D’fhéadfadh go n-íocfaí daltaí iarbhunscoile as feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge – Roinn na Gaeltachta

Tá an Roinn i mbun oibre i láthair na huaire ar scéim phíolótach faoina mbronnfaí deontais arbh fhiú na mílte euro iad ar mhúinteoirí scoile a chuirfeadh feabhas ar a gcumas Gaeilge agus deirtear go bhféadfaí an scéim a leathnú amach tuilleadh

D’fhéadfadh go n-íocfaí daltaí iarbhunscoile as feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge – Roinn na Gaeltachta

Deir Roinn na Gaeltachta go bhféadfaí deontais airgid a bhronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile as feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar chuid de scéim nua atá á forbairt.

Tá an Roinn i mbun oibre i láthair na huaire ar scéim phíolótach faoina mbronnfaí deontais arbh fhiú na mílte euro iad ar mhúinteoirí scoile agus ar oibrithe san earnáil luathoideachais a chuirfeadh feabhas ar a gcumas Gaeilge.

Deir an Roinn anois, áfach, go bhféadfaí an scéim a leathnú amach sa todhchaí agus go mbeadh daltaí iarbhunscoile i dteideal cur isteach uirthi agus deontas a fháil ach na critéir a chomhlíonadh.

Léirigh cáipéisí de chuid na Roinne, a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, go bhfuiltear ag moladh go n-íocfaí deontais idir €2,000 agus €6,000 saor ó cháin le múinteoirí na ghlacann páirt sa scéim ag brath ar an dul chun cinn a bheadh déanta acu.

Luadh i nótaí faoin scéim a réitíodh d’Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan roimh chruinniú go bhféadfaí cur leis an scéim amach anseo agus daltaí iarbhunscoile a chur san áireamh.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go bhféadfadh daltaí a ghlacann páirt sa scéim a gcuid scileanna teanga a fheabhsú “i gcomhthreo” leis an oideachas a fhaigheann siad ar scoil.

“Má éiríonn go maith leis an scéim phíolótach, d’fhéadfaí é a leathnú agus glacadh le líon níos mó rannpháirtithe agus le cohóirt eile; d’fhéadfadh daltaí meánscoile a bheith ina measc siúd, agus iad in ann dul chun cinn sa teanga a bhaint amach – i gcomhthreo leis an gcóras rialta meánoideachais agus go neamhspleách ar an gcóras sin. Fógrófar tuilleadh faisnéise faoin scéim seo in am trátha,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá sé i gceist go nglacfadh 200 duine páirt sa scéim ar dtús ar bhonn píolótach.

Faoin scéim, déanfar cumas Gaeilge rannpháirtithe a thomhas ar dtús trí chóras tástála TEG, an Teastas Eorpach sa Ghaeilge.

Chaithfeadh siad tréimhse idir 8-12 mí ansin ag cur feabhais ar a gcuid scileanna trí chúrsaí ar líne nó ar an láthair agus bheadh tréimhse sa Ghaeltacht i gceist freisin.

Ag deireadh na tréimhse foghlama sin, dhéanfadh na rannpháirtithe scrúdú TEG eile chun an dul chun cinn a bheadh déanta acu a thomhas. Bhraithfeadh an deontas a gheobhadh rannpháirtithe ar an dul chun cinn a léireoidís.

Ag an gcruinniú a bhí ag Airí na Gaeltachta leis an Aire Airgeadais chun an scéim agus beartais eile de chuid na Roinne a phlé an fómhar seo caite, dúradh gur “vicious circle” nó fáinne fí a bhí i dteagasc na Gaeilge sa chóras oideachais faoi láthair. Dúradh go mbíonn droch-chaighdeán Gaeilge acu siúd a théann isteach sna coláistí oiliúna ón scoil agus go mbíonn a gcuid scileanna teanga fós easnamhach agus iad ag fágáil na gcoláistí sin le dul ag obair i scoileanna.

Meastar go bhféadfadh suas le 1,000 múinteoir scoile páirt a ghlacadh sa scéim amach anseo.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go n-íocfaí daltaí iarbhunscoile as feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge – Roinn na Gaeltachta'

  • Ruán Ó Gliasáin

    Tá sé le moladh go háirithe an fócas ar “oibrithe san earnáil luathoideachais” má bheidh a leithéid d’fhócas ann ach don deontas “idir €2,000 agus €6,000 saor ó cháin le múinteoirí a ghlacann páirt sa scéim ag brath ar an dul chun cinn a bheadh déanta acu” D’fhéadfainn a shamhlú go mbeidh cúpla múinteoir glic ann a ligfeas orthu go bhfuil drochghaeilge acu ar dtús d’fhonn an €6,000 a bhaint amach ;)