Dhá chás eile den choróinvíreas aimsithe ó thuaidh

Cúig chás den víreas atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, trí cinn ó thuaidh agus dhá cheann in oirthear na tíre

Dhá chás eile den choróinvíreas aimsithe ó thuaidh

Táthar tagtha ar dhá chás eile den choróinvíreas ó thuaidh, rud a fhágann gur cuíg chás ar fad atá aimsithe in Éirinn go dtí seo. 

Thug an Roinn Sláinte sa tuaisceart le fios nach raibh baint ag an dá chás is déanaí lena chéile. 

Daoine fásta an bheirt is déanaí a bhfuil an galar tolgtha acu. Bhí duine acu i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí teagmháil le déanaí ag an duine eile le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.  

Dúradh go raibh an cúram leighis “cuí” á chur ar an mbeirt agus go rabhthas ag obair chun a fháil amach cé hiad na daoine eile a raibh teagmháil acu leo. 

Cúig chás den víreas atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, trí cinn ó thuaidh agus dhá cheann in oirthear na tíre. Bhí ceathrar de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris tráthnóna go bhféadfadh an coróinvíreas a bheith linn “go ceann míonna fada”.

Bhí an méid sin le rá ag an Aire tráth a bhfuil scoileanna á ndúnadh ar fud na hEorpa mar gheall ar an ngalar agus tráth a bhfuil easpa trealaimh chosanta ann de bharr daoine a bheith i mbun scaollcheannacháin.

Is í an chomhairle atá á cur ar mhuintir na hÉireann gan taisteal go tuaisceart na hIodáile mura bhfuil gá leis. Fuair ós cionn 100 duine bás san Iodáil de thoradh an ghalair go n-uige seo.

Dúirt an tAire Sláinte nach mbeadh aon éifeacht le cosc iomlán a chur ar eitiltí chun na hÉireann as na ceantair is measa atá buailte ag an ngalar.

Táthar tagtha ar 85 cás den víreas anois sa Ríocht Aontaithe, mar ar tharla an méadú is mó ar líon na gcásanna in aon lá amháin inniu.

Dúirt príomhoifigeach leighis Shasana gur dócha go raibh “eipidéim” ar an mbealach.

Tuairiscíodh go raibh faoi rialtas na hIodáile cosc a chur ar ócáidí poiblí agus pictiúrlanna agus amharclanna a dhúnadh ar fud na tíre.

Tá bás faighte ag nach mór 3,200 leis an ngalar atá tolgtha ag breis is 93,000 duine in 80 tír.

Bhásaigh 2,981 duine sa tSín agus bhain 80,270 de na cásanna leis an tír sin.

Is í an Chóiré Theas an dara tír is measa atá buailte ag an ngalar agus 5,328 cás a bhí sa tír sin go dtí seo. Tá os cionn 100 cás deimhnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt ceannasaí WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, inniu go rabhthas ag rith amach as mascanna, spéaclaí cosanta agus trealamh cosanta eile toisc a leithéidí a bheith á gceannach ag daoine a bhfuil scaoll iontu.

Dúirt ceannasaí WHO gur géire a theastaigh an trealamh ó oibrithe sláinte. “Ní féidir linn stop a chur le Covid-19 gan cosaint a thabhairt dár n-oibrithe sláinte,” ar sé. Dúirt sé go raibh mascanna máinliachta a shé oiread níos daoire agus aerálaithe trí oiread níos daoire de dheasca an scaollcheannacháin.

Fág freagra ar 'Dhá chás eile den choróinvíreas aimsithe ó thuaidh'