Tá imní ar ghrúpaí pobail agus ar chomhairleoirí contae i gConamara go bhféadfadh go bhfágfaí an ceantar Gaeltachta ar an trá fholamh arís dá dtiocfadh stoirm mhór eile, dála na Stoirme Éowyn, i mbliana.
Tá beagnach bliain caite ó réab an stoirm ba mhó le cuimhne na ndaoine iarthar na hÉireann ar an 24 Eanáir 2025. Fágadh stráicí móra de Ghaeltacht Chonamara, agus áiteanna eile sa tír, gan leictreachas ar feadh coicíse agus cuireadh isteach ar sheirbhísí eile ar feadh tamall fada ina dhiaidh sin.
Dúirt beirt chomhairleoirí de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe le Tuairisc go raibh an baol ann nach mbeadh an scéal mórán níos fearr i mbliana dá dtiocfadh stoirm mhór eile isteach ón Aigéan Atlantach.
“Is dóigh liom go mbeadh muid san áit chéanna a raibh muid anuraidh dá dtiocfadh stoirm eile cosúil leis an Stoirm Éowyn an deireadh seachtaine seo,” a dúirt an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire le Tuairisc.
“Tá cuid mhaith déanta ag an BSL le bliain, ach maidir le Eir, níl a fhios agam céard atá déanta ag Eir mar ní bhfaighidh tú freagra uathu.
“Tá caint ar na moil ach ní cheapfainn go bhfuil tada eile ag tarlú. Níor tháinig tada ar ais againne [na comhairleoirí] fós ón gComhairle seachas an ‘dúirt fear liom go ndúirt bean leis’.”
Deir Mac an Iomaire go raibh go leor geallta i ndiaidh na stoirme anuraidh.
“Bhí trí cinn de ghineadóirí geallta do chuile Chomhairle Contae, ach níl siad faighte. Chuir an Chomhairle scéala amach roimh an Nollaig ag iarraidh ar dhreamanna suim a thaispeáint na moil a chur ar fáil. Deir an Chomhairle go bhfuil siadsan réitithe, agus go raibh siad sásta leis an méid a rinne siad anuraidh. Na fadhbanna móra a bhí ann, bhain siad le hUisce Éireann, Eir, agus an BSL.”
Dúirt an Comhairleoir Máirtin Lee nach bhfuil “aon phlean” ann faoi láthair ach go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe “ag obair ar phlean” le dul i ngleic le stoirmeacha móra. Tá an t-údarás áitiúil ag fanacht ar “threoir” ón Roinn Comhshaoil ina thaobh, a deir sé.
“Níl aon dul chun cinn déanta ar na moil phobail. Tá cainteanna déanta faoi ionaid, ach ní heol dom go bhfuil tada curtha chun cinn. Níl gineadóir ag aon ionad áirithe fós. Tá siad ag rá go bhfuil na pleananna sin ag bogadh chun cinn ach níl aon eolas againn. An mbeidh gineadóirí againn in am?”
“An mbeadh muid sa mbád céanna arís i mbliana? Bheadh súil agam nach mbeadh ach bheadh faitíos orm go mbeadh muid an-ghar dó. Níl na pleananna tugtha chun cinn,” a dúirt Máirtín Lee le Tuairisc.
Chlis ar an gcóras cumarsáide speisialta atá ag na seirbhísí éigeandála in Éirinn anuraidh nuair a leag an Stoirm Éowyn na crainn agus na haeróga atá ag an gcóras ‘Tetra’ ar an gcósta thiar. Fágadh na seirbhísí éigeandála gan modh cumarsáide lena chéile ná leis an bpobal dá dheasca an damáiste sin.
Dúirt Máirtín Lee gur pléadh modhanna eile teileachumarsáide i gcruinnithe de chuid na Comhairle Contae ó shin ach nach bhfuil freagra faighte acu ón gcomhairle féin ná ón dream atá ag plé leis an bplean náisiúnta.
“Tá Starlink tarraingthe anuas againn agus an freagra a fuair muid ná go bhfuil sé sin uilig sa phlean náisiúnta seo. Ach níl aon fhreagra faighte againn faoin bplean náisiúnta go fóill. Thit Tetra as a chéile, má tá an córas sin feabhsaithe, níl a fhios agamsa.
“Mura bhfuil an córas cumarsáide againn, Dia linn, tá an córas atá ann sách dona ar an lá is fearr. Moladh go n-úsáidfeadh an Chomhairle na stáisiúin raidió áitiúla níos fearr le heolas a chur amach, tá ceacht foghlamtha faoin gceann sin.
“Níl aon mhaith a bheith ag cur fógraí amach ar líne. Níl aon bhreis eolais tugtha domsa an bhfuil feabhas curtha ar na córais chumarsáide seachas go n-úsáidfí na seanchórais raidió trí na stáisiúin áitiúla,” a dúirt sé.
Dúirt Lee nach bhfuil na comhairleoirí contae in ann freagraí a fháil faoi “chuid mhaith” de na moltaí chun feabhais a rinneadh díreach i ndiaidh na Stoirme Éowyn ag tús na bliana seo caite.
Dúirt Micheál Leainde, comhairleoir eile a dhéanann ionadaíocht ar mhuintir Chonamara Theas go raibh “go leor cruinnithe” ann le sé mhí anuas faoi mhoil phobail a shocrú sa cheantar ach nach bhfuil “aon áit bhuan faighte fós”.
“Níl aon ghineadóir faighte againn. Tá seomra feistis ag an bpáirc pheile i Ros an Mhíl, an Canal, a bheadh ina áit le haghaidh tae agus caife. Tá gineadóir faighte acu féin, agus beidh daoine in ann rudaí a luchtú agus cith a thógáil sna seomraí feistis. Ach níl aon rud curtha chun cinn ag an gcomhairle féin fós.
“Tá go leor rudaí le tabhairt san áireamh leis seo. Tá cúrsaí bóthair agus sábháilteachta ann freisin, go mbeadh daoine in ann dul chuig na háiteacha seo go sábháilte dá mbeadh gá leis. Is próiseas fada é agus níl rud ar bith simplí. Ní cheadófar ach cúpla gineadóir ar fud an chontae,” a dúirt sé.
Dúirt Leainde go bhfuil “áiteacha feiliúnacha” feicthe ag na comhairleoirí le haghaidh na mol agus “áiteacha nach bhfuil feiliúnach” ach nach bhfuil aon áit bhuan deimhnithe go fóill dá leithéid d’áit.
Mhol Leainde an Bord Soláthair Leictreachais as an “obair mhór” a rinne siad le bliain anuas le feabhas a chur ar an líonra atá acu agus as an “gcumarsáid iontach” a rinne siad leis an gComhairle Contae anuraidh.
“Fair play don BSL, cuireann siad an Chomhairle ar an eolas faoi gach rud. Bhí siad an-mhaith ag iarraidh áiteacha a cheangal leis an leictreachas arís, agus chuir siad nasc ar fáil dúinn a d’oibrigh go maith in áiteacha a raibh daoine tinne ann, gasúir a bhíonn tinn agus seandaoine ar theastaigh leictreachas go géar uathu,” a dúirt sé.
Tá Comharchumann Shailearna, an eagraíocht forbartha pobail i gCois Fharraige, tar éis léiriú spéise a chur in iúl do Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le mol éigeandála sa cheantar.
I mí an Mhárta na bliana seo caite, tháinig pobal Chois Fharraige le chéile agus bunaíodh ‘Coiste Gnímh Chois Fharraige’ le hiarmhairtí na stoirme a phlé agus tús a chur le “plean gnímh” don cheantar le go mbeifí réidh le haghaidh na chéad éigeandála eile.
Dúradh i ráiteas a chuir an Coiste Gnímh ar fáil do Tuairisc gur “cúis frustrachais” dóibh nach bhfuil “aon dul chun cinn le feiceáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe” le leathbhliain.
“Chas muid leis an gComhairle Contae i mí Iúil 2025 agus sheol muid liosta chucu d’fhoirgnimh a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach agus a chuir trí eagraíocht áitiúla ar fáil ag an gcruinniú poiblí i mí an Mhárta. Ag an am dúradh linn gurb í an chéad chéim eile ná go ndéanfadh an Chomhairle iniúchadh ar na foirgnimh agus go ndéanfaí measúnú ar na háiseanna.
“Is cúis frustrachais dúinn nach bhfuil aon dul chun cinn le feiceáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis seo ó shin i leith. Tá sé ag dul ó mheabhair ar an bpobal nach bhfuil aon socrú déanta fós, mar go ndeachaigh na daoine chuig an gcruinniú poiblí sin agus iad ag súil le gníomh, ní ciúnas,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt an Coiste Gnímh gur gá “áiseanna a aithint agus a mheas go práinneach” mar gheall go bhfuil muid anois “i lár shéasúr na stoirmeacha”.
“Ba cheart eolas a thabhairt do dhaoine ar chaoi a mbeidh a fhios acu roimh ré cén áit le dul le haghaidh teasa, sábháilteachta agus faisnéis a fháil sa chás agus go gclisfeadh an chumhacht aibhléise arís,” a dúradh.
Dúirt Údarás an Gaeltachta le Tuairisc go mbeidh an eagraíocht sin ullmhaithe “i bhfad níos fearr” don chéad stoirm mhór eile a thiocfaidh i dtír ón Aigéan Atlantach, tar éis don eagraíocht “ceachtanna a fhoghlaim” ón Stoirm Éowyn.
Thug urlabhraí de chuid an Údaráis le fios do Tuairisc go bhfuil “réimse leathan oibre críochnaithe” ag an eagraíocht forbartha Gaeltachta le bliain anuas agus go bhfuil “plean leanúnach” acu le seirbhís tacaíochta éigeandála a chur ar fáil i gcás stoirme. Dúradh go mbeifear “ullamh” le dul i ngleic leis na deacrachtaí a chruthódh stoirm mhór Atlantach don Ghaeltacht.
“Tá obair shuntasach déanta ar neartú díonta agus aghaidheanna foirgneamh, cosaint fuinneog, agus treisiúchán struchtúrtha ar fud ár n-eastát. Cuireadh clár cuimsitheach bainistíochta crann i bhfeidhm, lena n-áirítear baint straitéiseach crann contúirteach agus bearradh géaga ag pointí guaise.
“Feabhsaíodh draenacha storime, cuireadh bacainní tuilte i bhfeidhm, agus rinneadh uasghrádú ar chórais uisce. Is fiú a lua go háirithe an obair a rinneadh i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh mar shampla den chur chuige seo,” a dúirt an t-urlabhraí.
Tá an eagraíocht tar éis “córais chumhachta cúltaca” a chur in áit i nGaeltacht Chois Fharraige freisin. “Cuireadh socruithe i bhfeidhm ag ár n-ionad cóireála i mBaile an tSagairt [An Spidéal] chun gineadóirí cumhachta cúltaca a shuiteáil,” a dúradh.
Tugadh le fios go ndearnadh infheistíocht €5 milliún i ndíonta de chuid an Údaráis in 2025 “ní hamháin chun cosaint a sholáthar in aghaidh stoirmeacha ach chun inbhuanaitheacht a fheabhsú freisin”.
“Tá plé leanúnach againn le heagrais forbartha pobail ábhartha sa nGaeltacht maidir le seirbhísí tacaíochta éigeandála a chur ar fáil i gcás stoirme, agus an plé chuige sin déanta leis an húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, ó tharla gur faoi na húdaráis seo atá bainistíocht móréigeandálacha, faoi threoir na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dúradh go bhfuil “muinín” ag Údarás na Gaeltachta go gcuirfidh na bearta atá curtha i bhfeidhm acu le bliain anuas lena “láidreacht i gcoinne stoirmeacha tromchúiseacha amach anseo”.
D’iarr Tuairisc ráiteas agus eolas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ón Roinn Iompair maidir leis na pleananna atá curtha i bhfeidhm nó ceaptha acu ó bhí an Stoirm Éowyn ann anuraidh, ach ní bhfuarthas freagra go fóill.
Ag an gcruinniú poiblí a reáchtáladh in Indreabhán an t-earrach seo caite, dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar John Connolly gur cheart don rialtas “athbhreithniú agus fiosrúchán poiblí” a dhéanamh faoin gcaoi a ndeachthas i ngleic leis an stoirm mhór a d’fhág fíor-dhrochbhail ar an tír.
Dúirt sé go raibh “ceisteanna le freagairt” ag Met Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe, an Bord Soláthair Leictreachais, agus ag an gcomhlacht cumarsáide Eir.
Moladh ag an gcruinniú céanna go n-aithneofaí láithreacha a d’fhéadfadh feidhmiú mar “mhoil” agus go bhfeisteofaí na hionaid sin le gineadóirí agus le trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le cócaráil, níochán agus fearais leictreacha a luchtú. Moladh go mbreathnófaí isteach i gcórais chumarsáide dála Starlink nach gclisfeadh de bharr stoirme agus go socrófaí teagmhálaí speisialta san ESB, in Uisce Éireann, agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheadh in ann a bheith ag plé leis an bpobal.
Donncha O hEallaithe
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag fanacht ar “threoir” ón Roinn Comhshaoil le sula ndéanfar aon cheo le bheith réidh don chéad Éowyn eile??!!!???
Shílfeá go mbeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe in ann gníomhú as a stuaim féin agus cúpla mol a shocrú, le gineadóirí agus daoine traenáilte len iad a usáid, anseo is ansiúd, gan a bheith ag fanacht ag fanacht ar ‘treoir’ ó Bhleá Cliath!