Denis Lehane os cionn a bhuille i gcónaí

Ceardaí pinn ar leith é Denis Lehane Bhostúin; fear de bhunadh na hÉireann a bhfuil Clint Eastwood, Ben Affleck agus Martin Scorsese tar éis léamh scáileáin a dhéanamh ar a chuid úrscéalta. Moladh Shutter Island (2010), Gone Baby Gone (2007) agus Mystic River (2003) go hard na spéire; d’éirigh leis an scannán deireanach acu sin […]

Denis Lehane os cionn a bhuille i gcónaí

Ceardaí pinn ar leith é Denis Lehane Bhostúin; fear de bhunadh na hÉireann a bhfuil Clint Eastwood, Ben Affleck agus Martin Scorsese tar éis léamh scáileáin a dhéanamh ar a chuid úrscéalta. Moladh Shutter Island (2010), Gone Baby Gone (2007) agus Mystic River (2003) go hard na spéire; d’éirigh leis an scannán deireanach acu sin dhá dhuais Oscar a ghnóthú, ceann don scannán is fearr san áireamh.

Lena chois sin bhí Lehane ar mheitheal scríbhneoireachta The Wire (2002- 2008) mar aon leis an script a sholáthar do Mr. Mercedes (2017-2018). Is fiú i gcónaí súil a chaitheamh ar a shaothar. 

An babhta seo tá script Lehane bunaithe ar chuimhní cinn James Keene, In With the Devil. Tá an tsraith sé chlár seo bunaithe ar dhúnmharuithe a tharla i dtosach na nóchaidí in Illinois agus Indiana agus na heachtraí a lean. Samhlaítear dom go bhfuilimid báite gcoirscéalta fírinneacha ar na saolta seo.

Fear mustrach, postúil é Jimmy Keene (Taron Egerton) a dhíolann drugaí le gur féidir leis a bheith ag imeacht le haer an tsaoil. Tá sé cuileachtúil, geanúil, dathúil agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine go fuirste. Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air agus nuair a chuireann an FBI an tsúil ribe air toilíonn sé pléadáil ciontach.

Tagann an phianbhreith deich mbliana aniar aduaidh air. Níl ach cúpla mí caite i ngéibheann aige nuair a thagann Lauren McCauley (Sepideh Moafi) ón FBI chuige agus tairiscint aici. Má tá sé sásta aistriú chuig príosún uasmhéid slándála dóibh siúd atá ar mire agus eolas a mhealladh ón dúnmharfóir srathach Larry Hall (Paul Walter Hauser) déanfar a phianbhreith féin a chealú. Tá práinn ag baint le cúrsaí óir go bhfuil bhfuil an baol ann go scaoilfear Larry saor.

Sa chéad dá chlár tá dhá amlíne dhifriúil againn; ceann Jimmy agus ceann Larry is an bleachtaire atá sa tóir air, Brian Miller (Greg Kinnear). Taibhsíodh dom go bhfuil rian de True Detective le sonrú i gcuid de mhíreanna Larry/Brian, agus is moladh mór é sin. Snáth eile ná athair Jimmy, Jim (Ray Liotta ina thaispeántas deireanach) agus an gaol achrannach atá aige lena mhac. 

Ní rabhas chomh tógtha sin le Jimmy, ná léiriú Egerton, ag an tús ach de réir a chéile thosaigh siad ag dul i bhfeidhm orm. Tugann Kinnear agus Walter Hauser taispeántais chumasacha uathu. Tá dhá chlár caite sara gcíonn Jimmy agus Larry a chéile agus cé go mbogann an saothar ar aghaidh ar a bhogstróc éiríonn le scríbhinn Lehane é a choimeád ar snámh.

Is iad na radharcanna beirte idir Larry agus Jimmy croílár an tsaothair. Bá agus alltacht, cairdeas agus eagla ag meascadh le chéile in intinn Jimmy. Sraith dhrámata dhea-scríofa shuimiúil eile ó Denis Lehane.

Fág freagra ar 'Denis Lehane os cionn a bhuille i gcónaí'