Tá duais ‘Leabhar na Bliana’ buaite ag Ná Gabh ar Scoil, le Máire Zepf, ag comhdháil Chumann Liteartha na hÉireann agus bronnadh duais ‘White Raven’ ar Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Fógraíodh buaiteoir ‘Leabhar na Bliana’ i mBaile Átha Cliath ag comhdháil an Chumainn Liteartha in Institiúid Oideachais Marino. Bhronn an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin an gradam ar mhaisitheoir an leabhair, Tarsila Krüse.

Scéal faoi bhéar beag atá ar bís le dul ar scoil agus a mháthair trína chéile ag iarraidh ligean lena mac atá á insint sa leabhar, a foilsíodh in 2015. Ta leaganacha Cóiréise agus Béarla den leabhar ar fáil anois freisin.

Agus an gradam sin á fhógairt i mBaile Átha Cliath, bhí duais eile á bronnadh ar leabhar eile de chuid Futa Fata ag na ‘White Ravens’ i München na Gearmáine — Bliain na nAmhrán. Ceiliúrann gradaim White Ravens scoth na leabhar do dhaoine óga i ngach uile chearn den domhan.

Foilsíonn Leabharlann Idirnáisiúnta na nÓg, atá lonnaithe sa Ghearmáin, catalóg na White Ravens gach bliain. Roghnaítear 200 leabhar ó 56 tír agus 38 teanga le cur ar an liosta. Tá Bliain na nAmhrán i measc na leabhar a cuireadh le catalóg na bliana seo.

Seolfar an chatalóg oifigiúil ag Aonach Leabhar Frankfurt an tseachtain seo, agus beidh na leabhair uilig sa chatalóg sin ar taispeáint ag Aonach Leabhar Bologna an bhliain seo chugainn. Beidh an taispeántas sin ar camchuairt ar fud na hEorpa le linn 2018.

Tá fiche amhrán ar fad sa leabhar, atá maisithe ag Christina O’Donovan, Brian Fitzgerald, Tarsila Krüse agus Jennifer Farley, cúig amhrán do gach séasúr den bhliain. Is é stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin a chum na hamhráin ar fad atá sa leabhar agus is é atá le cloisteáil ar an CD a ghabhann leis, i dteannta pháistí óga as Cois Fharraige, agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2016, Caitlín Ní Chualáin.

Seo an dara gradam atá bainte ag Bliain na nAmhrán, mar bhuaigh an leabhar Duais Speisialta na Moltóirí ag Gradaim Leabhar na Bliana de chuid Leabhair Pháistí Éireann níos luaithe i mbliana.

Fág freagra ar 'Dhá dhuais litríochta buaite ag leabhair de chuid Futa Fata'