‘D’fhoghlaim mé an frása ‘that sounds like a YP not a MP’ i mbliana’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2023 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá an scríbhneoir Bridget Bhreathnach

‘D’fhoghlaim mé an frása ‘that sounds like a YP not a MP’ i mbliana’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

D’fhoghlaim mé an frása ‘that sounds like a YP not a MP’ i mbliana, agus é ráite liom le caochadh súl is loinnir dhána inti. Sea, tá déagóir anois agam.

Séard atá i gceist leis, mura raibh sé de dhánaíocht ag éinne é a rá leat go fóill, ná ’sin í d’fhadhbsa agus ní m’fhadhbsa!’. Níl a fhios agam cén giorrú i nGaeilge a bheadh air, b’fhéidir go mbeadh moltaí agatsa.

“Is í YP í, go deimhin, a chailín!” an freagra ceart atá ar an bhfrása sin má deirtear leat é, mar eolas, agus cuir do chroí is d’anam isteach ann agus tú á rá. Seirbhís phoiblí atá á soláthar anseo agam agus treoir don bhacach ar chosán driseach na ngiorrúchán rúndiamhair.

Sílim go dtosóidh mé á úsáid mé féin is á scaipeadh tríd mo chuid cainte go flúirseach, fiú nuair nach bhfeileann sé baileach don chomhthéacs ar chor ar bith. Ní dhéanfaidh mé ach é a rá, mo shúile a iompú ar na flaithis agus casadh amach ar mo sháil amach as cathaoir an fhiaclóra, nó oifig an dochtúra, nó pé áit a mbeidh mé ag iarraidh éalú as ar bhonn práinne.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

Chuir sé ríméad orm nuair a chuala mé go raibh an scríbhneoir Patricia Forde ainmnithe mar Laureate na bPáistí don chéad tréimhse eile. Is í Áine Ní Ghlinn a bhí sa ról sna trí bliana roimhe seo, an chéad uair ag scríbhneoir Gaeilge sa ról. Rinne sí obair iontach chun deis a thabhairt do léitheoirí óga ar fud na tíre leabhair Ghaeilge a léamh trí na Boscaí Leabharlainne a chur sna scoileanna i rith a tréimhse agus tograí eile a bhí idir lámha aici a chuir an léitheoireacht chun cinn.

B’iontach a chloisteáil go raibh Patricia Forde, Laureate na nÓg, ag teacht i gcomharbacht ar Áine, scríbhneoir eile le Gaeilge, bean mhisniúil, spraíúil, bhríomhar a dhéanfaidh éacht, tá mé cinnte. Tá tús curtha aici lena cuid oibre agus an téama atá aici ná ‘Samhlaigh! Samhlaigh! Making it up as we go along’.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

Cuireann sé an-bhrón orm go ndeachaigh líon na ndaoine gan dídean sa tír os cionn 14,000 duine. Is cuimhin liom an t-ionadh a cuireadh orainn mar phobal in 2019 nuair a chuaigh líon na ndaoine gan dídean thar 10,000 duine den chéad uair sa tír seo. Cé a cheapfadh go ngabhfadh sé thairis?

Nuair a fhoilsítear na figiúirí de líon na ndaoine gan dídean cloiseann muid go leor cainte ach níl an chuma air go bhfuil aon athrú ag teacht ar an scéal ainneoin na cainte. Tá gasúir ag fás aníos i lóistín éigeandála, in ionaid soláthair dhírigh agus i seomraí óstáin.

Tugtar go leor cúiseanna agus ar an gcéad radharc tá cuma an réasúin orthu. Deirtear gur easpa tithe is cúis leis, gur cúrsaí pleanála, easpa airgid, tithe fágtha folamh, fuílleach árasán imithe ag turasóirí nó seomraí gafa ag teifigh.

Níl mé ag rá nach bhfuil baint éigin ag na cúiseanna sin leis an scéal, ach d’fhéadfaí chuile cheann acu a shárú dá mbeadh toil sách láidir ann. Creidim gurb í an chúis is mó atá leis an easpa tithíochta ar phraghas réasúnta ná go bhfuil sé fágtha faoin margadh an soláthar a dhéanamh.

Tá deis tugtha don mhúnla príobháideach mar pholasaí agus is léir nach bhfuil sé ag freastal ar an éileamh atá ann do thithíocht sa tír seo. Anois, tá sé thar am soláthar poiblí a chur ar fáil ar bhonn práinne le go mbeidh daoine in ann tithíocht a aimsiú ar phraghas réasúnta agus a saol a chaitheamh le dínit.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Thug mé cuairt i mbliana den chéad uair ar Gharraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath agus is fada liom go ngabhfaidh mé ar ais ann agus níos mó ama agam an chéad uair eile. Rinne muid turas siúil fómhair agus treoraí againn, ní raibh air ach €5 an duine agus chuaigh na gasúir faoi 12 in aisce.

Ó tharla go raibh sé ina bháisteach an lá a raibh muid ann is istigh sna tithe gloine móra galánta a rinneadh an turas agus d’éirigh linn an Teach Alpach a fheiceáil, Teach na bPailmeacha agus Teach na gCachtas agus na Súmharán.

Feicfidh tú plandaí is crainnte ann nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan, chomh maith le cinn atá á gcaomhnú ag garraithe na hÉireann in éineacht le garraithe eile ar fud na cruinne. Chuirfeadh sé mórtas ort go bhfuil a leithéid d’áit againn agus daoine a thugann a saol don obair seo.

Tá cáil ar gharraíodóirí as bua na foighde, agus bhí a chruthúnas sin sa treoraí a bhí againn agus í sásta míle ceist a fhreagairt ar an mbealach.

Is geall le heachtraí Indiana Jones na scéalta a théann le cuid de na plandaí agus an chaoi ar tugadh go dtí na garraithe iad an chéad lá riamh. Chonaic muid bláth amháin a d’aimsigh luibheolaí Éireannach istigh faoi eas uisce i nGuatamala is é ar luascadh bunoscionn ó bharr aille. Nach beag a bhí le déanamh aige!

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Chuaigh ARIMA, seó damhsa comhaimseartha agus ceol beo cruthaithe ag Amaia Elizaran agus Liam Ó Maonlaí, i bhfeidhm go mór orm. Chonaic mé é sa Taibhdhearc sa bhfómhar.

Ní raibh mé in ann tóin ná ceann a dhéanamh as an seó ar dtús. Tosaíonn sé amach go ciúin agus gan mórán gluaiseachta agus bíonn d’intinn ag lorg snáth scéil le breith air chun tú féin a tharraingt tríd ach ní leanann siad turas scéil. Bhí sé níos cosúla le seisiún machnaimh ná mar a bhí sé le dráma agus bhí suaimhneas álainn le haireachtáil istigh i bpluaisín teolaí na hamharclainne.

A mhalairt den suaimhneas a bhí san amharclann chéanna nuair a chuaigh muid ag breathnú ar Big Maggie, léiriú de chuid Chumann Drámaíochta Chois Fharraige de dhráma John B. Keane agus é aistrithe go Gaeilge go paiteanta ag Bridie Ní Churraoin. Ní suaimhneas a bhí á lorg againn an tráthnóna sin, ach gáire agus siamsaíocht.

Ar ndóigh ní gáire ar fad atá i ndráma Keane agus é ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna moráltachta in Éirinn a linne, cumhacht na hEaglaise agus ról na mban agus d’éirigh leis an léiriú an dá thrá a fhreastal go cumasach. Bhí na haisteoirí thar cionn agus is breá a fheiceáil go bhfuil an drámaíocht beo bríomhar i measc an phobail.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Tá súil agam gur fhoghlaim mé rud éigin. Chaithfeadh gur fhoghlaim. Ceacht domhain a chuaigh go mór i gcion orm is a d’athraigh mo mheon ar an saol ó bhonn aníos. Chaithfeadh é. Cuimhneoidh mé air ar ball.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

Bhuel anois, nuair a chonaic mé an cheist seo shocraigh mé súil siar a chaitheamh ar an bhféilire go bhfeicfinn an raibh aon rún agam i mbliana. Agus má bhí, céard é agus ar éirigh liom an sprioc a bhaint amach.

Siar liom go mí Eanáir. Chonaic mé go raibh píosa páipéir téipeáilte isteach sa leabhar agam ag tús na bliana agus sliocht scríofa air a raibh focail spreagúla air.

Is dóigh gur cheap mé go dtabharfadh sé ugach éigin dom. Níor oibrigh an plean ar an údar go ndearna mé dearmad iomlán go raibh sé ann.

Seo thíos mar a bhí scríofa air, b’fhéidir go dtabharfadh sé ugach duitse.

“Críochnaigh rud éigin. Aon rud. Stop den taighde, den phleanáil agus den réiteach i gcomhair na hoibre. Éirigh as agus déan an obair.”

B’fhéidir go gcrochfaidh mé le téip é ar an mballa ina aice leis an deasc  don bhliain seo chugainn. Ní bheidh stopadh ar bith linn.

Fág freagra ar '‘D’fhoghlaim mé an frása ‘that sounds like a YP not a MP’ i mbliana’'