Deis ag Éirinn trí bhonn Oilimpeacha a thabhairt leo

Tá clú ar fud an domhain ar dhornálaithe na hÉireann agus beirt eile san iomaíocht Dé Domhnaigh ach tá stair cruthaithe cheana féin ag Rhys McClenaghan agus é ag fáil réidh do babhta ceannais na gleacaíochta

Deis ag Éirinn trí bhonn Oilimpeacha a thabhairt leo

Rhys McClenaghan. Pictiúr: INPHO/Photosport/John Cowpland

D’fhéadfadh go mbeadh an lá amárach, Dé Domhnaigh, ar cheann de na laethanta is rathúla ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha agus deis mhaith ag triúr boinn a thabhairt abhaile leo.

Sa dornálaíocht, tá bonn cré-umha cinnte ag Aidan Walsh cheana féin ach d’fhéadfadh sé bonn airgid, ar a laghad, a fháil má bhuann sé a bhabhta leathcheannais go moch maidin amárach. Tá dornálaí eile, Kurt Walker, san iomaíocht i mbabhta ceathrú ceannais maidin Dé Domhnaigh agus daoine ag súil le taispeántas maith ó Rhys McClenaghan ar an gcapall corr amárach freisin.

Is é Walker an chéad duine den triúr a bheidh san iomaíocht amárach agus a bhabhta ceathrú ceannais in aghaidh Duke Ragan na Stát Aontaithe ag 3.30am. Tá dhá throid go dtí seo buaite ag Walker sa chomórtas cleitmheáchain. Beidh Walker lán de mhuinín agus an ceann is fearr faighte aige ar churadh an domhain, Mirazizbek Mirzakhalilov ón Úisbéiceastáin, sa bhabhta roimhe seo.

Suimiúil go leor, is é iarchóitseálaí na hÉireann Billy Walsh atá ag traenáil Ragan agus foireann Mheiriceá agus beidh fear Loch Garman ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a sheanchara Zaur Antia, cóitseálaí na hÉireann.

Is ag 4.03am a bheidh Aidan Walsh ag dul chun troda i gcoinne Pat McCormack ón mBreatain Mhór agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais.

Thug Walsh taispeántas láidir uaidh nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Mervin Clair ó Oileán Mhuirís inné ach tá trí throid as a chéile caillte aige in aghaidh McCormack, ag na Cluichí Comhaltais in 2018, ag Craobhacha an Domhain 2019 agus sa gcomórtas cáilithe do na Cluichí Oilimpeacha i mbliana.

Mar bharr ar an dúshlán atá roimh Walsh, ghortaigh sé a rúitín inné agus é ag ceiliúradh a bhua sa bhabhta ceathrú ceannais.

Níos deireanaí ar maidin, cuirfidh Rhys McClenaghan a lorg féin ar an stair agus é ar an gcéad duine ón tír seo a ghlacfaidh páirt i mbabhtaí ceannais na gleacaíochta ag na Cluichí Oilimpeacha. Is ag 10.44am a bheidh McClenaghan le feiceáil ar an gcapall corr.

Tá fear Aontroma ar an gcéad Éireannach a bhuaigh bonn domhanda sa ghleacaíocht tar éis dó bonn cré-umha a bhuachan ag Craobhacha an Domhain 2019, chun cur leis an mbonn óir a bhuaigh sé ag Craobhacha na hEorpa in 2018.

Tá sé de nós ag McClenaghan dreas an-deacair a roghnú ach má éiríonn leis é a dhéanamh gan botún, beidh seans maith aige bonn a thabhairt leis as Tóiceo.

Sa lúthchleasaíocht, beidh Thomas Barr sa chliathrás 400m tráthnóna amárach ag 1.05pm. Thug an Déiseach taispeántas maith uaidh sa bhabhta ceathrú ceannais inné agus beidh súil aige an rás ceannais a bhaint amach le taispeántas maith eile amárach.

Chríochnaigh Barr sa cheathrú háit i Rio in 2016 ach ní raibh sé i mbarr a mhaitheasa le cúpla bliain. Is léir, áfach, go spreagann an ócáid mhór é.

Fág freagra ar 'Deis ag Éirinn trí bhonn Oilimpeacha a thabhairt leo'