Deireadh seachtaine cinniúnach do Chúigí Mumhan agus Chonnacht san Eoraip

Tá toradh maith ag teastáil do Chúige Mumhan i gcoinne Castres nó is ar Chorn an Dúshláin a bheidh siad ag triall agus obair le déanamh ag Connacht chomh maith chun fanacht sa gcomórtas táinisteach

Deireadh seachtaine cinniúnach do Chúigí Mumhan agus Chonnacht san Eoraip

Bhí an ceart ag na geallghlacadóirí maidir leis na torthaí i mBabhta 3 de na comórtais Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí an t-ádh dearg ar Chúige Laighean agus iad sa mbaile i gcoinne La Rochelle. Agus an t-am caite, theastaigh cic cruinn ó Harry Byrne le bua le pointe amháin a chlárú. Cinntíonn an toradh sin go bhfuil áit dóibh sa gcéad bhabhta eile do Chorn na gCuradh agus cinnteoidh bua agus iad as baile i gcoinne Bayonne na Fraince inniu go mbeidh siad sa mbaile sa gcéad bhabhta eile. Is deacair tada eile seachas an ceathrú bua i gCorn na gCuradh i mbliana a thuar dóibh. Cuimhnigh go bhfuil Bayonne fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas.

Chuir taispeántas na Muimhneach le linn an chuid ba mhó den chluiche i gcoinne Toulon thall sa bhFrainc iontas ar go leor, an imirt sa gcéad leath go háirithe. Ach bhí deacrachtaí smachta ach oiread le lag-chosaint á gcrá. Chinntigh sin bua le dhá phointe (27-25) d’fhoireann an bhaile. Mar sin féin is toradh ann féin é an pointe bónais cailliúna a chláraigh siad chomh maith leis an gcaoi ar cheill siad an ceathrú úd agus pointe bónais dá réir ar Toulon. Fágann sin ar fad nach bhfuil ach bua amháin as trí iarracht cláraithe ag Cúige Mumhan, díreach mar atá déanta ag freasúra an lae inniu, Castres.

Tá an t-ádh ar na Muimhigh gur sa mbaile ar fhód Thuamhan a bhéas an choimhlint sin inniu. Tá sé chomh simplí leis seo, má bíonn an bua ag Mumha beidh siad fós sa gcomórtas seo agus ní féidir cluiche baile sa gcéad babhta eile a chuir as an áireamh. Ach má chaileann siad is i gCorn na Dushláine, an comórtas sóisearach, a bhéas siad ag imirt an chéad babhta eile. Ba mhór an ísliú gradaim agus náire a bheadh ansin d’iar-churaidh an chomórtais shinsearach. Tá mise sásta dá bhrí sin bua le pointe bónais a thuar dóibh, díreach mar nach bhfuil an dara rogha acu. Bíonn na Muimhnigh baolach nuair a bhíonn siad chomh gonta agus atá siad faoi láthair.

Sna cluichí i gcomórtas Chorn an Dúshláin, níor imríodh an cluiche san Ísiltír idir Chúige Uladh agus na Cheetahs de bharr droch-aimsire. Is cinnte go raibh Cúige Uladh breá sásta gur bhronn foireann bhainistíochta an URC chúig phointe orthu, cinneadh a chuir iontas ar go leor. Fágann sin go bhfuil Cúige Uladh cáilithe don chéad babhta eile, ach beidh buntáistí an bhaile ag brath ar thoradh chluiche an lae inniu idir iad féin agus Stade Francais. Dála an scéil, Stade Francais atá ar bharr an ghrúpa sin, iad trí phointe chun cinn ar Chúige Uladh. Ach is i mBéal Feirste a bhéas an cluiche sin á imirt. Beidh le feiceáil an leor sin mar bhuntáiste do fhoireann an bhaile.

Ina ainneoin go raibh mise agus go leor eile ag fógairt coimhlint chrua do Chúige Chonnacht agus iad as baile i gcoinne Montpellier, bhí foireann na Gaillimhe seacht bpointe déag chun cinn agus gan ach ceathrú uaire fós le n-imirt. Éacht ann féin a deir tú, agus an ceart agat. Ach mo léan, mar a tharla go rómhinic an séasúr seo, thit Cúige Chonnacht ina gcodladh agus ghéill siad trí úd in imeacht deich nóiméad agus chaill siad an cluiche 33-31.

Ní thosnóidh mé ag clamhsán faoi lag-imirt Chonnacht ag deireadh an chluiche. Fanfaidh mé dearfach. Thug Cúige Chonnacht dhá phointe bónais nach raibh súil leo abhaile leo ón bhFrainc agus tá seans acu fós imirt sa gcéad bhabhta eile den chomórtas seo. Braitheann sin ar thoradh chluiche an lae inniu ar an mBóthar Beag i nGaillimh i gcoinne Montauban, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas. Tá mise sásta bua le pointe bónais a thuar do Chúige Chonnacht sa gceann seo.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cinniúnach do Chúigí Mumhan agus Chonnacht san Eoraip'