An Maoileánach as Inis Mór ag prapáil chun aghaidh a thabhairt ar Éirinn le foireann SAM

Tá Paul Mullen, arb as Cill Rónáin ó dhúchas dó, ainmnithe i líne thosaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá a rachaidh chun páirce i Staid Aviva Dé Sathairn

An Maoileánach as Inis Mór ag prapáil chun aghaidh a thabhairt ar Éirinn le foireann SAM

Paul Mullen. INPHO/Gary Carr

Nuair a bheidh an chéad chlibirt ann sa chluiche idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Éire i Staid Aviva an deireadh seachtaine seo, tiocfaidh gáir ón slua. Beidh formhór acu ag iarraidh foireann na hÉireann a spreagadh ach ná déan aon iontas de má bhíonn glórtha Gaelacha le cloisteáil ag tacú le fir Mheiriceá.

Is í an chúis leis sin ná go mbeidh fear as Inis Mór ag dul chun páirce i líne thosaigh Mheiriceá. Is as Cill Rónáin ó dhúchas do Paul Mullen ach is i ngeansaí uimhir a trí Mheiriceá a bheidh sé Dé Sathairn agus aistear fada déanta aige. Ocht mbliana tar éis dó an tír a fhágáil, tá sé ar ais anois den chéad uair agus é ag imirt do Mheiriceá.

Ní raibh mórán rugbaí in Árainn nuair a bhí Mullen ag fás aníos ann agus is nuair a d’fhág sé an t-oileán chun freastal ar scoil chónaithe Mhainistir Ghleann Stáil i Luimneach a fuair sé a chéad bhlaiseadh den spórt.

“Bhíodh mé ag imirt peile in Árann ach nuair a chuaigh mé go Gleann Stáil, ní raibh ann ach rugbaí,” a mhínigh Mullen agus é ag labhairt ar an gclár An Spota Dubh ar Raidió na Life.

“Caitheadh isteach thú agus ní raibh ann ach ‘sink or swim’!”

D’fhear nár thosaigh ag imirt go dtí go raibh sé 12 bliain d’aois, d’éirigh thar cionn le Mullen agus faoin am a raibh sé críochnaithe lena chuid scolaíochta bhí sé ag imirt d’fhoirne faoi aois na Mumhan.

Agus an taisteal uile a bhí á dhéanamh aige chun traenáil le foireann na Mumhan ba léir cé chomh dáiríre is a bhí Mullen faoin spórt. Cheap daoine sa mbaile go raibh sé ródháiríre faoi, áfach.

Fear gnó an-rathúil é athair an Mhaolánaigh, Michael, a bhfuil comhlacht aige a chuireann rothar ar cíos ar an oileán, agus dar lena mhac, mheas sé gur cheart tús áite a thabhairt don staidéir.

“Ní raibh m’athair ag iarraidh go mbeadh mé ag imirt rugbaí, bhí sé ag iarraidh go mbeadh céim agam,” a deir Mullen. “Bhí sé i gcónaí ag ceapadh, dá mbeinn thíos i Luimneach ag an gcoláiste go mbeadh an rugbaí níos tábhachtaí agam. Mar sin, chuaigh mé sall go Texas chun staidéar a dhéanamh.”

Má cheap Michael nach bhfaigheadh a mhac greim ar liathróid rugbaí sna Stáit Aontaithe, bhí dul amú air. Rugadh seanathair Mullen i mBostún, rud a thug cead dó imirt d’fhoireann na Stát Aontaithe agus deir Mullen gur fhág sé an tír seo ar 10 Samhain 2010 agus go raibh triail faighte aige taobh istigh de sheachtain le foireann faoi 20 Mheiriceá.

Paul Mullen ag traenáil i Staid Aviva. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

D’éirigh go maith leis agus, idir an fhoireann faoi 20 agus an fhoireann áitiúil in Galveston, an baile ina raibh cónaí air, choinnigh Mullen air ag forbairt agus ag feabhsú. Níor chuir sé isteach ar a chuid staidéir ach an oiread agus bhain sé céim  amach san Innealtóireacht Mhuirí sula ndeachaigh sé ar aghaidh chun Máistreacht i mBainistíocht Achmhainní Mara a dhéanamh.

Chríochnaigh sé in Texas A&M níos luaithe i mbliana agus deir sé go raibh sé ag iarraidh tabhairt faoin rugbaí i gceart. Thosaigh sé ag imirt do na Houston Sabrecats sa tsraith ghairmiúil nua atá tosaithe i Meiriceá agus d’imir sé a chéad chluiche d’fhoireann shinsir na Stát Aontaithe i gcoinne na Rúise i mí an Mheithimh. Seachtain ina dhiaidh sin, bhí sé mar chuid den fhoireann a bhuaigh ar Albain den chéad uair riamh.

“Bhí sé sin thar cionn. Bhí mé thar a bheith sásta a bheith ag imirt i gcoinne na hAlban in Houston, d’fhéadfá mo bhaile féin a thabhairt air,” a deir Mullen agus é ag cuimhneamh siar. “Agus ansin Albain a bhualadh, lá maith a bhí ann!”

Níor éirigh le muintir ná le cairde Mullen dul anonn go dtí na cluichí sin ach deir sé go mbeidh siad san Aviva amárach.

“Tá mo mhuintir ag teacht aníos agus chuala mé go bhfuil cúpla leaid as Árainn ag teacht aníos chomh maith, beidh sé go deas iad a fheiceáil. Mar a dúirt mé, seo é an chéad uair dom a bheith ar ais in Éirinn agus beidh sé go deas bualadh leo.”

Fág freagra ar 'An Maoileánach as Inis Mór ag prapáil chun aghaidh a thabhairt ar Éirinn le foireann SAM'

  • teaimi

    ‘Gleann na Staile’