Deontais ceadaithe do thograí turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara

Deir Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne go gcabhródh maoiniú ó Fháilte Éireann le tuilleadh daoine a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar chósta Chonamara

Deontais ceadaithe do thograí turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Fáilte Éireann d’ionad léirmhíniúcháin i Leitir Mealláin agus ionad oidhreachta in Inis Mór faoin scéim New Horizons ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

€84,000 atá á chur ar fáil d’Ionad Oidhreachta Árann/ Músaem Árann agus €75,000 atá ceadaithe don togra ‘Cuairt Turasóireachta ar Oileáin na Gaeltachta’ i Leitir Mealláin i gceantar na n-oileán i gConamara.

Fógraíodh go mbeidh €200,000 á chur ar fáil do Thionscadal Bhóthar Iarainn Chonamara sa Teach Dóite, go mbeidh €200,000 á chur ar fáil d’fhorbairt Ionad Léirmhíniúcháin ag Fiord an Chaoláire Rua agus go mbeidh €165,000 ar fáil d’Ionad Cuairteoirí um Cheangal Trasatlantach – Alcock & Brown & Marconi, sa Chlochán.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go gcabhródh an maoiniú le lucht na dtionscadal atá i gceist tuilleadh daoine a spreagadh chun cuairt a thabhairt orthu.

Fág freagra ar 'Deontais ceadaithe do thograí turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara'