Deis á tabhairt ag Schmidt don dream óg i gcoinne SAM

Tar éis bua stairiúil na hÉireann an tseachtain seo caite, foireann éagsúil ar fad atá roghnaithe ag Joe Schmidt don chluiche inniu i gcoinne Stáit Aontaithe Mheiriceá

Deis á tabhairt ag Schmidt don dream óg i gcoinne SAM

Foireann na hÉireann ag traenáil. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá an cluiche iontach sin idir na Gaeil agus na All Blacks thart le seachtain, ach ní dóigh go mbeidh deireadh go ceann tamall fada eile leis an gcaint faoin gcoimhlint chéanna. I stair fhada rugbaí idirnáisiúnta na hÉireann níl fáil ar thoradh ná go deimhin ar thaispeántas ó fhoireann idirnáisiúnta na tíre seo a bhí gar ar bhealach ar bith gat don taispeántas a thug fir Joe Schmidt uathu an deireadh seachtaine seo caite.

Tá caint dá bharr sin gurb iad na Gaeil an fhoireann rugbaí is fearr ar domhan agus gurb iad rogha na coitiantachta iad don chéad chorn domhanda eile. Níl a fhios agamsa cé chomh fíor agus atá an scéal sin agus fiú má tá aon fhírinne ann, is ceart a mheabhrú go bhfuil neart rugbaí le himirt roimh chorn an domhain atá aon mhí dhéag uainn fós.

An Satharn seo, i staid Aviva, beidh na Gaeil ag tabhairt faoi fhoireann idirnáisiúnta na Stát Aontaithe sa mbabhta deiridh de shraith cluichí an fhómhair. Cé gur fhill painéal na hÉireann ar an gcampa traenála le réiteach don chluiche sin i gcoinne na Meiriceánach, ní dóigh go raibh an teannas céanna ag baint leis an ullmhúchán an tseachtain seo agus a bhí seachtain ó shin.

Sa gcúigiú háit déag ar chlár rugbaí an domhain atá na Stáit Aontaithe faoi láthair, iad i bhfad taobh thiar de na Gaeil, foireann atá fós sa dara háit, ainneoin an bhua sin ar na All Blacks. Bhí dhá bhua go dtí seo ag na Stáit Aontaithe sna trí chluiche fómhair, ach is i gcoinne na Rómáine agus Shamó, dhá fhoireann atá sách lag, a bhí na cluichí sin.

Theip orthu sa tríú cluiche (59 -22) i gcoinne Mhaoraigh na Nua-Shéalainne. Seans dá bhrí sin nach mbeidh mórán stró ar na Gaeil ina gcoinne, fiú agus fear láidir as Inis Mór, Peter Mullen, ag imirt dóibh! I gcás fhoireann na hÉireann, mar a bhí súil leis níl ach imreoir amháin, Garry Ringrose, a thosaigh sa gcluiche i gcoinne na nAll Blacks ag imirt sa gcluiche seo, rud a fhágann seans eile ag na hógánaigh, díreach mar a tharla nuair a d’imir muid na hIodálaigh in Chicago sa gcéad cheann den tsraith seo cluichí.

Bua eile do na Gaeil an Satharn seo agus muid ag leanacht leis an gceiliúradh a thosaigh an tseachtain seo caite.

Beidh an Pro 14 againn an deireadh seachtaine seo arís. Ar an Aoine beidh na Laighnigh ag cur chun páirce san RDS i gcoinne Ospreys na Breataine Bige. Is deacair bua do na cuairteoirí a thuar sa gcluiche seo, fiú agus fir Átha Cliath d’uireasa líon maith imreoirí de bharr dualgais idirnáisiúnta agus roinnt gortuithe.

Ar an Aoine freisin a bheas na hUltaigh ag imirt ach beidh siadsan ag imirt thall sa mBreatain Bheag, i gcoinne na Scarlets.

Níl ach pointe amháin idir an dá fhoireann seo ar thábla Roinn B an Pro 14, agus na hUltaigh in uachtar agus 25 pointe acu. Mar sin féin, ní bhíonn sé éasca an lámh in uachtar a fháil agus tú as baile sa gcomórtas seo. Beidh an t-ádh leis na hUltaigh pointe de chineál ar bith a thabhairt abhaile leo ón gcoimhlint seo.

Ar an Domhnach a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag imirt as baile. I gcás na gConnachtach is san Afraic Theas a bheas siadsan ag tabhairt faoi na Kings agus san Iodáil a bheas na Muimhnigh. Ní bheifí ag súil le haon thoradh eile seachas bua d’fhoirne na hÉireann sa dá cluiche sin, go háirithe má bhíonn Conor Murray ag imirt do chúige Mumhan.

Foireann na hÉireann: Will Addison, Andrew Conway, Garry Ringrose, Stuart McCloskey, Darren Sweetnam, Joey Carbery, John Cooney; Dave Kilcoyne, Niall Scannell, Finlay Bealham, Tadhg Beirne, Iain Henderson, Rhys Ruddock (cap), Jordi Murphy, Jack Conan.

Fir Ionaid: Rob Herring, Cian Healy, John Ryan, Quinn Roux, Josh van der Flier, Luke McGrath, Ross Byrne, Sam Arnold.

Fág freagra ar 'Deis á tabhairt ag Schmidt don dream óg i gcoinne SAM'