Marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí Ardteiste a dhéanann tograí measúnaithe breise i nGaeilge

Faoin athfhorbairt atá ar bun ar an Ardteist, tá gné mheasúnaithe breise le tabhairt isteach do gach ábhar, a mbeidh ar a laghad 40% de na marcanna ag dul dó

Marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí Ardteiste a dhéanann tograí measúnaithe breise i nGaeilge

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais go mbeidh marcanna bónais ar fáil do dhaltaí Ardteiste a thugann faoi thograí measúnaithe breise agus obair chúrsa i nGaeilge.

Faoi chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, tá comhpháirt measúnaithe breise le tabhairt isteach do gach ábhar a mbeidh ar a laghad 40% de na marcanna ag dul dó.

Faoi láthair, bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúduithe scríofa na hArdteiste i nGaeilge ach dheimhnigh an Roinn i gciorclán chuig iarbhunscoileanna an tseachtain seo go mbeidh na marcanna bónais ar fáil do gach cuid de na scrúduithe Stáit, an measúnú breise san áireamh, ó 2027 ar aghaidh.

Déanfar na socruithe seo a chur i bhfeidhm do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ó 2028 ar aghaidh.

“Trí na marcanna bónais a leathnú, aithnítear an luach a bhaineann leis an gcomhpháirt measúnaithe breise agus a comhtháthú beartaithe isteach sa teagasc agus san fhoghlaim a fhaigheann scoláirí, agus cuirtear leis an gcuspóir seanbhunaithe atá ann úsáid na Gaeilge ag gach foghlaimeoir i ngach scoil a spreagadh,” a deirtear sa gciorclán.

Tá athbhreithniú le déanamh ar ábhair uile an churaclaim agus tá Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic agus Gnó i measc na n-ábhar Ardteiste a bhfuil uasdátú déanta ar a gcuraclam don scoilbhliain 2025-26 agus comhpháirt measúnaithe breise le déanamh ag daltaí.

Bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúdú na hArdteiste i nGaeilge in ábhair seachas Gaeilge agus Béarla. Má fhaigheann dalta níos lú ná 75% de líon iomlán na marcanna atá ar fáil in ábhar ar nós Stair nó Tíreolaíocht, bronntar ar an dalta marcanna breise ar fiú 10% iad de na marcanna a fuair sé.  Laghdaíonn an bónas ó 75% suas.

Marcanna bónais ar fiú 5% iad atá i gceist le hábhair eile, amhail an Mhatamaitic agus an Chuntasaíocht, ina bhfuil béim níos mó ar fhigiúirí.

Fág freagra ar 'Marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí Ardteiste a dhéanann tograí measúnaithe breise i nGaeilge'

  • Liam

    Cad faoi na scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc na n-ábhar seo as Béarla? An ngearrfar píonós ar phríomhoidí mar go gcaillfidh daltaí amach ar na pointí bónais? Príomhoidí atá ag brú an Bhéarla ar phobail Gaeltachta agus ag earcú Béarlóirí! Polasaí don Oideachas Gaeltachta?!