Ó thosaigh tionscnamh na hEorpa i dtús na gcaogaidí bhí sé ag dul ó ghéarchéim go géarchéim agus aisteach go leor baineann an ghéarchéim is déanaí atá ar leac an dorais acu anois le réimse polasaí nár éirigh leo ceannas a ghlacadh riamh air.
Tá sé ráite le fada go bhfuil sé in am ag na ballstáit agus ag an Aontas díriú ar cén dearcadh nó cur chuige a bheidh acu i dtaobh cúrsaí cosanta agus polasaí eachtrach. Theip go tubaisteach orthu dul i ngleic leis an gcogadh sna Balcáin i ndeireadh an chéid seo caite agus dúradh ag an am go gcaithfí an scéal a leigheas. Níor deineadh aon fhorbairt ar an gcur chuige ó shin, cuid mhór den chúis go raibh tromlach na i NATO cheana féin.
Ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin an mhí seo trí bliana ó shin is ag brath ar NATO agus na Stáit Aontaithe atá Aontas na hEorpa lena gcur chuige a fhorbairt. Ainneoin baill dá gcuid a bheith scanraithe gur orthusan a dhéanfar an chéad ionsaí eile agus réimsí móra tionsclaíochta in áiteanna cosúil leis an nGearmáin a bheith ag brath ar thionscal na n-arm, is beag forbairt atá déanta ar sheasamh an Aontais Eorpaigh. An tseachtain seo, bheifeá den tuairim gur tháinig caint Donald Trump go bhfuil seisean le cainteanna a reáchtáil leis an Rúis aniar aduaidh orthu. An amhlaidh nár chuala siad a raibh le rá aige le linn an fheachtais toghcháin sna Stáit Aontaithe? An é nach bhfaca siad go bhfuil sé anois tofa agus dírithe ar pholasaí a choinníonn na Stáit Aontaithe dírithe isteach orthu féin.
Tá na bagairtí faoi dhleachtanna trádála dá gcomhlíonadh ach ní chruthaíonn sin aon imní mhór i measc mhaithe agus mhóruaisle an Aontais Eorpaigh mar go bhfuil sé ar cheann de na blocanna trádála is mó ar domhan agus gur cheart go mbeadh sí in ann dul i ngleic le bagairtí ó na Stáit Aontaithe faoi chúrsaí eacnamaíochta, faoi má chuireann sé tús le cogadh trádála a bheidh costasach orainn ar fad.
Dúirt Pete Hegseth, rúnaí cosanta nua na Stát Aontaithe, go gcaithfidh an Eoraip tuilleadh a dhéanamh don Úcráin. Ciallaíonn sin breis airgid agus armlóin de réir pholasaí an Tí Bháin faoi láthair. Is cuma le Donald Trump ach costas an chogaidh a ghlanadh as cuntais Washington. Is cuma leis cé mhéad a mharófar ná cén scrios a dhéanfar, níl ó Trump ach a leasa féin a chosaint.
Scéal eile é seo ar fad ag leibhéal na hEorpa. Cé is moite den chogadh féin a bheith i lár na mór-roinne tá roinnt mhaith tíortha eile san Eoraip den tuairim go bhfuil siad faoi bhagairt in athuair ag an Rúis. Tá údaráis Mhoscó caithréimeach faoin socrú a deineadh idir Putin agus Trump i rith na seachtaine dul i mbun cainte.
Tarraingíonn an scéal aird in athuair ar na deacrachtaí atá ag an gcóras idirnáisiúnta dul i ngleic le mórchumhachtaí bagracha, bíodh an Rúis nó na Stáit Aontaithe i gceist.
Caithfear breathnú ar an deacracht sin go fuarchúiseach agus níor mhór don Eoraip breathnú go grinn uirthi féin más mian léi deireadh a chur le corraíl leanúnach agus an tuairim nach bhfuil sé de chumas ag ceannairí na heagraíochta cur ar a son féin. Má leanann an caidreamh idir lucht Washington agus lucht Mhoscó ag neartú, beidh an Eoraip sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine. In éagmais polasaí comhtháite dá gcuid féin beidh siad gan taca má chinneann Vladimir Putin a chuid sealúchais ar mhór-roinn na hEorpa a mhéadú tuilleadh.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh Trump agus Putin an Eoraip a fhágáil idir dhá thine Bhealtaine'