Aon bhliain déag ó bhí an ceann deiridh ann tá Comhdháil Idir-rialtasach na Breataine agus na hÉireann le bheith i Londain taobh istigh de mhí.
An sop in áit na scuaibe é nó an ndéanfar cinntí chun a dhul i ngleic leis an bhfolús i dTuaisceart Éireann? An nglanfaidh sé na constaicí roimh athnuachan Stormont as bealach – Acht na Gaeilge, pósadh comhghnéis agus maoiniú d’ionchoisní mar ata éilithe ag náisiúnaithe nó an mbeidh sé teoranta do dhreas cainte faoin mBreatimeacht agus geallúintí i dtaca le dea-chaidreamh mar atá tuartha ag an DUP?
Bunaíodh an Chomhdháil i gComhaontú Aoine an Chéasta chun deis a thabhairt don dá rialtas gnóthaí nach raibh díláraithe go Stormont a phlé. Is fada cruinniú den chomhdháil á éileamh ag Sinn Féin agus an SDLP i bhfianaise na parailíse i Stormont. D’éiligh an Taoiseach agus an tAire Gnóthaí Eachtracha a leithéid freisin ach thug an Bhreatain an chluas bhodhar dóibh go léir go dtí anois. Déardaoin fógraíodh go mbeadh cruinniú i Londain ar an 25 Iúil.
’Siad an Tánaiste, Simon Coveney agus an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan ionadaithe na hÉireann agus David Lidington ón Oifig Comhaireachta agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley toscairí na Breataine. Dúirt rialtas na Breataine gur gnóthaí ‘thoir-thiar’ a bheadh faoi chaibidil. Dúirt Simon Coveney go mbeadh ábhair ‘thoir-thiar’ agus an tsáinn i dTuaisceart Éireann ar an gclár oibre.
Go dtí seo bhí aontachtaithe naimhdeach faoi chruinniú den chomhdháil a bheith ann agus faitíos ar roinnt go dtabharfadh sé iomarca tionchair do Rialtas na hÉireann. Rinne an DUP beag is fiú de. Ní raibh ann ach ‘talking shop’ dar le Arlene Foster. Ba é sin breithiúnas Nigel Dodds freisin. Níl cumhacht ar bith ag an gcomhdháil, a dúirt sé Dé hAoine, ach ba mhaith an ní é go bpléifí an Breatimeacht.
Measadh gurb é doicheall an DUP roimh chruinniú den chomhdháil faoi ndear moilleadóireacht na Breataine ina leith go dtí seo. Dúirt Nigel Dodds nach raibh an DUP buartha faoin gcomhdháil ach níor aontaigh an nuachtán aontachtach an Newsletter a dúirt gur tráth contúirteach é seo agus gur údar imní é an cinneadh an chomhdháil a ghairm. Géilleadh do náisiúnaithe is ea é, a dúradh sa Newsletter, comhartha sóirt laige rialtas Theresa May agus deis do Bhaile Átha Cliath chun a bheith níos teanntásaí ná ariamh.
Is fíor do Nigel Dodds gur ábhair nach bhfuil díláraithe atá leagtha amach mar fhreagracht don chomhdháil idir-rialtasach. Ach tá ‘ceisteanna is suim leo araon’ ceadaithe freisin. Nuair a bhí cruinnithe den chomhdháil ann in 2006 agus 2007 bhí riail dhíreach ó Westminster i réim; dá bhrí sin ní raibh ábhar ar bith díláraithe agus d’oibrigh an dá rialtas as lámha a chéile chun Stormont a athbheochan.
Níl riail dhíreach i bhfeidhm faoi láthair agus is air sin atá an DUP ag brath nuair a deir siad nach bhfuil feidhm ag an gcomhdháil i dtaca le gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann. Ar ndóigh níl déabhlóid ann ach an oiread. Mar sin is cinnte go bhféadfadh ionadaithe na hÉireann argóint a chur chun cinn go bhfuil ról acu maidir leis na ceisteanna a chuireann laincis ar Stormont, ceisteanna cearta go háirithe, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
Mar chomhurra le rialtas na Breataine ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, conradh idirnáisiúnta, tá ról ag Éirinn sna ceisteanna seo. Ní raibh aon cheist faoi sin nuair bhí An Lucht Oibre (Blair agus Brown) i gcumhacht sa Bhreatain. Ní raibh na Caomhaigh chomh gafa leis an gComhaontú ariamh agus tá cor sa bhreis sa scéal ó tá ceangal na gcúig gcaol ag an DUP ar Theresa May.
Sular fhógair an Bhreatain cruinniú an 25 Iúil cuireadh roinnt cinntí faoi bhráid na Parlaiminte Déardaoin, beartais a bhain le buiséad Stormont go bunúsach agus cuid de na féiríní a gealladh don DUP as a dtacaíocht do rialtas May. Ní cheileann siad sin éifeacht an fholúis i Stormont, áfach. Tá na liostaí d’ábhair nár deineadh cinneadh fúthu ag méadú in aghaidh na seachtaine. Cé chomh fada is a bheidh an Bhreatain in ann leanúint leis an neamhghníomhaíocht atá mar chomhartha sóirt ar réimeas an Státrúnaí Karen Bradley? Caithfidh an cheist sin a bheith ar an gclár oibre.
D’fhéadfadh an cruinniú den chomhdháil a bheith cinniúnach. Nó b’fhéidir nach mbeidh ann ach saothar in aisce. Ar a laghad – is gníomh é. Tá sé thar am.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gur sop in áit na scuaibe é an chomhdháil idir-rialtasach, ach ar a laghad gníomh atá ann'